Ro fás ceist mór ag Finn don ghním-sin, coraibe a fat ina thocht
15]
gan digh, gan bíadh, gan urgairdiugud menman. A rígféinnid,
ar Máillén mac Midhna, ná cuired hi socht ná i mbrón tusa in dís úd
do marbad a chéile, úair mór ndeghláech do marbad ara dosealbaib
roimi sút ríam. Is olc lim-sa in dís út, ar Find, & ní da marbad
fén fásus ceist acum, acht inní da fuil a marbad. Ocus tabraid in corn
20]
cucom-sa, ar Finn, ocus tucad in corn 'chum Finn. Ocus adubairt
Finn: In fetabuir-si, a óga, ar sé, cía thug in corn-sa dam-sa nó
cáit a fúarus hé? Ní fetamar, a rígféinnidh, ar síat. Do fetur-sa,
ar Finn.