Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 28


1645] Do gheall Conán banais a inghine do déanamh & ar bruach Locha Derdeirgertaigh do ghabhadur fos-longphort. As í sin uair & aimsir ráinic do Conán bainuis d'ullmughadh & do chuir a bhain-eachlach .i. Duibhtireach co Teamhair
1650] Luachhra mur a raibhe Fiond & maithe na féine dá rádh riú theacht do dhéanamh na bainnsi & a briathur do chomhall. Adubhairt Fionn co gcoimheóladh a gheallamhuin do Conán & co rachadh do


p.50

dhéanamh na bainnsi & do chaitheamh na fleidhe
1655] gan fuireach, & adubhairt ré Duibhthirigh glúasacht roimhe 9'sa tshlighe & co leanfadh féin gan mhailis í. Do imidh an bhain-eachlach roimpi & as í slighi do ghabh sí láimh re Loch nDergertaigh; & do choncadur Tuatha D.D. uathaibh í & táinic drong
1660] mór acú 'na cuinne ann sin a ttiomchioll Fháilfeadha Bhic mic Find, & do fhiafraigdur dí cá raibhe sí. Adubairt sisi co raibh sí a tTeamhair Lúachra mur a raibhe Fiond & maithe fhian Éireann 'na fharradh. ‘Cá líon atáid ann sin?’ ar Fáilfeadha. ‘Atáid
1665] deich céad ann’ ar in bhain-eachlach. ‘Cá conair nó slighi ina ngéabhuid?’ ar Fálfeadha. ‘Go teach Conáin’ ar in bhain-eachlach. Arna chlos sin d'Fálfeadha, do nocht a lann & tuc buille don bhain-eachlaigh fá chaol a droma, co ndearna dá
1670] n-ordain dí, & do thairing í 'san abhainn bhí rena thaobh ar eagla go bhfaicfeadh Fionn nó fiana Eireann í ar in tshlighe; gurab Dubhthireach ainm na habann ó sin i leith.