205] Beir buaidh & beannachtain, a fhir amhnuis fhír-eólaigh, is mór in t-urgáirdugadh meanman & aigceanta dhúinn a beith ag éistacht friot; & ar grád d'einigh & h'eangnama, a rí-fhéinnid, indis dam co héscaidh umhall gach ní fiabhreóchat díot, & ná bíodh
210]
tursi ná fearg ort uime. Ni bhiaidh, ar Fionnd; & fiafraig gach ní is áil leat feasda do scéalaibh na féinne & dogéabair gach ní bhias agam-sa díobh. Fiafraigim dhíot ar Conán, cá laoch d'fianaibh Ereann lingis ar a leacht & ar a lighi féin gach laoi
215]
& é féin beó, & gurab í a ingean a máthair, & go
mbíonn ag agra aeruca & einioclann ar an bfear ros maruh é Indeósat-sa sin, ar Fiond. Imreasain tarla idir dá thaoiseach féine maith dom mhuintir-si fá congleic dá chon .i. eidir
Oscur mac Croimchind & Daolgus mac Oillealla Cais, & ní raibhe 'sa mbaile don fhéin lucht a n-eadrána, nó co ttorchuir Daoilgus le hOsgur. Táinic inghean chruthach chaomh-álainn do bhí ag Daolgus ós a chiond & é marbh, & do chrom fair & tuc póg dhó, & do ling caor cróin-dearg
225]
as a bhéal-sa ina bél-sa, gur fágadh taobh-throm torrach í; co ceand naoi míos dhí amhlaidh sin, co ruc mac don toirrcheas sin; & dona céad-aistibh reapraidh dó beith ag léimnigh ar a leacht & ar a lighe féin gach laoi; {MS page 11} & ó nach bfrítheadh athair dhó,
230]
do baisteadh & tucad ainm a hathara féin .i. Daolgus
fair, & atá aniudh ag tabach éaruca ar an bfear ros mharuh hé. As iat sin fuascladh na gceist do cuiris orm, a Chonann, ar Fiond.