Beir buaidh & beannachtain, a Fhinn
445]
ar Conán. Is mór in t-athgearrughadh aimsiri & dubróin dúinn beith ag éastacht ré do bhindchomrádh; & abar riom anois caidé na sé hionganta is mó atá 'san fhéin. Adéar-sa sin ar Fionn, .i. óglách bodhbhur atá 'san bféin, & ní dearnadh duan
450]
nó duchann nach biadh do dirm degh-foghluma & do glan-meabair aige. Iongnadh eile atá 'sa bféin .i. fear coise croind itá innte & fágbaidh sé an fian uile do rith idir choin & each & duine. Ingnadh eile itá inti .i. fear dall, & ní tuc urchur n-iomruill
455]
a ló nó a n-aoidhche ariam. Iongnadh eile itá inte, bean atá agam-sa féin & bí sí marbh gach n-aoidhche & beó gach lá, & ní hannsa liom bean dá raibhe ariamh agum nó í. Iongnadh eile itá inte .i. óglách itá acu & bí gach ré mbliadhna 'na mhnaoi
460]
& 'na fear & beiridh clann in tan bhus bean é, & berthur clann dó in tan bhus fear é. {MS page 18} Iongnadh eile atá 'sa bféin .i. sleagh atá agum-sa .i. sleagh Fhiacha mic Croinghind, & an n-uair teilgtear a ndeóigh a hurluinne hí doní geóin & acuis & díghbháil
465]
don té nó don mbeadhadach ré teilgtear hí, & in uair caithtear a ndeóigh a reanna hí, ní déan doladh nó díghbháil don duine nó don mbeathadhach ré ccaithtear í. Agus is iat sin ionganta is mó insa bféin, ar Fionn, & dorinde in laoi[...] As iat sin
470]
fuascladh na gceist do chuiris, a Chonán, ar Fiond.