Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 7


285] ‘Beir buaidh is beannacht’ ar Conán, ‘is binn deagh-cheólach do chomrádh, a Fhinn; & abar riom anois, a rí-fhéinidh,’ ar Conán, ‘cá haonn-duine d'éaruis & d'imcháinis & do chuaidh do rith ó fhianaibh Éreann & é ar leath-chois & ar leath-láim
290] & ar leath-shúil, & créad fá n-aburtur an gnáthfhocal: ‘mur rucadh Roc go tigh Finn.’ ‘Indeósat- sa sin duit-si’ ar Fionn. ‘Aon do laeithibh do chuadhus-sa & maithe na féine maille friom ó Theamhair Luachra amach, & ní fuaramur do
295] sheilg nó do fhiadach an lá sin acht aon-agh allaidh amáin; & do bruitheadh hí & tucadh ar mo béluibh-sa dá roind hí; & nír fágbhadh agum-sa di fá deóig acht mad aon-cholpa amáin; & táinic Gota Gaoithe asteach & do iarr in colpa orm-sa, & do fiafraighus-sa
300] de créad fár iarr sé an colpa & gan do bhiadh agum-sa acht é. Adubairt seision gurab ar son a reatha & a rinn-luais féin dub áil leis a fagháil; & tucus an colpa dó ann sin & dubhrus ris co caithfeadh a rioth d'féachuin uime; & do chuadhamur ar an


p.10


305] bfaichthe ann sin & do reath Gota Gaoithe co dian díscir dásachtach; & ní mó ná leath na faichthe do chuaidh an tan {MS page 13} do ruc a dear-bráthair féin fair .i. Caoilte mac Rónáin & tuc an colpa air an láithir chéadna arís cugum-sa, & ní
310] dearnadh d'imreasain nó d'iomurbáidh aguinn an lá sin acht sin; & niar chían dúinne amhlaid sin a ndiaigh dhol asteach dúinn an tan itchoncamur aitheach corr cartaighe cíordhub easbadhach gránda uathbhásach ag cromadh fán dorus d'ar n-ionsaighe &
315] é ar leath-chois & ar leath-láim & ar leath-shúil, & beannaigis dúinn trésna déibh aedarta, & níor suigh aguinn acht seasam ar laochlár na bruigne & ucht ar in luirg reamair iarnaidhe ro bhoí aige & naoi ndruimne furre & co ngerrfadh gach droim díbh
320] ruibe re sruth nó le gaoith. Fiafraighius-si don aicheach cá hionadh asa ttáinic nó cá raibhe a triall nó a forceand. 'Aitheach mé chuartaigheas mórán don domhan’ ar sé, ‘& do chuala do chlú-sa & h'alladh & h'oirdearcus a mbélaibh súadh &
325] seanchaidae & lucht léighti léags & leabhpur innisin oinigh ar caslibh & raite maithusa ré (fleadhuibh), & fós do chuala-sa gur do na daoinuibh dob fhearr fó thuilleadh & fá thuarustal, fá mhaon & fá mhaithusa dá raibhe 'sa domhan tú & nár diultuis aondhuine
330] ariamh & nár chaínis aonn-duine ariam, & ar in adhpur sin tánac-sa d'iarraidh maoine & maithiusa fort-sa, a Fhinn mic Cumhaill.’ Do fhreagras an t-aitheach ann sin & as eadh adubras: dá mbeith an bith uile agum-sa, nach thiubraind a bheag ná a mór
335] dó-san de. Adubairt an t-aicheach gur bréag do haithriseadh uaim-si nár éarus duine ariamh. Adubart-sa nár dhuine eisionnacht arracht grána uathbhásach. {MS page 14} Adubairt an t-aicheach arís gurab bréag do hinnseadh uaim nach tucus aithis nó imdeargadh

p.11


340] d'aonn-duine riamh. Do freagair misi sin & as eadh adubras: dámad duine eisionn nach ttiubrainn aithis dó. ‘Más eadh’ ar an t-aitheach, ‘tapur an colpa sin it' láimh damh-sa & bíodh slán na féine fám' fhastóghadh, & ní iarfad (d'uigeachaibh)
345] oruibh acht fad an cholpa
féin, & ná gabthur greim díom nó co ttuca mé an céd-choisghéim don láithir uaiph amáin.’ Arna chlos sin dam-sa tucus-sa an colpa a láim an aithigh & tuc an t-aitheach baoth-léim árd-aiceantach tar sonduibh sithárda in bhaile,
350] & do chuaidh a muinighin a reatha & a rind-luais co lúthmur léidmeach lán-éadrom. Arna fhaicsin sin do seacht ccathaibh na gnáthfhéine, gluaisit 'na dhiaigh ina mbuidhnibh (tuineda) troma toirtamla tréan-luatha & ina siothaibh 1 siubhlacha
355] sár-luatha glan-reatha & ina bfeadnachuibh borba brígmura gníomh-aigmhéile & ina sluaithibh ceangailte córidhe dosgaoilte, & ní mó an radarc do bhí ag an bfear ba neasa dhó don fhéin ar an bfathach ag dol tar gach mullach tulcha nó sléibhe nó a chéile. ’


