Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 3

‘Indeosad dhuit ámh,’ ar Fionn. ‘Glas Dige mo chéad-ainm & Giolla an chuasáin m'ainm
150] 'na dhiaigh sin, & ag Tioprait Crithirlinde do leathtaoibh tshléibhe Smóil mic Eighleachair dorinnius mo chéad-shnámh & ag Dún mBrocna dorindius mo chéad-chreach ariamh .i. an preasleacha gona dá hén déig; & is aire lingim-si léim na Brice
155] Bladha gacha bliadhna .i. an céad-lá do scarus ré mo bhuime .i. ré Boghmuinn, arna marbadh do chlannuibh Mórna, do gabhus seachrán sligheadh cugum co ránac co Luachair Deaghadh theas, & mé am' óg-macaomh bhaoth éagiallaidhi and; &
160] ní raibhe d'éadach umum ann acht beart do croicend óglaogh allaidh; & ní cian do chuadhus an tan do concas an dá comhdáil, oireachtus fortamail fearamail fear & oireachtus bind comráiteach ban, ar dhá cnoc chomárda re taobh a chéile, & all dubh
165] duaibhseach domain gáibteach gráineamail etorro; & táinic misi an uair-sin mur a raibhe na mná ar tús & do bheannaigeas dhóibh treasna déibh adharthae


p.6

& d'fhiauraigheas créad má roibhadur an dá chomdáil sin leath ar leith 'mun all. Do innsidur na mná
170] domh-sa gurab é an adhpur .i. go raibhe Séadna mac Oilealla ann .i. mac rí Ciarraidhe Luachra, & oireachtus fearda fearamail fear ina thiomcioll, & go ttuc searc & siar-grádh d'Athnait inghean Dáire an Sídhe go bfuil an t-oireachtus comálaind
175] binn-briathrach bhan-sa ina tiomcioll; & is í cobchi do iarr sí fair, léim an aill-si do thabhairt; & thig gacha bliadhna ionna coinde ann so do tabhairt in léime; & in uair thionscnas í tabhairt & thig go bruach an aill, tillighidh tar a ais arís
180] gan a léim do thabhairt. Do fhiafraighius don ingin 'nar chuma léi cé dobeireadh an léim. Adubhairt nár chuma, ‘& cidh gránna h'eireadh-sa & h'éadach & do chulaidh, & ní do chaíneadh do dheilbe féin é, dá ttugteá in léim, do bhiadh sisi agud & do
185] fuighfeadh leat.’ Arna chlos sin damh-sa tugus lán-chruinughadh orm a meadhón mo chroicinn & do scuchus ar mo chúl ón all & tucus dighrim {MS page 10} reatha rind-luaithe dochum an aill, gur éirgeas co hárd-éadrum eaduruasach rum féin ós cionn an aill,
190] gur turlingus ar taobh na tulcha don taobh thall don all, & do thillus a fritheing na conaire céadna arís cum an aill & tucus an léim tar mh'ais, & dobéaraind ní ba mionca dámad áil liom féin. Arna fhaicsin sin d'Aithnait, táinic dom' ionnsaighe-si & do
195] chuir a lámh fom uráguit, & tuc teóra póg dam & do bhain mo croicend dhíom & tug éadach mo diongmála dam umum, & do chuadhas léi dá teigh an oidhche sin & do éirgheas co moch arna uhárach. Táinic sisi cugam & do iair aiscidh maidne orum .i. an léim-si
200] do thabhairt gacha bliadhna; & tugus sin dí; & do fhág mur geasuibh orm, an bliadhain nach ttiurainn hé, éag nó oigheadh d'fhagáil damh.

p.7

Agus is iad sin scéala d'fhiarfaigis díom, a Chonán,’ for Fiond.