Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 27
Do imidh Fionn roimhe co longphort na
1600]
féine. Is ann sin do laphair Bran Bec ó Buadhachán
& adubairt: A Finn ar sé, atá fleadh urlamh ionchaithfe agum dhuit a nAlmain, & tair féin & maithe na feine dá caitheamh. Rachat ar Fionn. Do gluaisidur rompu co teach Brain & do heagradh
1605]
an teach álainn óla acú, co raphadur {MS page 45} co subhach
suilbhir deagh-chomhráiteach; & nír chian dóibh amhlaidh sin an tan itchoncadur Carpri Lifeachair mac Cormaic chucu don uhaile. Ní tarla sin dúinn ar Fionn, uair is geis dúinn ar tteach
1610]
n-óla do sgaíleadh nó go rapham síothamail subhach,
& nírb furáil do mac rí Éreann gomad uime féin do suidheóchadh an teach n-óla ina mbeith sé Ní hamhlaidh doghéantur aguinn ar Oissín, acht leigtear don féin 'sa leith-si abhos & tucthar an leath
1615]
úd thall do mac rí Éireann. Is cóir sin ar Fionn,
& déantur é. Agus do uhí urscardadh an leath thall uile fá chomair mic rí Érenn. Agus do uhí dias óglaoch do Tuathaibh Dé Danann astigh & do gabhadur chucu co mór & co aingithe a ttógbháil as
p.49
1620]
an leith thall ar in urscardadh sin, & is mó do ghabadur cucu sin ná do ghabh an mhéid do uhí ann do chlannuib aithreach maith ó sin amach; & is iat in días sin féin .i.
Fálfeadha Bec mac Find & Fálfeadha Mór mac Domhnaill Deirg;
& is eadh adubradur an días
1625]
sin: Is cugainne uile dorineadh in t-urscardadh úd ar tí oil & athuis & masla do thaphairt dhúinn & ar in treibh dá bhfuilmid uile; acht gidh eadh, atá a mháthur-san díoph. Is urus sin aithne ar Fálfeadha Mór, óir is mór in tár & in tarcuisne tuc
1630]
Fionn aréir ar Thuathibh Dé Danann .i. an bhean do naisceadh don dara fear nó don treas fear is fearr atá beó do Thuathaibh D. D., a bheith aige féin aréir d'aimhdheóin a hathur & a máthur re olca re Thuathaibh D. D. Agus do imgedur an dias sin
1635]
rompu arna bhárach
co Síth Fionbhar Mheadha Siuil
& do innsidur dó gach ní dá ndearna Fionn & mur do thuc inghean Chonáin & mur do gheall fá chionn míosa dol do dhéanamh baindsi. Arna chlos sin d'Fionnuar, do ghlac doith aingidhachta & éada é
1640]
& chuir fios & teachta úadha do thionól & do thiomsiughadh Tuath D. D. ar gach leith; & do freagradur é co héscaidh as gach {MS page 46} aird a rabhadur co bádach (priaitheamail), co rabhadur sé céad déag do ghlére glan-tsluaigh fá chionn na míosa sin.