Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 21

‘As iad sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Conáin,’ ar Fionn. ‘Beir búaidh & beannachtain, a Find,’ ar Conán, ‘is mór in t-iontalas
1375] meanman & aigeanta dhúinn bheith ag éistacht friot. Agus abair friom, a rí-fhéinidh, caidhé na headha oeisi fuilit agad féin ar nach eagal leat bás d'fagháil nó co ccailtear iad; & anois innis damh caidhé ‘oídhacht Finn co teach Neóid.’’ ‘Inneósat-sa
1380] sin’ ar Fiond. ‘Aon do ló tharla misi am' aonar & mé am' giolla óg anarsaidh, & do chuadhus co


p.42

teach Neóid; & is amhlaidh do uhí Neóid: is tearc do bhí 'sa doman duine badh doichlighe ná é & co háirithe ní raibhe a nEirinn a gcoimaimsir ris féin
1385] duine badh doichlighe & do badh measa eineach iná é; & do ba mór a mhaoin & a chonách, uair do bhádur seacht ndoirse ar a dhúnadh & do uhádur seacht n-airghe fá chomhair gacha doruis díoph; & gér mór in conách sin, ní dheachaidh aon-duine
1390] ariamh buidheach nó sáitheach as a theach nó as a bhaile; & tánac-sa am' aonur don tigh, & ní raibhe do dhaoinibh ann acht Neóid & a bhean & a ingean .i. Aoife inghean Neóid; & ar ndol don tigh damh-sa, do shuidhios ar lár na bruighne. Is ann sin do
1395] laphair Neóid & as eadh adubairt: ‘Créad é adhphur in tshuidhe úd thall?’ ar sé. Adubhras-sa gurbh áil liom oídheacht na hoidhche sin d'fhagáil uadha-san. Adubhairt Neóid gur cosmhail {MS page 41bis>} nach ccuala misi scéala in tighe sin an tan do chuadhus
1400] ar oídhacht nó d'iarraidh bhídh ann, & gurab uime 'tucadh Neóid orum-sa .i. gurbh ainm don doithchioll neóid, & mur nach bfuil a nÉirinn duine is doithchlighi ná misi, is uime tucadh Neóid orum.’ ‘Adubhrus-sa ann sin’ ar Fionn, ‘gur chuma liom féin é bheith
1405] olc nó maith fá bhíadh & co ccaithfeadh sé oídhacht na hoidhche sin do thabairt damh dá dheóin nó dá aimhdheóin. Arna chlos sin do Neóid, do éirghe Neóid 'na sheasamh dom' chur-sa amach d'aimdheóin & do éirghe mise chuige-sion, & tucamur cuir ghleaca dá
1410] chéile; & gidh eadh, do leagadh Neóid a bhfiadhnusa a mná & a inghine & do chuirius ceangal daingean doth-scaoilte fair, & rucus a bhean liom isan leapaidh fá coimhneasa dhamh & dob áil liom luidhe fria. Do laphair Neóid ann sin & as eadh adubairt: ‘Ná mill
1415] mo bhean, a ghiolla,’ ar sé, ‘& dodhéan cumann & caradradh friot & dobh éar m'inghean do mnaoi

p.43

dhuit & is cneasta duit mur mnaoi í nó mo bhean-sa.’ Do thuicius-sa gurabh fíor sin & do leigios bean Neóid uaim & do scaoilius dhe féin; & do cheangail
1420] Neóid cumann & caradradh friom & tuc mo sháith bídh & dighe damh & tuc a inghean ar feis leaptha & déaruighthe an oidhche sin damh .i. Aoife inghean Neóid. Agus do éirghemur a mucha na maidne arna mhárach ar in bhfaithche amach, & do íar Aoife
1425] aiscidh mhaidhne orum-sa ann sin & do geallus-sa sin dí, & as í aiscidh do iarr orum, lon dá raibhe 'sa doire choilleadh lamuidh don uhaile a chur as a doire amach & coimhrith fris & a ghabháil & a thabairt beó dí féin. Agus do ghluais misi fón doire ann sin,
1430] & do dhúiscighius an lon & do reathus ris & do ghabhus é & tucus d'Aoife é; & arna thabairt dí, as eadh adubhairt: ‘Geassa nach fuilngit fíorlaoich ort, a Find,’ ar sí, ‘muna reathair risan lon-sa a gciond gacha bliadhna; & an bhliadhan rachus sé dhíot
1435] gan breith air, do bhás & h'oigheadh do theacht an bhliadhain sin.’ Do labhrus re Neóid ann sin & adubhrus ris ullmhughadh bainnsi {MS page 41ter}do dhéanam fám' chomhair & co ttiubhruinn féin urmór fhear nÉireann am' fharradh; & do freastladh co maith
1440] sinn. Acht aon-ní cheana: ódchonairc Neóid iomarcaidh na sluagh & iomarcaidh an bhídh & na dighe 'gá ttaphairt do chonuibh & do giollanradh, do bris an cochall doichill do uhí ina chroidhe & do scéith ar a bhél amach é; gurab é an treas duine nó an
1445] ceathramhadh duine dob fearr eineach do uhí ó sin amach a nÉirinn é. Agus sin eadh dom' eadhuibh-si, 8corrections not integrated in the following instances as in some cases there is no verb and/or tense agreement. a Conáin’ ar Fionn.