Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 12
Mo dhála-sa, ar Fionn, tarla mé in lá sin ag dénamh sealga a nUisneach Mhidhe & mé
775]
am' shuidhe am' dhumha sealga, & ní cían do bhí mé ann in úair do chonairc mé aon macaomh déag ag teacht dom' ionnshaighe co mbúaidh ccrotha & ndatha & ndealbha & ndéanmhusa, & do bheannaigheadur damh tresna déibh adharta; & do
780]
fhreagras-sa iat fán cuma céadna & do fhiafraighius-sa cia hiat féin nó can asa ttángadur. Do iarramur
p.24
mórán do chríochaib in domuin ag iarraidh tiagearna dilis diongmála ó bhfuighmís séan & maoine & maithius ar fear dhíobh. {MS page 27} Créad iat na cearda
785]
nó na healadhna doní sibh? arsa misi. Do chuadur-san a gceann scéal d'innisin damhsa ann sin. Mise ar in céadfear dhíobh Freagartach mac Fir Mórfeasaigh .i. fear fuaisluicthi ceasta is fearr ar doman misi. Mise ar in dara fear díobh-sumh fear fadóighthi
790]
teneadh is fearr ar bith. Mise ar in treas fear díobh Dáil-gan-easbaidh .i. dáileamain is fearr ar bith. Misi ar in ceathramhadh fear dhíobh Mac Sobhartain .i. ronnaire is fearr ar bith. Misi ar in cúigeadh fear dhíobh fear cluais-éistechta
795]
is fearr ar bith. Mise ar in seiseadh fear tréanfear is fearr ar bith. Misi ar in t-ochtmhad fear Comhluath-ré-gaoith .i. duine is luaithe ar bith. Misi ar in naomadh fear Sgread mac Urchuir .i. fear lámhaigh is fearr ar bith. Mise ar in
800]
deachmadh fear dhíph Mac Drintere .i. dreapaire is fearr ar bith. Misi ar in t-aonmadh fear dég dhíoph Faill mac Teltóigh .i. telltóigheach is fearr ar bith; uair is amhlaidh bhíos an chorr is a leath-shúil dúnta is a leath-shúil eile fosluicthe, &
805]
fionaim-si in tsúil dúnta gan fhios don tshúil fosluicthi.