Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 13

‘Adubhras-sa gur maith na cearda sin uile’ ar Fiond, ‘& adubras go bhfosdeóbhuinn féin iat; & dorinnedur a ccoraidheacht riom & do geallus
810] a mbreith féin do thuarustal dóibh & do fhiarfaighius: ‘Cá háit a bfuil an fear feasa & fíor-eóluis?’ ‘Atáim sunda’ ar sé. ‘Créad na huilc is mó doníthear a nÉirinn anocht?’ ‘Inneósat-sa sin’ ar in macaomh; ‘.i. Feargus Finnliath rí Átha Cliath,
815] & is amlaidh atá in fear sin & fomóir mór fairge ag


p.25

breith gach leinimh dá mbeirionn a bhean uadha ré seacht mbliadna diaigh a ndiaigh; & ruc a bhean mac aniudh & béaraidh in fomhóir leis anocht é.’ Adubhrus-sa ann sin gur bec an t-olc sin a
820] nÉirinn, gér mór in t-olc lena muinntir féin é. Adubhrus-sa fós go ndénainn féin bréag nó fírinne dé-sin .i. go rachainn féin in oidhche sin co teach Fearghusa Finnléith. Agus do gluaisimur romhainn co hÁth Cliath & do chuadhmur insa
825] ccuchtair
[gap: illegible/extent: one word]
& ní fhuaramur ann acht daoscairsluagh in toighi; & do bhí Fearghus Finnliath ag seilg an lá sin & do bhí a bhean a ngrianán árd uraoibhinn a ndiaigh an leanamh do breith dhi; & do hinniseadh dí sinne do bheith {MS page 28} 'sa mbaile, & táinic an ríogain
830] chugainn & in leanamh eidir a dhá láimh & fearus fáilte frinde, & cuiridh in leanamh am' ucht-sa & adubairt: ‘Ar do chomairce féin, a Fhind, & ar cumairci fhian Éirionn uile in leanamh bec sin do cuireadh it' hucht go lán-shoillsi an láoi amáraigh.’’


835] Do imidh an ríogan roimpi ann sin, & tucadh ceathramha thuirc & measuir mheadha cuguinn, & adubart-sa: ‘Taiscaighthear súd nó co dtí Fearghus Finnliath,’ & dorónadh amhlaidh sin. Gairit dúinn ina dhiaigh sin in tráth táinic Fearghus
840] Finnliath don bhaile & fearus fáilte frinde & do chuir fios ar lucht an bhaile & do líonadh in teach mór uile dona maithibh aguinn ar gach taobh, & do goirius-sa ar fhear fadóighthe na teineadh & adubhrus ris teine d'fhadógh co luath dona maithuibh. Do
845] éirghe an fear sin co humal éascaidh & do glac maidi fuair astíogh & do sgoilt é & do fhadógh teine mhór ann conár fadóigheadh a ttigh mór na hAlmaine a macasamhla do teinidh. Tucadh cugainn ann sin an ceathramha thuirc do taiscaigheadh reimhe sin
850] uaind. Adubras-sa risan ronnaire éirghe & sin do


p.26

roind. Do éirghe in ronnaire & do roind an fheóil & ní raibhe 'san ccúirt uili gan a bheith subhach sáitheach di. Agus adubras-sa mur in gcéana frisin dáileamhain éirghe & in mheasair mheadha sin
855] do dháil for cách. Do éirghe in dáileamhain & do dháil in mheasair for na sluaghaibh, guruho measca meadhair-caoin uili iat, gur thuit gach aon díobh seacha. Agus do déargaigheadh iomdha dhamh-sa ann sin & do chuadhus uirthi & do ghoirius ar an fear
860] éistachta & ar in tréanfear & adubrussa leó bheith ar colbha mo leaptha féin & faire & forcoiméad maith do dhéanamh dhúinn & thairis gach ní in leanamh do choiméad co maith ar eagla in fhomóir.