360] ‘Agus do chuaidh mise & aois ciúil & oirfite & ealadhna na féine ar taidhphlibh in dúnaidh & in grianán dá bféachain; & ní mó ná aon-amharc do choncamur forro, & ó tchonarc-sa misi an taghraim ag dol a ffad uaim, do gabh machtnughadh meanma mé a
365] ndiaigh na féine, & do bheanus díom a raibhe d'eireadh & d'éadach umam & do gabhus cugum eireadh reatha & ruaga & ní rugus d'arm liom 15 acht Mac in Luin am' láim; & do rucus ar deireadh na féine ar Sliabh Uige in Rí theas, & do fhágus iat
370] sin amh' dhiaigh; & rucus ar in trian meadhónach dhíobh ag Luimneach; & do fhágbhus iat sin mur an céadna; & rucus ar in (ngnáthfhéin) & ar luathaibh na féine ag Áth Mór risí ráiter Áth Luain aniudh & do fhágbhus iat sin; & do gabhus rind na


p.12


375] ruaga & tosach na tagrama chugum féin uathaibh uile ann sin lámh dheas re Cruachain Connacht, & ar fiarlaoid Éreann ar gach áth & ar gach aphuinn & ar gach all & ar gach machaire & ar gach sliabh dúinn (cara) in caomh-laí sin; & ní bfuarus ariamh
380] teannta? catha nó cumluinn do ló nó d'oidche macasamhla sin do teandtach reatha. Acht atá ní cheana, ráinic in t-aitheach go hEas Ruaidh mic Moghuirnd & do ling co cos-tirim an t-eas romham-sa, & lingim-si 'na dhiaigh é mur in céadna; & tic uam
385] lámh deas ré tír a tiomcioll Éreann go ttáinic do Beann Éaduind mic Éadghaoith in fhéineadha; & mur nach roibh a dhol ass aige, do shamail léim do thaphairt 'sa bfairge. Is ann sin tucas sitheadh sanntach solámaidhe & cróin-ruathur curata céim-láidir
390] ar in fhathach, go rucus ar chaol choisi air, gur buailus creat a dhroma fria lár & fria lán-talmain. Is ann sin do ráidh in t-aitheach: ‘Is éagcóir dhuit, a Fhind, mo leanmuin, uair ní friot dorindius coimeas, & is olc dorinis theacht eadram & in fian nó
395] go bfaictheá cionnus do rucainn dóibh.’ Adubhrus riseann nárbh éagcóir a ndearnus, co tuc-san slán na féine faí & nárb iomlán in fhian am' éagmhais féin. Ní mó ná a dheireadh sin tairnic dúinn do rádha, {MS page 16} in tan tánic Leagan Luath ó Luachair
400] Deaghadh cugainn & Caoilte 'na dheaghaidh & luathfhéine uile a ndéigh Caoilte, & do fhóbhradur sleagh gacha fir accu do sháthad 'san bhfaitheach & a marbadh fóm' lámuibh-si dom' aimdheóin: & gidh eadh, do ainceas orru é ar éigin. Garit dúinn ina
405] dhiaigh sin in tan rucadur tromlach na féine uile oruinn & ro fhiabhraidur créad tuc oruinn gan in t-aitheach do marbad. Adubairt in t-aitheach: ‘Do badh olc in comarle mo marbad, ór do íogheólthaoi oruibh mé go maith, ór do muirfidhe

p.13


410] duine bad fearr ná mé féin iondam’; & searb leo-san sin, do ainceas in t-aitheach orru & do creapladh & do cruaidh-chuibreadh co daingean é. Agus níar chian dúind 'na deaghaidh sin an tan do choncamur Bran Bec ó Buadhachán d'ar n-ionsaighe.
415] Do fhear fáilte romhainn uile & dubairt friom-sa co raibh fleadh urlamh ioncaithmhe aige fóm chomhair & gur maith leis mé dhol dá caitheamh in oidhche sin; & do chuamar leis in líón uámur ann sin d'fhianaibh Éreann, & do heagradh teach a
420] (lán-oireachta) óla aguinn; & do tairngeadh in t-aitheach & creat a droma fria lár re lán-talmain, & do ceangladh do thoraidh in ríoghthoighe hé a bhfiadhnuise cáich uile; & in tan ba háine dúinn ag ól & ag aoibhneas & ag urgáirdiughadh meanman & aiceanta, do fhiafraigeas
425] don aitheach cia hé féin nó cá cindeadh dóRoc mac Dichon ’ ar in t-aitheach ‘m'ainm-se .i. mac reachtaire in Broga ós Bóinn dom, & tuc mo bhean searc & síor-grádh dh'fhear eile .i. do Sciath Breac mac Dathcaoin .i. do dhalta-sa féin, a Fhind, & do bhí
430] mo bhean-sa co mór ag molladh luais & ratha na féine; & {MS page 17} mur do chuala-si isi dá rádh sin, adubras féin co bfúigfind féin luatha na féine & co bfúigfind in fhian uile ar ulca re Sciath Breac mac Dathcaoin. Arna chlos sin dísi, do greamaidh sí
435] misi fá sin d' féchain risin fhéin. Do chuas-sa ann sin mur a raibhe mo cháirde draaoidheachta & do éagaoinius sin riú & do chuiredur insna reachtuibh-si mé; & is leór dam ar imreabhar-si d'olc & do míomhodh orm, & scaoilidh díom anois’; & dorineadh
440] amlaidh sin’ ar Fiond; ‘do scaoileadh don aitheach; & is uadha sin gorther an seanfocal: ‘mar rucad Roc go teagh Find.’ ‘Agus is iat-sin fuascladh na gceist do chuiris orm, a Chonán,’ ar Finn.’


p.14