Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 14

Do smúain Finn comairle annsin .i. Ére d'fágbáil ar egla na fáistine dorinne in Crónánach dó ; úair dogab uaman & imegla é fa ár do thabairt ar in féin nó fá bás d'fagbáil dó féin isin bliadain-sin, & is í comairli ro chinn, Éri d'fágbáil ocus dul tar muir soir do
5] chaithim a fíanaighechta10 (úair nír lugha a ríghi thoir ná abus), gumad síaiti úadha cend na bliadna-sin & na fástine dorinnedh dó. & ro innis sim in comairli-sin d'Oéngus in Brogha & do maithib a muintire ocus don féin uili fa dul tar muir soir & atbert in láeid:

    1. Tíagam tar muir medraig moill,
      a fían Finn a Teamraig truimm,
      10] mina faghar cabair ndaith
      sgarfat re Érinn mbithmaith.
    2. Do Lúaighni atá i ndán in tres,
      ní gním úailli acht adhbur fras,
      mina fagur cabair ndeis
      sgarfat rem féin féin abuss.
    3. Ticfa Óengus mac in Óg
      dar cabair ar chairdes ngg,
      dola don Brugh is é is réidh
      re ndul ar in turus téig.
    4. Tíagam.