Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 9
Rod-fia buaidh & beannachtain, a rígh- fhéinidh, ar Conann; & abar friom anois créad ó bfuil oídhachtus Find co teach Cuanna. Inndeósat-sa ar Fionn. Aon do laeithib do bhádus-sa
475]
ar mullach
Cairn Fearadhaigh gairid bec ó Luimneach. Cúigear óglách dúinn ann .i. misi & Oisín & Caoilte & Mac Luigheach & Diarmuid ó Duibhne, & ar
p.15
ccúig ccoin innar bhforradh .i. Bran & Sceólang &
Caoldubh & Adhnuall & Luath Luachar, & ní cian
480]
do bhámur ann sin an tan do choncamur aitheach adhuathmur urgránda seachainn & gabhul iarruinne re a ais & muc a nglaic na gabhla sin ar a mhuin ag scréachadh & inghean óg álainn na ffaradh & hí ag iomáin & ag brostugadh an aithigh rimpí; & adubhras
485]
neach do dhol dá n-agallaimh. Rachat-sa ar Diarmuid. Reathas Diarmuid co dian díscir dásachtach & ní ruc orru. Do greimeamur uile & do reathamur 'na ndeaghaidh & ní rucamur ar Diarmuid ná orru-san. Feadh tamaill dúind mur sin gur cuireadh
490]
ceó doilfe draoiachta dúinn, conár bfeas dúinn cár gabh in t-aitheach ná in inghean ná in mhuc uainn; & ar scaoileadh {MS page 19} don ceó sin uainn & sinn ag féaghain na ceithre n-airdhe gach taobh dínn, co bhfacamur in teach 2
Cuanna (Cindam)
& in dúnadh
495]
ríoghdha ro-mhaisseach inar comhfogus leith-iomeal
in fheadha móir, & do chuadhmur dá ionsaighe & do concamur dá thioprait ar in bfaithche amuidh
lamuidh don dúnadh.i. thioprait díbh & eascra álainn umhaidhe ar a bruach & tioprait eile & eascra agh-gharbh
500]
iarnaidhe ar a bruach. Táncamur don dúnadh
ann sin & as eadh do bhí do daoinibh astigh .i. óglách forusta fionnliath a gcaithaoir álainn órrda d'ar láim dheas ag dol asteach dhúinn, & ingeann óg álainn ina fharradh, & aitheach ar broinn na
505]
teineadh ag bruith muice, & óglách mór míleata
don leith eile
don teinidh & dá shúil dég ina chionn & dá
mac imleasain dég in gach súil. Do bhí peata reithe astigh & bolgán glé-geal aige & ceann cíor-dubh & dá adhairc dubh-ghorma & ceithre cosa uainne
510]
faoi; & cailleach a n-iarthur an tighe & brat odhur-ghlas uimpi; & ni raibhe do dhaoinibh astigh ann acht mur sin; & ro fhear in t-óglách do bhí 'san
p.16
ccathaoir fáilte frinne & do shuidhemur ar laochlár na bruighne. Déantur friotheoladh d'Fionn & dá
515]
muinntir ar in t-óglách do bhí 'san gcathaoir.
Fuath liom sin ar in t-aitheach impidhe do thapairt & gan a bec nó a mór do déanam ar an impidhe sin[excl ]
Agus cérbh eadh, dorinne umallfhosaig dhúinn. Agus níarb fada dam-sa mur sin in uair do gabh
520]
an íota ba mó ar domhan mé & níar glac a macasamla mé ariamh roimhe sin; & nír mothaigh duine dá raibhe astigh mé mur sin acht Caoilte ina aonur, & do uhí dom' éagaoine-si co mór & ní raibhe fhios aige cionnus d'furteóchadh sé orm. Créad é in
525]
éagaoine sin ort? {MS page 20} ar fear in tighe re Caoilte. Acht éirghe amach & tabhar deoch leat as an dara tioprait atá 'san bfhaithche aga bfhuighe tú an t-eascra álainn cum an rí-féindidh. Arna chlos sin do Caoilte, do gluais Caoilte roimhe cum na
530]
tiopraiti & do chuir an t-eascra fón tioprait & tuc a lán leis cugum-sa, & tuc amh' láimh-si é; & ibim-si deoch as & do uhí blas meala fuirre an fad do bhíos ag a hól, & in uair do cuirius dom chionn
í, do bhí blas an domlais ae um' bhél dá héisi & do
535]
éirgedur mo gaoi cró & na huile ghallradha & easláinti orum; do badh bec má bhí anaithnidhe mé, mur táncadur airgheanna báis & becsaoghail damh; & gér mór éagaoine Caoilte orm-sa roimhe sin, do ba ro mó a éagaoine an uair sin orm iná sin. Is
540]
ann sin do labhair in t-óglách arís re Caoilte & adubairt ris a dol amach & deoch do tabairt leis as an dara tioprait do uhí amuigh cugum-sa.
