Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 19


1240] ‘Tángadur in fhian uile gacha taoibha díom-sa & do uhádur ag síor-leanmhain scéal orum; & do innisius dóibh fá deóigh gur mé féin Fionn; & nír chreididur mé & do mhaslaighdur mé co mór re teangaidh & do fhóbradur sleagh gacha fir do
1245] sháthadh ionnam. Is ann sin do éirgios am' sheasamh & do ghoirius Caoilte ar fód fó leith & do innisius mo scéala féin dó ó thús co deireadh, & do chreid Caoilte in sin gur misi Fiond, & do éirghe atharughadh dealba & crotha ar Caoilte ann sin re misi d'fhaicsin ionnsa
1250] riocht sin, & do innis sin don fhéin uile. Arna chlos sin don fhéin, do líonadur do thuirsi & do dhobrón & do leigedur trí gártha móra ós aird a ttiomchioll in locha; gurab de sin atá Loch nDoghra ar in loch sin & biaidh co bráth. Is ann sin dorinnedur an fhian
1255] eilitrom damh-sa do chaolach na coilleadh & do iomchradur mé co mullach an tshléibhe co síth


p.38

Cuillinn Cuailgne, & do thiomsidur seacht ccatha na gnáthfhéine cum an tsíodha & do uhádur trí lá & teóra hoidhche ag toghail & ag briseadh an tsíodha.
1260] A ccionn na trí lá sin táinic Cuillionn amach as in síth dar n-ionnsaighe & eascra álainn órdhuidhe ina láimh, & tuc am' láimh-si é & adubairt riom deoch d'ól as; & do ibhios deoch & ar n-ól na dighe damh, táinic mo dhath & mo chruth & mo neart féin ionnam
1265] ann sin, {MS page 39} & do imgedur na huile aimsiughthe & adhghaill dá raibhe orum acht in léithe amháin, óir do bhí mo leath-fholt mur airgead aon-gheal arna niamhadh do dheagh-cheard & do bhí mo leath-fholt eile mur ór-snáth arna niamh-ghlanadh; & do
1270] thairg Cuillion Cuailgne dhamh-sa ann sin co ccuirfeadh sé dath mo fhuilt féin ar mh'fholt-sa & urchra fair; & do rucus do roghain in dath tarla ar m'fholt a bheith air & a bheith gan urchra. Agus ar n-ól na dighe dhamh, tucus in courn i láimh Mic Reithe
1275] & do ibh deoch as; & in uair dob áil leis in corn do shíneadh a láimh an fhir ba neassa dhó, tuc an t-eascra cliseadh as a láimh ar in talmain, & do reathadur an fhían 'na dhiaigh & gér maith do reathadur ní rucadur fair, co ndeachaidh 'sa talmain 'na bfhiadhnuise;
1280] & ba mór dubrón & tuirsi fhian Éreann uime sin & nírbh iongnadh dhóibh, uair dá n-ibheadh in fhian uile deoch as, do bhíadh fios & fíor-eolus acu uile mur atá agum-sa & ag Mac Reithe. Agus ag sin duit-si, a Conáin, mur do líath misi ar tús.’ Agus
1285] adubairt Fionn an láoi ann:
    1. Miodhluachair is Aignae fhial,
      dhá bhan-draoi do bhí 'sa sliabh,
      do charsat mé cechtur dhe,
      dhá inghin Chuillinn Chuailgne.

    2. p.39

    3. 1290] Freitighus Aighnae fhial
      a dhol co bráth re fear líath
      's nach rachadh le fear dhá thoigh
      acht madh fear óg anarsaidh.
    4. Tionólus Miodhluathchair mhall
      1295] draoithe Tuatha Dé Danann
      nó gur dhealbhustair-sean trá
      an loch doilbhthe draoidheachta.
    5. Téid roimpe Miodhluathchair mhais
      gusin tTeamhraigh treathain-ghlais;
      1300] do chuaidh a riocht eilidi de
      inghean chaomh Chuillinn Chuailgne.
    6. Do leansum an fíadh luaimneach
      éattrom eirluath iomshuaimhneach,
      agus níor sguiremur de
      1305] co loch Síthe Cuilinn Cualgne.
    7. Aon-bhean ar brú in locha láin
      gan uamhan, gan iomurscáil
      do rat a gceist misi de
      fá dháltaibh na hingine.
    8. 1310] Créad do rad ann sin thú, a bhean,
      a inghean luachair láim-gheal?
      {MS page 40}Dhá fhail óir do bhí fóm' laimh
      do chuadur 'sa loch lind-bháin.
    9. Geassa ort-sa, a Fhind fhéil,
      1315] mun' ttucadh tusa in léim
      ar ceand m'uincceadh óir 'sa loch
      's a ttaphairt dham gan lán-locht.

    10. p.40

    11. Ann sin do lingus an léim,
      nocharbh é dob fearr dom' chéill;
      1320] an leath do lingus fón loch
      as eadh ro líath co lán-mhoch.
    12. As í sin an cheist iar bhfíor,
      a Channáin gusan gcaom-ghníomh,
      folt mo chind ro líath co mbladh
      1325] as eadh ro mhill (mad) liathadh6.