Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 16

‘As ann sin do ghlac náire mór mise fá a bheith a fhad sin a bhféagmais luirg an fathaigh;
1005] & do laphrus re mo mhuinntir & as eadh adubhrus, gur mhithe dhúinn lorg in fhathaigh d'iarraidh & co ndeachaidh fo dimhairiund dá fhad do bhímur 'na fhéagmais. Do laphair in lorgaire ann sin & adubhairt riom-sa gan náire do bheith orm & nach fearr do
1010] béaradh féin lorg in fhathaigh in céad-lá ar tír ná do béaradh a ccionn bliadhna ar muir é & ar mór-fairge.’

‘Is ann sin do ghabhamur ar ccead ag Aodh Ruadh & do chuadhmur i n-ar gcurach ar feadh mara & mór-fairrge & do caithemur seal d'ar n-aimsir uirrthi;
1015] & a gcionn na rée & na haimsire sin do choncamur beann mór chloiche uaind ar lár na mara, & do rucamur lorg in fhathaigh conuice an mbeinn & ní fhuaramur ón mbeinn amach é, & adubhradur na macaoimh sin do bhí fariom-sa gurab ann sin do
1020] bhí an fathach. Arna chlos sin damh-sa, adubrus risin dreapaire dol súas & scéala na cloiche do thaphairt chuguinn. Arna chlos sin don dreapaire, do


p.31

ghluais roimhe súas nó co bhfaca an t-aitheach 'na chodhladh & in leanamh bec láimh ris & ceangal
1025] ar ghualinn an fhaithigh i n-áit na láimhe; & do chonairc seisear macaomh ag reaphradh ar feadh urláir na caithreach & dá cuileán chon & do amhairc in tor uile amlaidh sin & táinic anúas 'na dhiaigh sin & do innis innioll in tuir uile. Adubhairt misi
1030] leision ann sin’ ar Fionn, ‘an tealthóigheach do breith leis ar a mhuin suas & a fhéachuin in bhféadfadis na macaoimh sin & na culéin chon sin do chur cugam anuas. {MS page 33} Do chuadur-san suas & do goideadur an leanamh bec & in seisear macaomh
1035] & in dá cuileán con, & ní hé amháin, acht tucadur leó a raibhe d'ór & d'airgit & d'arm & do maithus annsa gcathraigh uile & tángadur féin anúas ann sin & do leigeamur ar siubhal sinn ar feadh mara & mór-fairrge.’

‘Agus ní cían do chuamur an tan do éirghe in
1040] t-aitheach & do lean sinne gan laige gan mhailis & ní ruc oruinn nó gur gabhamur cúan & caladhport a mBeind Éaduin mic Céidfhir; & mur do chonairc an cuileán fear-chon eision chuguinn, do éirghe 'na sheasamh & do anfadh mion-ubhall nó mór-áirne ar
1045] gach éan-ruibe dá raibh uirri; & ar tteacht don aitheach do láthair, do comhraic ris co fíochmur feargach formata; & tuc in cuileán scríob dá chrobh & tairraing dá fhiacliabh fá ucht & fá urbruinde an fhathaigh, gur leig a abach & a ionathur uile amach;
1050] & ag tuitim dhó tugus-sa béim claidhimh dó gur bheaneas a cheand de; & rucamur a cheann & a sheacht meic & in dá? cuileán chon co teach Fearghusa Finnléith an oidhche sin, & do uhámur an oidhche sin ann fá lán muirne & luthghára; & ar maidin ara
1055] bhárach do éirgimur & do fhágamur a sheacht mic ag Feargus Finnliath, & a raibhe d'ór agus d'airgit ann tucus dona macaomhuibh sin do uhí fariom


p.32

é, & do chongbhus in dá cuileán con agum féin; & a ndhiaigh na ronna sin do fhiafraighius dona
1060] macaomhuibh cia d' folaibh uaisle nó anuaisle in domain móir dhóibh. Adubhradur-san gurbh iat féin mic Eithleanda & go ttángadar dom' furtacht-sa don cur sin ón éigion a rabhus, & gach gábadh a mbia mé co bráth ó sin co ttiucfaid dom furtacht re mo
1065] dhóigh do cur ionntadh nó re smuaintiughadh orrthu; & do ghabadur a ccead agum-sa ann sin; & dorinius an láoi an uair sin & as í so hí:’

    Fionn

    1. {MS page 34}A buidhean is álainn dreach,
      abraidh riom ar bur n-eineach:
      1070] ós dom' mhuinntir-si sibh abhus
      cá háit a bfuil bur mbunadhus?

    Na macaoimh

    1. A tTír Thairngire treabthaigh
      bhímaoid-ne eidir cheathaibh;
      mic Eithleanda sinn gan ghus,
      1075] bímid a reachtuib amhus.
    2. Do hoileamhadh sinn, ní breág,
      ag Manannán na mór-tréad;
      ó'r n-oidi tángamur a le
      cugad-sa, a rí na féine.
    3. 1080] An uair riocfus tusa leas
      a gcath nó a ccomlann nó a ttreas,
      smuaintidh oruinne ann sin
      is tiocfum dot' fóiridhin.

    Fionn

    1. Gurab soraidh dhaoibh bur ttreóir
      1085] a gcríochaibh an domain móir;
      ós scarthain dhúinn is dúibh-se,
      budh fada re mo croidhe.

      A bhuidhean.


p.33