Do chuaidh Caoilte amach ann sin & tug lán an eascra aghghairbh iairnaidhe cugum-sa as an dara tioprait.
545]
Ibhim-si deoch as, & in comhaired bhádhus ag a hól nocha fuarus teandta catha nó comhluinn ariamh badh doilge liom nó fad do bhíos dá hól ar a sheiruhe,
p.17
& in uair do cuirius dom' chionn í táinic mo dhath féin orm arís. Is annsin do fiafraigh in t-óglách
550]
'nar bhruithe an mhuc do bhí 'sa gcoire. As eadh co deimhin ar an t-aitheach. Do concus damh féin in mhuc do ruind ar in t-óglách. Ciondus sin? ar in t-aitheach. Béarad an ceathramha deiridh d'Fionn & dá choin & béarad an ceathramha
555]
deiridh eile dá ceathrur óglách {MS page 21} & an ceathramha cind dá ceithre conuibh, & biaidh in ceathramha eile agum féin & ag an scológ úd thall ag in teinidh & ag in cailligh út thiar 'sa ccuilidh, & béarad a droim & a tarr & a huruscall duit-si & don inghin óig sin it'
560]
fharadh. Is briathar dhamh-sa ar in t-aitheach gur maith do roindis-se í. Is briathar dhamh-sa ar in peata reithe gurab olc do roindis-se orm-sa & gurab éagcóir do dearmuidis-se misi fán muic. Agus is cuma ro bhí dá rádha & tug sithi sanntach
565]
solámhaidhe ar in cceathramain do bhí a bhfiadhnuise mo ceathruir óglách-sa & ruc leis insa ccuilidh í & do gabh ag a hithi ina bhfiadnuise. Do éirgedur mo muinntir-sa & tucadur a cceithre ccuilg amach & do gabhadur ag bualadh in reithe a n-aonfeacht; &
570]
nírb fearrde fordeargadh air & nír scuir eisean d'ithe na ceathramhan.
Is ann sin do labhair in scológ go rabhadur na súile iomda ina cheann & as eadh adubairt: A chomhdhe cumhachtaigh, is mairg gá bfuil in ceathrur óglách do leig don reithe a
575]
ccuid d'ithe dá n-aimdheón féin ina bhfiaghnuise. Agus is cumha ro bhí dá rádha & tuc in scológ sithe ar in reithe & do cuir a cheithre cossa ina láimh & tug urchur dhe don taob amach don dorus; & ní fhacamur in reithe an fad do bímur asteigh acht sin.
580] Nírb fada dhúinn 'na dhiaidh sin in tan do éirge in chailleach & tuc urchur don uhrat odur-glas do uhí uimpe ar mo ceathrur óglách-sa, & dorineadh ceithre
p.18
seanóiridhe críon-croma cúil-liatha cnáim-arrsaidh díobh; & mur do chonairc misi sin ar Fiond, do
585]
ghabh {MS page 22}eagla mór mé co ccuirfidhe mé féin insna reachtuib sin. Agus mur do mothaigh in t-óglách do bhí astigh in eagla sin orum-sa, do goir sé misi cuige féin, & do chuadhas ann sin gan fhuireach & do shuidhios ara gualainn; & táinic áilgios codhlata
590]
damh & adubairt in t-óglách riom mo cheand do cur ar a glún & codladh do dhéanam; & dorinnus amhlaidh sin, & is gairit do bádhus ann in tan do mhúscail mé as mo chodladh, & do éirghe in cailleach & do bhain in brat dom' cheathrur óglách-sa & do chuir
595]
ina reachtuibh féin iat arís.
