Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 18
Beir buaidh & beannachtain, a rí-fhéinidh ar Conán; is mór in t-urgáirdiughadh meanma & aigeanta dhúinn a bheith ag éisteacht read ' bind-briathraibh; & abair riom anois créad fár liath tú & h'óige, & créad
1140]
fá bfuil aoiphle aithise ar do ghnúis & neim naithreach ar do theanghaidh &
mosrughadh mairph ar do chloinn &
fuaire an umha
id' leathor, nó cá fad do bhí tú mur sin nó an bfuilir mur sin fós. Inneósat-sa sin ar Fionn. Aon
1145]
do ló dá raibhe misi & maithe fhian Éirionn a nAlmhain ag ól & ag aoibhnus, & tarla aimhsiughadh mór cugum ann .i. días ban do Tuathaibh Dé Dananntuc grádh damh-sa a n-aoinfheacht; & is amhlaidh tarla dhóibh a bheith 'na ndias ndeirbhseathur dhá
1150]
céile, {MS page 36} eadhón Miodhluachar & Aighne a n-anmanna, & tug an dara bean díobh freiteach nach rachadh sí le fear liáth co bráth .i. Aighne. Arna chlos sin do Miodhluachair .i. a derbhshiur eile, do thionóil sí draídhthe Tuath Dé Danann a n-aon-ionadh &
1155]
do dhealbhadur loch doilbhthe draídheachta ar leath-taoibh Shléibhe Cuillinn Chúailgne .i. do budh
p.35
de chloind Cuillinn Chuailgne an días ban sin féin; & dá ndeachdís fir domain faí in loch sin, do badh liath iat dá éis. Agus ó thairnic dhóibh an loch do
1160]
déanamh amhlaidh sin, táinic sí féin a riocht eilidi éadtruime eadarbhuasaighe ar in bhfaighthe chugum: & is amhlaidh tarla damh-sa a bheith am' aonur ar in bhfaighthe, & ótchonairc mé an eilit uaim, dorionnus fead ar na conuibh, & ní chuala cú
1165]
nó duine dá raibhe isin mbruighin nó 'san mbaile
an fhead acht Bran & Sceolang, & tángadur amach a gcéad-óir, & do leigios don fhiadh iad & do ghluaisedur rompu & ní ruc na coin ar dhol ionnsa bhfiadh co ráinic Sliabh Cuillinn Chuailgne a gcóicidh
1170]
Uladh; & do leanus féin iad am' ghaisibh gáibteacha
géar-luatha glan-reatha gan aonn-duine dom' mhuintir agam, & gér ghairid an eilid ó na conuibh, do ba giorra ná sin na coin uaim-si; & ó ráinic in eilid in sliabh, tuc sí cor dona conuibh, conár fheidir síat
1175]
cá haird d'airdibh an domain a ndeachaidh sí uathaibh. Do ghabh ionghantus mór misi uime sin ar Fionn, .i. co bhfúigfeadh fíadh ar doman Bran & Sceólang, & dorinnus comhnaidhe ar in tsliaph ag amharc uaim gacha taobha; & ní cían do uhádhus
1180]
ann an tan do choncus loch linn álainn griansholusda fo bhun an tshléibhe & inghean chruthach chaomhálainn ar brú in locha lán-sholusda sin & í co dubhach déarach dobrónach; & tánac-sa mur a raibh an inghean & d'fhiarfaighius fáth & adhbhar a
1185]
dubhróin don inghin. Ag snámh do bhíos ar in loch-so ó chianaibh, ar in inghean, & do bhídur dhá fail óir agam & do thuiteadar isin loch uaim, & as é sin adhbhar mo dubróin, ar in inghean. Is ann sin do fhiafraighe an inghean cía hé in gaisgeadhach anaithnidh
1190]
do bhí ag fiafraighe sgéal dí. Do innisius gur mé féin Fionn. {MS page 37}Más eadh ar in inghean,
p.36
do chualus féin do theist & do thuarusgbáil & do ghal & do ghaisceadh & do bhuadha iomdha & gur tearc én-ní 'sa doman nach éireóchadh leat ionda
1195]
ccuirfeá dúil; & ó tá sin mur sin, cuirim geassa nach fuilngit fíor-laoich fort-sa an dá fhail óir úd do thabairt chugum as an loch. Arna chlos sin dam-sa ar Fionn, nír mhaith liom mo chur fo geassaibh, & gidh eadh nír fhuilngeas co fada fó na geassaibh in
1200]
tan do chuirius mh'éadach dhiom & do chuadhus isin loch; & ní fada do bhádhus ann an tan fuarus in dá fhail óir sin & tucus urchur díobh d'ionnsaighe na hinghine, & do gabh iad 'na láimh & tuc cúl don loch & nir fhedir misi cá conair ina ndeachaidh uaim;
1205]
& tánac-sa fó thír a gcéad-óir ann sin; & gér ghairid uaim mh' éadach, ní raibhe do shiubal nó do láidireacht ionnam dol conuige é an tan dorineadh seanóir críon cúl-liath cnáimh-arsaidh dhíom; & tángadur mo dhá choin cugum & nír aithnighdur mé, & do
1210]
imgedur uaim a ttiomchioll in locha ar gach leith dom' iarraidh-si. Agus ní cían do bhádhus mur sin an tan do chonairc mé Caoilte & tosach na féine dom' iarmhóiracht & tángadur ós mo chiond-sa & (an ní nárbh iongnadh) nír aithnidar mé. Do labhair
1215]
Caoilte ann sin & as eadh adubhairt: A sheanóir ar sé, an bhfacuis eilid & dá choin 'na diaigh & aon laoch a ndiaigh na gcon? Agus d'fhiafraigh dhíom-sa narbh íascuire mé, & adubhrus nárbh eadh & nach raibhe neart nó láthur ionnam asa ndéanainn
1220]
iascuracht; & adubhrus co bhfacus an eilid & na coin 'na diaigh & an gaisceadach ag éirge isin slíabh & nach raibhe mórán dá bhfios agam ó sin a leith. Tug Oisín baramhail ann sin co raibh fios Fhinn & na gcon agam-sa; & gidh eadh nír lamus
1225]
a innisin dóibh gur mé féin Fionn. Agus táinic tromshluagh na féine cugainn ann sin & do bhádur
p.37
ag fiafraighe scéal díom-sa ann, & adubairt Caoilte in láoi:
{MS page 38}Caoilte
- Cá fad ó tháinic tú a leith,
a fhir móir, a iascuire?
1230] an bfacais eilid ag teacht
agus coin 'na coimeadacht?
Fionn
- Do choncus ó chíanaibh gach ní
dá bfuil sib d'iarraidh5:
dá choin lúatha go ttraite
1235] ag leanmhuin na heilidi.
- Aon chú díobh do bhí ar tús,
is meabhair liom a n-iomthús,
agus óglách lúath 'na ngar,
nocho ndeachadur uadh a bfad.Cá f.