Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 33

Ciodh trá acht, do éirghe Goll ina cholamhain lasamhain & ina bhuinne teintighe & ina dham dhásachtach & na deich céad do bhí don
1820] fhéin
maille fris; & do éirghe Conann & sé céad laoch


p.55

maille fris; & ro gabhadur a sciatha móra mílita dath-niamhdha ar dromanuibh deagh-laoch & ro gabhadur a sleagh slinn-géara sith-righne sith-fhoda re guaillaibh na gasraidhe & ro gabhadur a ccloidhme
1825] tana taithneamhacha faobur-géara dias-fhoda for thaobhuibh curadh & cath-mhíleadh, & dorinnedur léiphion dhlúith daingeann doscaoilte dá sciathaibh ina ttimchioll; & rucadur in cathréim curadh coscrach comhchalma sin leó co ráncadur Tuatha D. D.
1830] Is ann sin tucadur in dá shochraidi dhiana dásachtacha dofreastail sin a n-aghaidh ar a cheile & fá hadhbail re innisin an torann tucsat dá chéile ann sin ag cur a ccraoiseach cró-fairsing catha a sciathaibh a chéile & ag búaladh a ccolg tuinidhe lán-trom ar
1835] chorpaibh & ar cathbharthachuibh & ar sciathaibh a chéile & coigedal na lann bhfada bhfiorga dá mbualadh a n-aghaidh a chéle.

Cidh trá acht, ód' chonairc Goll an cró catha dorionsat Tuatha D. D. a ttimchioll Find & Caoilte,
1840] do ionnsaigh féin go laochdha láidir lán-chalma in láthair sin; & as í uair & aimsir fá raibhe Fionn dá chlaoi ansa ccomhlann, & dobeireadh Fiondbar dhá buille fán mbuille & dá sháthadh fán tsháthadh d'Fhionn; & ar ndol do Gholl do láthair, do chuaidh
1845] eidir Fionnbar & Fionn; & nír chobhair gan fheidm d'Fionn an chophair sin tuc Goll dó an úair sin, óir nírbh fada dó bheith 'na bheathaidh muna mbadh Goll. {MS page 53} Is ann sin tharla Fionn & Eochaidh mac Luighdheach dá chéile 'sa chath & do thuarcnedur
1850] a chéile co tréanmhar tinnasneach & co grod gábhtach gráineamail & co mear mearrdha míchéilidh, go ttuc Fionn béim cloidhimh d'Eochaidh gur sgar a cheann rena cholainn. Agus adorchuir Eochaidh Dearg re Dolbhscoine mac Oisín, & attorchuir Aodh Eassa
1855] Ruaidh le Garadh Glúndub, & attorchuir in dá Dhonn


p.56

le Mac Reithe & le Dáire, & attorchuir na trí Cuinn le Conán mac Mórna, & attourchuir in dá Cairpri le Conán & le Cairpri mac Conáin, & attorchuir Fáilfeadha mac Domhnaill Deirg le Dubchosach
1860] mac Méine. Ciodh trá acht, ní héidir gníomhartha gacha fir fá leith d'innisin 'sa chath. Gidh eadh, is bec má tucadh a nÉirinn ariamh uiread catha (& gan mórán toichiostail do dhéanamh cuige) is fearr tucadh iná in cath sin; uair do chuadur
1865] fiana Éireann deich céad ann & Tuatha D. D. sé céad déag & Conán sé céad, & ní dheachaidh dhíobh sin uile acht madh aon chéad cruaidh & íad cneadhach easbadhach cró-linteach.