Do uhámur mur sin tréimsi & tamall. Is
865]
ann sin do labhair in fear éistachta & as eadh adubhairt: Do chluinim tairm & treathan in fomhóir ag teacht ar in fhairge fo thuaith. Cá háit a ttiocfa fá thír? ar in tréanfear. Ag Beinn Éadain ar in t-éistóir. Nírbh fada dhóibh mur sin in tan adubhairt
870]
in t-éistóir {MS page 29} risin tréanfear; Táinic in fomhóir fó thír a mBinn Éadainn ar sé. Agus nír shiubhail áth nó cnoc nó tulach ó Bhind Éadain nó co raibhe ar in bhfaichthi nach inniseadh in t-éistóir don tréanfear; & ar tteacht don fhomór ar an bfaichthi
875]
amuidh, do dhúisigh mise, ar Fiond. Ar ndúscadh damh, is ann sin do shín in fhomór an cruadh-lámh fhada fhéitheach ro-neartmur tré fhír-mhullach an tighe anúas. Do fhiafraighius annsin cá raibhe in tréanfhear. Atáim sunda ar in tréanfear.
880]
Adubhrus-sa fris breith ar láimh in fhaithigh. Is ann sin do ruc an tréanfhear ar in láimh & thug tairring neartmur uirrthi, gur bhúail ceand an fhathaigh ar mullach na bruighne don taobh amuigh co hanshocair. Tuc in fomóir tairring eile air-sean,