Is iatt sin fuaslacadh na cceist do chuiris orum, a Chonáin, ar Fionn. Beir buaidh & beannachtain, a ri-fhéindidh, ar Conann, ní cualamur ceol ariamh bud binde iná fogur do bheóil; & abair
1520]
riom anois caidhé na
trí hiomruisg is doilge leat
dorinnis ariamh. Inneósat-sa sin ar Fionn. Aon do ló do bhádhus ag seilg muici .i. Brothur bán troimlíne a hainm do shunradh, & do dúisgceadh an mhuc sin linn & tánic sí seacham-sa; & mur do
1525]
uhádur na laoich & na coin 'na leanmhuin, do chuirius méar a súaithnimh {MS page 43} na sleighi sith-fhada do uhí a n-aice an scéith agum & tugus ro-urchur di chum na muici; &
tarla an sleagh nimhe a ttaoiseach féine maith dom' mhuinntir gur mharbhus é .i.
1530]
Miodhbuilg mac Luachair, &
uadh hainmnighter Miodhbuilg ag Coir Comhraidh aniudh.
Agus rucus ar in tsleigh an dara feacht & tucus urchur eile cum na muice, & tarla an tsleagh a ttaíseach eile dom' mhuintir,
eadhón Eadarsa mac Maín,
& ní ruc a anam
1535]
co lár leis; & tucus an treas urchur don tsleigh cum na muice & do chuirius an tshleagh i ttaoiseach maith eile dom' mhuintir .i.
Iomus mac Luachair , & do marbhus é, & uadh goirtear Sliaph Iomuis iniudh; & do scuirios do theilgion na sleighi annsin, uair
1540]
tucus aithne gur mór dom' aimhleas dorinnus risna hurchuraibh sin; óir dob annamh liom urchur a n-imroll do tabhairt ariamh gonuige sin. Do claoidheadh fearta na ttrí laoch sin aguinne & do tógbadh a líag ós a leachta & do fearadh a ccluithe
1545] caointe. Agus is iat sin na trí himreasna is doilge liom dorinnus ariamh, a Channainn, ar Fionn. Rod fia buaidh & beannachtain, a rí-fhéinidh, ar Conán. Is ro-mór in céol & in t-athgearradh aimsire dhúinn a bheith ag éistacht red' chaoin-
1550]
chomhrádh.