Tánic Finn ósna fertaib sin & atbert in láidh ann:
- Lecht Fir thaichim sunn amne
dorat brón for sochaide,
ba sgél adhbal, fa gním guirt,
arna marbad don mórmuic.- In muc ro marb Fer taichim
ro marb mórán dar maithib,
nogo torchair lé hOsgur,
fá selg láeich, fa lúathchosgur.- 30] Ro marb tríar eile dar slúag
in torc rúanata rorúad:
Dáelgus, Díangus, Lugaid balc,
éirgid is claidid a lecht!- Atrochair le hOsgur ard
in torc rúanata rogharg,
dó nochur dam cóir ná cert
co fuil ós móin a tiughlecht.Lecht.