Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 2

Dosuidhighedh ocus dosrethnaigedh in tsealg leó fo feadhuibh &
10] fo fásaigib & fo fánglenntuiph na ferann ba coimnesa dóip & fo muighib réidhe roáilli ocus fo chailltib clithardlúithe ocus fó dhoiredhuib dosleathna dímóra. Ocus dochúaid gach duine fo leth d' fíanaib h-Érenn 1 ina dumha sealga & ina láthair licthe & ina berna báegail mar no2 gnáthaighdís cosgur gacha sealga do chur roimi sin. Ocus nírb
15] inonn dóip in lá-sin & gach lái ele, oir do ceiled in selg-sin orra, co nách fúaratur mucc ná míl ná brecc ná brocc ná dam ná eilit ná mang ná ógláegh allaid asa ndergfad nech díb a láim in lá-sin. Ocus tucsat as in oidhchi-sin co himsnímach aithmélach, ocus do éirgedur isin maidin mochsoluiss arnamárach & do srethnuiged sealg leó fan Sinainn
20] sribúaine & fan Eachtge aird adhfúair ocus fa seanmagh nAghar maic Úmóir & do ceiled conách sealga in lá-sin orra amail do ceiled in cét