Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)
Section 6
Ann sin adubairt Fionn: Ná bímid mur
260] so nís sia; má tá lucht ciúil nó oirfide nó ealadna 'sa mbaile, tapurtar cuguinn iad, óir ní gnáth damh-sa beith aon-oidhche gan oirfitheadh. Indis dam-sa ar Conán na ceódla & na oirfitheadha is binde leat fuaruis ariamh. Inneósat-sa sin duit, ar Finn.
265] An uair bhidh seacht ccatha na gnáthfhéine a n-aon-inadh & thógbait a ccraindgal ós a gceanduibh & buailuit na gaoithe glan-fuara ar feadh na ccraindgal & doníd treathan is tormán etorro, is dona ceólaibh is binne {MS page 12} liom dá ccuala ariamh sin. Is
270]
bind liom fós an tan easgurthur teach mór na
p.9
hAlmaine & tógthur na cuirnn comhóla dá ndáil ar maithuibh na Féine; is binn liom bloscadh donidh deireadh na ccoirnn 'gá ttógbháil an uair sin. Is
bind liom fós fogur na bfaoilinn & coigedal na gcorr
275]
& fuaim thuinderágha & comhrádh (firscarde)
arscáth a sgéithe. Is bind liom fós guth na
gcuachadh 'sa céatteamain & sceamgal na muc agamuigmhoin daim Cerae a gcnoc Ruadh & nuallán
sealga Doire Nouis
& sgalguire loin Litreach Néid
280]
& mungur na glais-sreab & aphrán
trí n-ingean Bic
mic Buain & aphrán trí mac Eathach. Is bind liom fós tond fá thír amach & asteach. Is iat sin na fuaslaicthe na gceist do chuiris orm, a Chonán for Fionn.