Beir buaidh & beannachtain, a rí-fhéinidh, ar Conán, is binne ná céol crot bheith ag éisteacht re bind-chomhrádh do bheóil; & ar grádh h'einigh innis damh anois, a rí-fhéinidh, cionnus fuarais an
1330]
fios forbhartach fíor-eólach atá agad; & ní hé fios an bradáin nó fios thoighe Cuanna atáim d'iarraidh ort. Inneósat-sa sin ar Fionn. Tiobraid atá ag Bec mac Buain & is do Thuathaibh Dé Danann an fear sin, & gach duine ibhus deoch eisdi, bídh fios
1335]
forbartach aige dá éis & budh fáidh é go bás re fírinne; & síad bhíos ag coimhéad na tiobraide sin .i. trí hingeana an Bheic .i. Céibhfionn &
Teacht & Arbach 7 & as í Céibfiond as sine dhíobh & as í dháilius an tiobraid ar gach duine cheandaighius hí; & dobeirthi trí
1340]
céad uinge do dearg-ór ar lán gach éan-eascra don tiobraid sin. Agus tarla misi aon do ló ag seilg na feadh-sa mur a raibhe iomat fiadhaigh, & tánac ar mhullach Cairn bhFearadhaigh & ní raibhe fariom annsin acht Díorraing mac Doghuir & Mac Reithe;
1345]
& ní cían do bhámur ann an tan do choncamur dorus an tshíodha osluicthe romhainn & do ionnsaighmur é gan fhuireach. Arna fhaicsin sin do trí hingeanaibh Bheic mic Buain, do éirghedur go hath-lamh do dhúnadh an doruis, & tugadur a lámha
1350]
uile a n-aoinfheacht do thaoiph astigh ag dúnadh
- 1360] Trí hingine Beic mic Buain,
is acu ibhid na sluaigh;
is uatha sin atá thall
fios dearbhtha Tuath Dé Danann.- Tobur atá thall 'sa lios
1365] is ann dogeibhthur gach fios;
is dearbh do gach aon ros blais
gurab í sin an tseaghais.- Gé do fuarus in t-eó fis,
neimhthní co ránac an tseaghais;
1370] as é in fios forburtach damh
ó ránac an triur inghean.