660] {MS page 24} As iat sin fúaslacadh na gceast do chuiris orum, a Conáin, ar Fionn. Beir búaidh & beannachtain, a rí-fhéindidh, ar Conán; is mór maith in oirfide dhúinn bheith ag éisteacht red' scélaigheacht. Is annsin adubairt Díorraing mac Doghair:
665]
Créad dobeir dhúinn gan codhladh do dhénamh? Óir in chéad-oidhche dobeir fear bean, is luaithide is áil leó codhlad é. Éist, a Dhíorraing, ar Conán, is gairid lind a bheith mur atámuid, bheith ag friochnamh comhráidh re chéile, úair atá ar ndiongmhála
670]
do shean-mhiodh so-óla ro-mhillis aguinn. Agus abair riom anois cia aga ndearnadh an dord fían ar tús a nÉrinn & cá líon bhí dhá dhéanamh. Inneósat-sa sin ar Fiond. Ag ceithre macuibh Cermada mic Milbheóil mic in Dagdha do rinneadh é, &
675]
naonbur laoch lán-chalma doníodh maille friú é; & gach aon aga ndearnadh ó sin i lleith é, is naonur do chanadh é; & itbert in láoi ann:
- An dord fiansa cídh día ttá
ní fheadrait fir ináit mná,
680] is ní feadruinn duine dhe
cia dorad dona fianaibh.
- As dóibh do radadh ar ttús
in dord fiansa re iomthús,
ionmhain buidhen doníodh in chóir,
685] macne Cearmada Milbheóil.- Cass mac Coráin cruaidh a ainm,
trí bliadhna aige a n-Olltaibh,
do canadh aige re a lá
risin fhéin in dord fiansa.- 690] Gach aon do ghabh flaithios fíor
ar na fianaibh gan dimbrígh,
naonur laoch gach fear don droing
co ttáinic mac mic Cubhaill.- Ón lá tánac-sa sunn seal
695] am' fhlaith fhéinne Gaodhal ngeal,
aon fear dég ar fhichid rem' lá
doníodh agum in dord fiansa.