Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 32

Is ann sin do iadhadur Tuatha D. D.
1785] iomut curadh & cath-mhíle a ttimchioll Fhinn & Caoilte, gur chuir Fionn & Caoilte a dhá ndroim re chéle dá ccumhdach féin; gur luidh iomarcaidh na ccuradh & na ccath-mhíleadh orra fá deireadh, gur ghéis sciath Fhinn & co ttuc Fionn féin osnadh


p.54


1790] éagoimhlinn ós aird, co gcuala Goll sin, & as eadh adubairt: ‘Is truagh sin’ ar sé; ‘do ghoididur Tuatha D. D. Fionn uaim gan fhios damh, & as é a osnadh éagoimhlinn sin do chluinim & é 'gá
1795] mharbadh ag Tuathaibh D. D., & go rabhadur sé céad déag armtha éidighthe ar in tshlighi romhuinn & is iad do chuir an ealta-sa & guib theineadh orro chugainn da ar ndógh & dar loscadh ar tí faill d'fagháil ar Fhiond; & gabaidh bur n-arma, a chlanna Mórna, óir is bec atá don fhéin annso aniudh
1800] acht sibh; & ná fionnuim bur bhfhuruaacht 11 ná bur miscuis a ttimchioll Fhind aniu; & cathaidhe co calma láidir ré Thuathaibh D. D. a ttimchioll Fhinn má tá a ndán díbh tuitim ann’; & dorinne an láoi:
    1. 1805] Gabaidh bur n-arma, a fhiana Find,
      ionsuigh an t-ágh gan éislinn,
      fearuidh an cath, clú nach gann,
      a n-aghaidh Tuath Dé Danann.
    2. {MS page 52} Sé céad déag dóibh isin muigh,
      1810] deich céad dhúinni 'san mbruighin;
      gidh deich deich céad beithdis ann,
      dhúinne ní badh hanforlann.
    3. Éirghidh dhúinn chum an chatha,
      a chlann-macne an árd-flatha;
      1815] 12déantur gníomha tréana libh,
      bur n-arma géara gabaidh.

      Gabaidh.