Maith, a mh'anam, a Find, ar in t-óglách, an iongnadh leat córughadh an tighe-si ina bfuilir ? Adubras ar Fionnd, nach bfaca-sa ariamh ní badh ionganta ná é, Inneósat-sa duit-si, a Fhind, ar in t-óglách.
600]
ordughadh & samhladh in tighe-si. An t-aitheach úd do concais & in mhuc i nglaic na gabhla aige, an leisge tuigtear as sin; & in inghean do concais ina
fharradh, meanma an duine tuictear as sin; uair as í is luaithe ar bith, uair cuiridh an duine a
605]
meanma ré prap na súl isan eólus nach rachfadh sé féin ann ré dhá fhichid bliadhan; & as í an inghean ruc uaibh-si in t-aitheach út itconcais; & in scológ út itconcais & na súile iomdha ina cheann an saogal tuigtear as sin, uair is ionnan airgionna
610]
dhóibh; & an reithe úd itconcais, cosamhlacht an duine
tuigtear as; an bolgán geal atá aige, subhachus in duine sin; & in dá adhairc dubhgorma itconcais, cosamlacht in éaga sin; & na ceithre cossa uaine itconcais aige .i. ceithre tallona na haimsire
615]
sin .i. ceithre ráithe na bliadhna.
Agus an bfacatú mur do éirghe an saogal cum an reithe & cuir {MS page 23} ar neimhthní a gcéadóir é ? óir téid ágh an tshaogail ar gach créatúir ar in domhan. Agus
p.19
in cailleach itconcais, an críne tuigtear aisde, & do
620]
conairc tú féin mur do chríon a héadach an ceathrur laoch arar chuir é; & in fhírinde & in breug tuigtear as in dá thiobraid asar ibhis in dá dhigh, óir gi millis le duine in breug dhá déanamh, is searbh fá dheóigh í, & in fhírinde imorro, gidh searbh le duine gá déanamh,
625]
is millis fá dheóigh í. Agus is iat sin scéala & iomthús in tighe-si, a Finn, ar in t-óglách; & ní ann so do ghréus bhím-si; & co ttugus grádh éagmaise duit-si & gur chuirius in t-aitheach út ar do cheann dot thaphairt don tigh-so anocht ar tí neamhshuimh
630]
do bheith agad ionnsa saogal & a chosmalacht do thaisbéanadh dhuit; & béarair-si fios mór leat a haithle h'oídhachta anocht & badh é oídhachta Find go teach Cuanna ainm in sceóil-si co bráth. Agus a n-Innsibh Ciúil bhím-si do bhunadh, ar in
635]
t-óglách.
Do bhímur mur sin in oidhche sin ar Fionn, & ag éirge dhúinn as ar ccodhladh arna mhárach, is ann fuaramur sinn féin, a mullach
Chairn bhFearadaigh & ar ccoin & ar n-airm aguinn go hiomlán; & itbert Fiond:
- 640] Cúigear do chuadhmur do sheilg
co Cairn bFearadaigh bhforrdeirg,
Oisín, Mac Lugach má le,
Caoilte is Diarmuid ó Duibhne.
- Ar ccúig coin ba coscrach réim,
645] Bran agus Sceólang co scéimh,
agus Adhnuall co luas luin,
Caoldubh is Luath Luachair.
- Atchoncamur, comhall nglé,
éan-bhean is aitheach rimpe;
650] gabhal trom úir iarruinn fair,
muc leó 'na glaic ag scréachaigh.
p.20
- Cuirmid-ne dia (bhreith) scéal
Ua Duibhne fá derg a bhél;
do chuadur uadh leath ar leath
655] an ingean is in t-aitheach.
- Do bhí in reithe tharla astigh
g cheathrur-sa fa proinnigh;
is eadh do bhímur astigh 3
a bhféagmais ar ccon cúigear. Cúigear.