Iomthúsa Oisín mic Find, innistur sunn
1870]
seal eile. Leanus féin & clanna Baoiscne Fionn co teach Conáin & ní fhuaradur ann acht daoiscirshluagh in dúnaidh, & do innisidur scéala Fhind & Conáin & Tuath D. D. d'Oisín & don fhéin. Arna chlos sin imorro d'Oisín & do chlannaibh Baoiscne, gluaisit
1875]
rompu ina mbuidhnibh borba barbartha buan-óglacha & ina ccuradhaibh calma comhchóridhe & ina gceithearnaib cliste crand-ruadha go rabhadur ag dol a láthair chatha. Iomthúsa Tuath D. D., ódchoncadur Oisín & clanna Baoiscne chucu & a
1880]
mbratacha maiseacha maoith-sróil re cranduibh na sleagh sioth-fhada sár-reamur & a sciatha dualacha dath-áille deagh-mhaiseacha ar leath-lámhuibh cur
aidh & cathmhíleadh & a ccindbearta solusda dath-órrdha ar cheanduibh triath & tréanfear, do ghabadur
1885]
in fé fía umpu & do ghabhadur maidhm & mór-
theitheadh chucu ionnus nár léar don fhéin iat is nach fhios acú cár gabhadur uathaibh; {MS page 54} & nír leig Fionn dóibh a leanamhuin as a mball amach.
Is ann sin do thuit Fionn a ttaisibh & a ttámhnélluibh
Agus do hiomchradh Fionn & Conán dá ndúnaibh & dá ndeadh-bhailtibh féin & tucadh leagha na
1905]
féine cucu & do uhádur caoicís ar mhíos dá leighios; & ar n-éirge dhóibh, do uhádur ag éagaoine a muintire; & as gairat gurab amhlaidh sin do scar Fionn & fiana Éireann re bruighin Conáin.