Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 22

‘Agus eadh eile dom' eadhuibh-si: aon do ló dá rabhus-sa a Magh na Céidi theas, co bhfacaidh
1450] mé inghean álainn iolchrothach ann, & d'fhiafraighius


p.44

di créad tuc ina haonur í. ‘Ag iarraidh fir’ ar sí. Do fhiafraigh misi dhi cé hé an fear. Adubairt an inghean nach raibhe fear do sunradh aici, acht an fear dobhéaradh dí in choibhthe do bhí sí d'iarraidh.
1455] Agus do fhiafraigh misi créad í in choibhche sin. Adubairt an inghean: ‘Ní bfuil acht léim do tabhairt ar in gcloich úd am' fiadhnuise.’ Arna. chloss sin damh-sa, do leigios mh'airm ar lár & do lingas an léim gan fhuireach. ‘Ní mur sin is maith
1460] liom in léim do thaphairt’ ar in inghean, ‘acht in leagán cloichi úd is comhfad riot féin do chur ar do dhearnainn & in léim do thaphairt mur sin.’ Arna chlos sin damh-sa, do chuirius an leac ar mo dearnaind & tucus in léim amhlaidh sin; & is bec má dorinnus
1465] ariam gníomh ar thalmain badh doilghe liom do dhéanamh iná in léim sin do thaphairt. Agus do fhiafraighius don inghin cá hainm nó dúthchus dhí. ‘Éadaoin Sléibhi Caoin m'ainm-si’ ar sí, & do chuir misi fó gheasaibh fána dol léi dá hárus
1470] féin an oidhche sin; & do chuadhus léi & do uhí ar feis leaptha & déaruighthe agam an oidhche sin, & arna uhárach dúinn do chuir misi fó gheasaibh fán léim sin do thaphairt gacha bliadhna & in bliadhain nach ttiubhrainn é, éag nó oigheadh d' fhagáil
1475] an bliadhain sin.’