Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 30
Iomthúsa Tuath D. D. imorro, do chuireadur an
fé fia umpadh féin ar ghléss nach bhfaicfidhi
1715] iad
& do ghluaisidur rompu 'na sé ceadaibh déag armtha éidighthe inilti sin, & ní scur nó anadh dorón adh leó co rángadur faichthe dúnaidh & dheagh-bhaile Conáin ina n-éan-bróin dhorcha doiléir draoidhachta, gan robadh gan rathughadh; & ar fhosughadh
1720]
dhóibh ar in bhfaichthe adubhradur gur bec an tarbha dhóibh theacht ann sin & neart láimhe Goill
p.52
ina n-aghaidh ag anacul Find forra. Is ann sin do labhair bain-eachlach Fhindbar .i.
Eithne bain-eachlach
& adubairt: Cealgfad-sa {MS page 50}10 Fiond
1725]
chugaibh as in mbruighin amach gan mhothughadh d'áonn-duine dhá bfuil inte & déanaidh féin meisneach fair. Agus is cuma ro uhoí dhá rádha & do gluais roimpe chum an dúnaidh & do chuaidh ós comhair Find don taobh amuidh & do fhiafraigh co
1730]
hárd: Cia atá 'sa dúnadh so thall? ar sise. Atáim-se ar Fionn ann, 'gá freagra; uair do chuir sí tré draoidhachta buidhre ar a raibhe astigh nach gcuala aonn-duine í acht Fionn. Más eadh ar in uain-eachlach, geassa nach fuilngit
1735]
fíor-laoich fort muna ttí tú do labhra friom-sa amach as an mbruighin. Arna chloss sin d'Fionn, do ghlac a arm & táinic amach ar in bhfaichthe, & nír airigh duine dá raibhe astigh é acht Caoilte 'na aonur & do lean sé Fionn amach; & fuaradur an
1740]
bhain-eachlach ar a gcionn amuidh & as eadh adubairt friu: Geassa nach fuilngit fíor-laoich ort, a Fhind & a Chaoilte, muna ndéana sibh coimhling friom-sa. Cá fhada an coimhling? ar Fionn. Ó Dhoire Dhá Thorc anoir ar in uain-eachlach.
1745]
Do gluaisidur, gérbh fada sin uadha, & co hÁth Leathan, & do chuaidh Fionn rimpi ann sin & do bhí Caoilte 'na dhiaigh, & déachus Fionn 'na dhiaigh & do chonairc Caoilte 'na diaigh & do greis é & adubairt gur mór an náire dhó a bheith a ndiaigh na bain-eachlaighe
1750]
& in tuaruscbáil reatha do bhí air ag fearuibh Érenn. Ar cclos greasacht Fhinn do Chaoilte, tuc teanda air & do chuaidh rimpi ag dol dóib co
Doire an tshean-leóin ,
& tillis fria & tuc buille ina hucht dhí & do mharbh í & do bhain a ceand dí. Do
1755]
chuala Fionn tairm in bhuille & féachus 'na dhiaigh & do chonairc í gan ceand. Beannacht ar in láimh
p.53
sin; cidh mór buille maith tucuis ariamh, ní thucuis ariamh buille is fearr liom do thabairt dhuit iná in buille sin.