Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 15
905] Arna chlos sin damh-sa ar Fiond, do ghlac náire mé & dob é sin imdeargadh do ba mhó liom dár bhfuarus roimhe sin ariamh. Agus do éirghius mochtráth arna mhárach & m'aon macaomh déag maille friom & do goirius ar in lorgaire & ruc lorg
910]
in fhir móir go Binn Éaduin. Do fhiarfaighius-sa cáit a raibhe in fear dionguhála ceist. Atáim sunda ar sé. Ceist dot cheastuibh curach cailg-díreach d'fagáil dúinn uhéarus ar muir & ar mór-fairrge sinn. Agus ní mór co ndubrumur sin in uair do choncamur
915]
curach cailg-díreach {MS page 30} luchtmur léidmeach bláith-bheandach sleamhain slios-bhláith luath-réimeandach dar n-ionnsaighe ar feadh mara & mór-fairrge, & dá rámh gheal-airgit fair & é ag frais-iomramh na mara
p.28
ina thiomchioll, & do chuaidh misi & m'aon macaomh
920]
déag insa curach. Trí lá & teóra hoidhche dhúinn ar muir & ar mór-fairrge nó co bhfacamur oiléan uaind ar in muir & do chuiremur ar ccurach a dtír ann. Ní cian do uhámur dá shiubail in uair do choncamur an dúnadh ríogha ró-mhaiseach & píoláit álaind
925]
iongantach & sunnach íarnaidhe ina tiomchioll & mórán do chuaillibh fada reamur maille ris & ceand duine ar gach aon cuaille dhíobh. Is adhuathmur gráineamhuil suidhughadh an bhaile-si ar Fiond. An fhuil fhios agat-sa, a Fhinn, ar na macaoimh,
930]
cia hé in baile-so nó cia is tigearna fair? Ní fheadur ar Fionn. Aodh Ruadh is ainm d'fhior in baile-so ar iad-san; & atá inghean aige & as í fear nó bean is luaithe ar bith í, & as í comha iarrus ar gach fear thig dá hiarraidh, coimhrith fria; &
935]
mad é in fear fhúicfus isi, bíaidh mur mhnaoi aige & mad isi fhúicfus eision, baintear a cheand dé gan fhuireach. Is amhlaidh sin do líonadh in cuaille úd do cheanduibh. Do gluaisimur-ne docum an bhaile ann sin & fuaramur Aodh Ruadh a n-oireachtus
940]
ar cnoc láimh raisin mbaile, & nír shuiluhir é ag ar bhfaicsin chuige; & gérbh eadh, do fhiafraigh scéala dhínn. Fiond flaith-fhéindidh Gaoideal sút ar fear dom' mhuinntir-sa, & is é as fearr aguinne; & táinic sé d'iarraidh h'inghine-si mur
945]
mnaoi & mur uhainchéile dhó féin. Baoth in toisc & in turus dá chomhaosta theacht d'iarraidh m' ingine-si ar Aodh Rúadh co gruama feargach doichleach; & gidh eadh, má thic dhe-sion na comhtha atá 'na chiond d'fhuaslacadh, biaidh sí
950]
aige .i. coimhrith ría, & madh fhágbhann seision issi bíodh sí aige, & madh fhágbhann sisi eisean, a cheand do uhain de gan fhuireach. Adubhrus-sa ar Fiond a taphairt a láthair chuguinn; & do
p.29
cuireadh fios uirrthi & is amhlaidh táinic sí amach
955]
& corn dighe ina láimh a ttuillfeadh deoch trí chaogad óglaoch ann & léine sreaphnaidhe sróil réa geil-chneas. Cia hagaibh doní coimhrith fria sút? ar Aodh Ruadh. {MS page 31} Adubraus-sa ré Comluath-ré-gaoith comrith do dhénamh fria. Is annsin do gluaisidur
960]
co ceand na coimhreatha & ag turnadh don faighthe amach dhóibh, tógbhus an inghean an cornn uirthi & d'ibh d'aonn-digh é, & as eadh adubairt: A macaoimh ar sí, is dóigh liom, an aontumha fada ina bfuilim-si gur duit-si atá a ndán a caitheamh fá
965]
dheireadh. Agus is cuma ro baoi dá rádha sin & do iadh a dhá láimh fó uhrágait in macaoimh & do chuir ortha ina chluais & do thuit seisean 'na thoirchim súain & síor-chodlata. Arna fhaixin sin damh-sa ar Fiond, do fiafraighius-sa cá
970]
raibhe m'fhear lámhaigh. Atáim sunda ar sé. Caith urchur ádhmur urmuisneach ar Comhlúath-ré-gaoith & dúiscigh as an ccodladh draoidheachta ina bfuil sé é. Níor faillaigheadh sin leision; do éirghe ina sheasamh & do chuir a mhéar a suathnimh
975]
na sleighi sith-fhoda do bhí aige & tuc rogha n-urchuir dí, gur chuir ceand na sleighi tar in macaomh & gur bhúail crand na sleighi ar droim a chind siar seachtair, gur fágadh coimreamhar an craind d'feilbh reamhair fair, gur chuir an tsleagh a talmain feadh
980]
láimhe laoich don taoibh eile de. Is ann sin tuc in macaomh cliseadh fair & do éirghe 'na sheasamh & tuc lámh tar a ghnúis & tar a aghaidh & déachus gacha taobh dhé & do chí in macaomh mná tar éis forlonn na faichthe do chur tairsi; & nár luaithi
985]
siodán do ghaoith Mhárta ag dol tar gach binn chnuic nó sléibhe co chéile iná in dighrim reatha & rinn-luais do bhí léi. Arna fhaicsin sin don macaomh, tuc cliseadh codla fair & éirgeas don talmain co hárd
p.30
& reathas a ndiaigh na mná; & dar leat féin ní
990]
mó ná tort chomchruinne luaithe do bhí aige a ndiaigh na mná ón ccruinnughadh tuc sé air féin chum reatha, & ní mó ná ttrian na faighthe do chuaidh an bhean an tan do chuaidh an macaomh reimpi & do ruc buaidh na coimhlinga. Arna fhaicsin
995]
sin damh-sa ar Fionn, {MS page 32} do labhrus & is eadh adubhrus: Neart ar do choraibh & ar do shlántaibh, a Aodh, is linne an inghean feasta. Is fíor gurab libh ar Aod Ruadh, ó rucabhar a búaidh. Na dhiaigh sin do chuamur don uhaile & do heacradh
1000]
teach álainn óla aguinn, & do uhámur ann go ceann
caoicidhsi ar mhíos gan easbaidh bídh nó dighe oruinn.