Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 17

‘Do imghedur an t-aon macaomh déag uaim-si ann sin & tánac-sa co hUisneach Midhe mur
1090] a rabhadur fiana Éirionn, & tucas mo dhá cuileán con liom ann & tucus anmanna orro .i. Bran & Sceólang, & do insios mo scéala féin dhóibh ó thús co deireadh. Acht aonn-ní cheana, do cuala misi nach raibhe deirbhshiúir mo mháthur ag Oillil mac
1095] Eathaich, & do cuirius fios ar a chionn & táinic dom' ionnsaighe, & do fiafraighios dhe cá raibhe in bhean tucas dhó & tuc maithe fhian Éirionn uile maille riom. Adubairt-san nach raibhe a bec nó a mór dá scéaluibh aige. Do iarus an bhean ar na slántaibh
1100] do bhí agum air-sean. Táinic Lughaidh Lága a láthair arna chloss sin & tuc a bhriathur co ttiobhradh ceann Oillealla mic Eathach am' láimh-si & a láimh na féine mura bhfaghadh Turne inghean Taidhg mic Nuadhat annsa cruth a tuc sé uadha
1105] í. Do íarr Oillil mac Eathach cairdi orm & arna slántaibh uile ionnus co ndeachadh d'iarraidh na hinghine & tuc a bhriathur co ticcfadh chucu-san arís dá bhfagadh í nó dá mbeith gan a fagháil. {MS page 35} Tucamur-ne uile in chairde sin dó. Do imidh Oillill
1110] Electronic edition corrects a hardcopy error in line numbering (+5) from here on. roimhe mur a raibhe a leandán ban-tshíoghaidhe & do innis dí in t-adhbur fá ndeachaidh sé dá hionnsaighe. Adubairt sisi: dá ttacadh seision a breath féin dí co saorfadh ón ccás sin é. Do gheall seision4 sin dí; & do gluaisidur rompu co teach
1115] Fearghusa Finnléith & tucadur in chú leó co longphort na féine & tucadh na cuir céadna dhí-si fána breith d'fagháil, & as í breath ruc sí, Oillill do bheith aici 'na fhear tairis mnáibh in domain. Agus a ndiaigh na slána sin do daingniughadh tucc si fleasc dhoilbhthi
1120] draoidheachta óna cuim & do bhúail in chú dhí & dorine ríogan cruthach chaomh-álainn di; & do innis in ríogan .i. Turnae, gurab í féin do ruc an dá chuileán


p.34

chon sin a ttigh Fearghusa Finnléith an uair do bhí sí 'na coin ann. Do thairg Uchtgheal damh-sa .i.
1125] an ban-tsíoghaidhe, na cuiléin sin do chur a reachtuibh daoine & adubart-sa: dámadh mé féin a n-athair comadh fearr liom a mbeith mur sin ná a mbeith 'na ndaoinuibh. Imthúsa Lugdhach Lága, dob éigion Turnae d'fagháil dó féin do luach choraidheachta
1130] & tóraidheachta 'na tiomchioll, go ruc sí triur mac dó .i. Sciath Breac & Caol Crodha & Eoghan Ruadh & as iat-sin na trí mic máthur atá ag Bran & ag Sceólang a bhfianaibh Éireann’ ar Fionn. ‘Agus as íad sin fuaslacadh na gceasd do
1135] chuiris orum, a Cannáin’ ar Fiond.