Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 11
As iat sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Conáin, ar Fionn. Beir búaidh is beannachtain,
700]
a rífhéindidh, ar Conán; is maith in oirfide & in ealadha dhúinn a bheith ag éisteacht ré do mhilis-{MS page 25}chomhrádh. Agus innis dúinn anois, a mic Cumuill, caidhé
caradradh Bruin & Sceolang friot, & cionnus fuarais iat, & cia hiat na mic mháthar
705]
atá acu a fianaibh Ereann & iat 'na ndaoine.
Indeósat-sa sin ar Fionn. Feacht n-aon dá ttáinic mo mháthair féin chugum-sa ar cuairt & a deirbhshiúr maille fría .i. Muirnn Míonchaomh inghean Taeidhg mic Nuadhat mo mháthair-sa &
710]
Turrnae Durrbhél inghean Taoidhg a siúir, & dob í sin uair & aimsir fá ttarla dhá rí-fhéinidhe Ulladh am' fharradh-sa .i.
p.22
Oilioll mac Eathach & Daolgus
Fionn mac mic Cais Cuailgne; & do bhí Oilioll ag suirghe le Turnae inghin Taoidhg .i. deirbhsiúir na
715]
máthur sin agum-sa, & do grádhaigh co mór í; & arna grádhughadh mur sin dó, do iar orum-sa mur mnáoi í, & do fhaomhus a taphairt dó ar acht fána fagháil slán iomlán damh féin arís in úair do iarfuinn í; & is uime do rindius sin .i. leandán bantshíoghaidhe
720]
do uhí aige-sion .i.
Uchtdhealbh inghean Collamhair a ttuaidh, & dob í sin dob eagail liom-sa do mhilleadh deirbhsethuir mo mháthur; & gidh eadh tucus dó í, & tucus as mo láimh féin í a láimh
Oisín & Chaoilte & as láim Caoilte a láim Mic Luigdheach
725]
& as láimh Mic Luigdheach a láim Dhiarmada uí Duibhne & as láimh Diarmadha a láim Ghuill mic Mórna & as láim Ghuill a láimh Lugdach Lágha mic Eogain Taídhligh; & tuc Luighaidh a láimh Oillealla mic Eathach í & adubairt: Is amhlaidh
730]
do bheirim-si in bhean sin duit-si, a Oillill, fána fagáil slán iomlán d'Fionn & do na slánaibh ar cheana, nó do cheann-sa do taphairt a láimh Fhind. Do fhaomh Oillill sin; & tar éis sin rug Oillill Turnae leis dá thigh & do uhí aige nó gur toircheadh í. Is
735]
ann sin táinic leandán ban-tsíoghaidhe Oillealla mic Eathach a riocht bhain-eachlaighe do mhuintir Fhind chuici & aduphairt ria: Do cuir Fiond beatha & sláinti cugad, a ríogan, ar sí, & adubairt friot eineach maith do dhénamh; & tarr amach co lapraind
740]
friot, óir atá deifir orum-sa. Do chuaidh an ríogan amach, ar Fionn, & gairrit do chuaidh in tan tuc an uhain-eachlach slat draíachta amach óna coim {MS page 26} & do bhuail buille ar in ríogain dí, co ndearna
sadh bhreac-dearg di dob áille do connuibh in
745]
domhain ar in láthair sin, & ruc léi í co teach Feargusa Findléith in oidhche sin í .i.
rí Átha Cliath; óir is amhlaidh do bhí Feargus Findliath ina dhuine do
p.23
ba neamhchonchuire ar domhan, óir ní lamhthaí cú do thaphairt a n-éan-toigh fris; is táinic in
750]
uhain-eachlach mur a raibh Feargus Finnliath & adupairt fris: Do chuir Fiond beatha & sláinti chugad & aduphairt friot in cú-sa do choimhéad co maith & maith mór do dhéanamh dhí, & go bfuil cúan maith inti. Agus ná tapur sealg ná fíadach
755]
uirthi & go háiridhe in úair mhéideóchus a brú iomchuir léi co maith. Iomthúsa Fearghusa Fhinnléith, táinic lá éigin lena choin do sheilg & d'fhiadhach & d'fhéachain 'nar chú maith í, & marbhus caogad fíadh in lá sin, & co ceand míosa 'na dhiaigh
760]
sin níor bhlais mórán beathadhach, & do mhéadaigh a brú ann sin & ní tugadh sealg nó fiadhach uirthi. Ní raibhe mórán a nEirinn learbh annsa na coin ná Feargus Finnlíath ó sin amach. Dob í sin uair & aimsir fá ttarla bean Feargusa Findléith taobh-trom
765]
torrach & do ruc sí mac don toirrcheas sin, & ruc in cú dhá chuilén .i. sadh & fearchú. Agus do bhí olc eile ag leanmhuin mná Feargusa Findléith .i. fomóir mór do thigeadh don bhfairge ag breith gach leinimh dá mbeireadh sí leis; & is amhlaidh do beireadh leis
770]
iat .i. do chuireadh in cruadh-lám fada fhéitheach fhorgránna do bhí aige tré mullach in tighe anúas & mur sin do beireadh leis iat uathaibh uile.