Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Appendix 1


p.61

H. 3. 18 p. 196

Fic .d. Cannain ann so sís.

{MS page 196a}Sealg trom-thoirrtech tochtach turcartach do comórad la Finn mac Cumaill maic Trénmóir & la fiannaib glan-áille Gaeidhal ó Temhair Éirne aneas & is ann do suideadh in tselg sin, ar Sléibh uraíbhinn Echtgi theas do Sinaind; & do suiged in tselg sin leó ima caillib biledha bárr-glasa & ima deribh dlúithi dímóra & ma sleibtib forruadha fairsinga na ferann & ma cnocaib corracha cenn-ruadha na crích a comfogus; & do innsuidh gach taísech fénne don féin a inadh urcuarta & a baegal berna laitir lici mur do clechtdus a cosgur gach lae, & do hoslaigedh dá ngadraaibh sporacha crobacha crom-cluasacha (?) fán caill ba comnusa dóibh, gur dúisgedur fiadha foluaimnecha fuaisgrecha & muca lúb-fiaclacha lán- móra & míla gramasacha Muidhe Sinna celgacha corr-cluasacha caib-liatha fuaradur a fásaidibh & a foglenntib Érenn. Is ann sin do ligedur seastun sl— bruidhen na selga go comtrom fán caill, [196b] gur ruaigedur fiada ar ferannaib & míla ar mullibh & sinnaig ar seachrán (?) & lai ar luaigrem & eóin ar eitil, & do ligedur a cona fergacha fír-luatha ar a fiadach go feramhai ag na fianaib in lá sin. Acht aen-ní cena, ba cenn-trom laích & ba cenn-derg con &


p.62

ba cenn-trom gillai fós ba comaidh fianna Érenn in lá sin ar sgur na selga saethraide srathleicthi sodhánaide sin; & ní roibe a farradh Find ina inadh tselga in lá sin acht ma Dirring mac Dodhair amáin. Agus adubairt Find frius: Coimét mé gu maith, a Dirring, & déna m[rsquo ]aire & m[rsquo ] forcomét gu maith, uair is moch d[rsquo ]éirgius aniugh & ba maith mochor (= moch-oirgech?) in tí do bí ann sin .i. in uair doberedh aithne ar sgáilib a cheithre mér eter é & lés & an uair doberedh aithne ar duillib na habla sech duillib in cuill.

Cid trá acht, do tuit a suan trom-codlata ar in ríg-fénne & is é fad do bí [rsquo ]na codlad, ó árd-tráth nóna go ndechaid in grian cum suangairi ...