Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 29
Iomthúsa na féine imorro, tángadur 'sa
1675]
tshlighi a ndiaigh na bain-eachlaighe mur do ghealladur, & is bec do uhí a bhfarradh Fhind ionsna deich céadaibh sin do uhí 'na fharradh uile acht Goll & Clanna Morna uile, lamuidh d'Fhionn féin & do Chaoilte & do Mac Reithe & d'Eochaidh mac
1680]
Luighdheach ó Loch Léin & {MS page 47} do Dhoilbhscoinde mac Oisín
do uhí ina mhacaomh óg anarrsaidh
éagciallaidhe. Tarla ann sin caoinius coimhráidh eidir Fionn & Goll, & as eadh adubairt Fionn: Ní dheachus ar banuis nó ar cuireadh ariamh fár mhó
1685] mh'eagla iná so. Cad uime sin? ar Goll. Ar eagla Tuath D. D. ar Fionn, úair atá a bhfiodhair & a bhfáistine dhóibh ionnsaighe bruighne do thaphairt
p.51
orum-sa & urmór mo muintire do mharbadh, & ní dócha liom úair dá ttiocfaidh an tairngire sin asteach
1690]
iná anois. Gabhuim-si orum h'anacul ar Thuathaibh D. D. ar Goll an fad bhíos tú a ttigh Conáin. Agus tucadur cucu Mac Reithe & do uhádur ag iarraidh fáistine air; & nír maith le Mac Reithe fáistine d'iarraidh air acht gé do bhí sí aige,
1695]
uair dob eagail leis dá n-inniseadh dhóibh gach olc dá raibhe a ndán dóibh, co ccuirfidhe mur ghealtacht nó mur mí-laochacht air é; & adhbhur ele, mur do uhí mionna ar Fhionn fána theacht do dhéanamh na bainnsi sin inghine Conáin & nach ccuirfeadh
1700]
sé féin rena fáistine tríd mhionnuibh é; & ar gach adhbur dhíobh sin ní dearna fáistine dhóibh. Agus do ghluaisidur rompu co teach Conáin; & do éirghe Conán & a mhuintir & a bhainchéile & a ingheanampersir; do fearadur fíor-chaoin fáilte riú uile, & do chuadur
1705]
don dúnadh & do heagradh na sluaigh uile 'san dúnadh álainn deagh-maiseach sin Conáin .i. do cuireadh Fionn a leath-ursainn in tighe & do cuireadh Findearb inghean Conáin ar ghualainn dó & Goll ar ghualainn eile dó, & do cuireadh gach duine ina ionadh cinti
1710]
coimhaoisi ó sin amach do réir a n-uaisle & a n-athardhacht; & do uhídur ag aoibhnius & ag urgáirdiughadh meanman & aigeanta.