1760] Iomthúsa Tuath D. D., ar mbreith Find uathaibh don uhaineachlaigh ón dúnadh, do leigidur ealta d'énuibh dubha fón dúnadh & guib theineadh forro, gur luigheadur ar ochtaibh & ar urbruindaibh ban & fear, co rabhadur 'gá ndóth & dá loscadh &
1765]
'gá leadradh, gur theitheadur mná & mionn-dáoine an dúnaidh as amach & gur {MS page 51} theith bean Chonáin mur gach nduine .i.
Caoineach ,
& gur báitheadh í 'san aphuin leath thíos don tigh, gurab
Eas Caoineach
ainm na haphan ó sin a leith; & ar leigion
1770]
na healtan uathaibh do Thuathaibh D. D. cum an dúnaidh do loscadh & do dhógh a raibhe ann, do leigidur féin 'na ngaisibh gáibhteacha gér-luatha glan-reatha iat ón dúnadh & in fé fía umpa a ndiaigh Find & Chaoilte & na bain-eachlaighe; & ní mór
1775]
an fosadh dorinne Fionn & Caoilte ag leigion a n-anála an uair do choncadur Tuatha D. D. cucu ina mbróin armtha éidighthe innilti & do chuiredur in fé fía dhíobh. Is ann sin do laphair Caoilte & as eadh adubhairt: A rí fhéine ar sé, tarla ar lár ar
1780]
námhat sinn; & déanam calmacht & ná fionntar ar mí-laoichacht. Ní fionnfaidhtear ar Fionn, & nír fionnadh ariamh, & ní furáil dúinn; is fada furtacht uainn.