Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 23
Eadh eile dom eadhuibh-si, fothragadh dabhcha Coirill, uair is brón báis dam an bliadhain nach déanaim é. Eadh eile dom' edhuibh .i. fleadh doní Bláthnat inghean D eirg Díanscothaigh .i.
1480]
mo leandán ban-tsíoghaidhe, uair as í coiphche do iarr orum-sa, dol dá caitheamh gacha bliadhna. {MS page 42} Eadh eile dom' eadhaibh-si, an t-urchur do naisc Damhnad inghean Raighne Réil orum-sa ar son a coiphehe .i. mo shleagh diupraicthe do
p.45
1485]
theilgion a Mhullach Rátha go Bealach Iolata, & ní taphair aon-duine a nÉirinn an t-urchur sin acht misi amháin, & in bhliadhain nach ttiubraind é co bhfuighinn éag nó oigheadh an bliadhain sin. Eadh ele dom' edhuibh .i. fleadh doní mo mháthair
1490]
dhamh & do gach duine uhíos am' fharradh, & gach neach dá ccaitheann í, ní fhaghann brón bec nó mór in bliadhain sin. Agus eadh ele dom' eadhuibh-si .i. muc do mucaibh
Slángha
do mharbadh acht co ccoimhioltur a geassa dí; & geis dí éirge dá leapaidh
1495]
riana guin. Is geis dí scréachadh arna goin; & is geis dí an duine goinfeas í muna ttuca féin do láthair in fholachta í; & is geis dí an gaoth a ttuaith 'gá dógh; & geis dí dorus dochum a mbearthar hí d'fhagáil dúinte ar a haighidh; & geis dí duine eile
1500]
dá roind acht an tí ghonus hí; & geis dí aonn-duine dá mbia a n-aon-toigh nó a n-aon-uhaile fría do dearmad 'na tiomchioll. Agus dorinne Fiond an laoi:
- Fuilit eadha dom' chaphair
1505] aincios mé ar urbadhaibh;
gach áon dhá ccaitheann ar feis
slán go ceand mbliadhna ar aincis.
- Comrith re lon Leithreach Néid
doním d'Aoife, dáil gan bréig,
1510] nó go rom sáruighe in lon
nó co tteagar rem' shaogul.
- Aon-mhuc do mucaibh Slángha
gacha bliadhna, líth n-ágha,
is eadh dom' eadhaibh a bfad
1515] gan mheing gan mheabail fuilat.F.
p.46