Is annsin adubairt Fionn: Déantur leaba dhúinn, uair is lór a fhad atá tú ag leanmhuin ag fiafruighe scéala díom; óir do innsius mórán d'iongantuibh & d'imteachtuibh & do scéalaibh
1555]
fhian Éireann duit, a Channáin, & atá deireadh oidhche ann anois ar Fionn, & is mithe dhúinn codhladh. Is fíor sin ar Conán, & is cóir a dhéanamh. Is ann sin do cóirigheadh leaba d'Fionn & do cuireadh
Findearbh Fhindchiabach inghean
1560]
Conáin faris an oidhche sin; & ar ccodhladh d'Fhionn, do chonairc aisling huathbhásach & biodhgustair fó trí as a chodhladh, gur éirghe comhárd ré húathnibh na leaptha ón ccliseadh tuc air. A rí-féindidh ar Findearbh, créad do choncais asar chlisis mur sin?
1565]
Aisling itchonairc mé ar Fiond, mur do bhídis Tuatha Dé Danann ag loscadh na bruighne-si orum & ag marbadh na féine am' thimchioll. Nárab duit-si ná don fhéin bhías donus ná nimh na haislinge sin[excl ] ar in inghean.