Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 2


40] Do luigh Fionn & do thuit a thoirrchiom súain agus sáir-chodhlata fair, & do bhí 'na chodhladh ón tráth sin nó gur fhéuch an ghrían aníar & nó gur fhilleadar an fhían ón tsheilg. Agus dob fada le Díorraing do bhí Fiond 'n-a chodhladh, & tug lám
45] tar fhormna & tar aghaidh dhó & do mhúiscail é & d'innis dó an fhían d'imtheacht & a n-ionadha sealga d'fagbáil dóibh, & adubairt nach ccuala fead ná fercheadh uathaibh. Arna chlos sin d'Fhionn, d'éirigh go hathlamh & tug lámh tar a aghaidh & adubairt:
50] ‘Dar liom, a Dhíorraing, as deireadh láoi ann, & ni roichfeam an fhían anocht; & éirigh fón ccoill & tabhair adhbhur boithe & bélsgáláin chuguinn.’

Do éirigh Díorraing agus do chuaidh an tan do chonnaic an dúnadh ríogha ro-mhaiseach & an
55] phíoláid áluinn iongantach 'na fharradh. Iontóigheas Díorraing mur a raibhe Fionn & d'innis sin dó. ‘Déan d'ionnsuighe an dúnaidh,’ ar Fionn, ‘óir ní bhíam ré saothar boithe feasta.’ Do rángadar rompu go dorus an dúnaidh & do bhaineadur béim
60] baschrainn frisan dorus. Táinic an doirrseóir chuca & ro fhiarfhaigh cia do bhí ann. ‘Días do mhuinntir Fhinn mic Cubhaill atá annso,’ ar íad-sumh. ‘Gleó nimhe & ágha & urbadha oruibh’ ar an doirrseóir,


p.3

‘as olc an turus a ttángabhair ann so; óir as é
65] Fionn do mharbh athair & máthair fhir an tighe-se & a cheathrar dearbhbráithreach & triur dearbh-bráithreach a athar & athair a mná .i. Dub mac Dubguill ar muigh Teasga a theas, agus as é baile do bhí ann sin .i. {MS page 7}[H2] baile Conáin Chind-tsléibe risa
70] ráither Conáin Chind-tshugmuire Ruaidhe, óir is leis do tráigheadh Loch Lorgán ag iarraidh Mic in Luinn ann .’ Et dob fhíor don doirseóir a ndubairt uile ann sin ré Fiond, óir is é Fiond dorinne na héachta sin uile. Fillidh an doirseóir go Conán et innsios an
75] beac-choindeam sin do bheith 'sa dorus. Fiafraigheas Conán: ‘Créad tuaruscbáil na buidhne atá san dorus?’ ‘Tá ann’ ar sé, ‘óglách forusta fionn-liath fearamail fíor-mhaiseach is mó do mhíleadhaibh et is láidire do laochaibh et is áille don
80] druing dhaondha uile; & cú craosach cír-dhub ucht-geal ina láimh go michair ríoghnaidhe, go n-ingnibh iuchannda, go nimh nathrach, go slabhraidh sníthi, go muince óir orloiscthe fána brágait; et óglách donn-dearg dath-álainn ina fhochuir &
85] sadh bhreac bhuidhi uallach ina láimh.’ ‘Is maith tucais tuaruscbáil na buidhne itá 'san dorus leat’ ar Conán, ‘et dobheirim-si aithne forro, uar as é Fiond flaithféinnidh Gaoideal in t-óglách fá tuaruscbáil tucais leat ar tús & Bran ina láim, et Díorraing mac
90] Doghair in t-óghlách sin eile fá tuaruscbáil tucais leat ar deireadh et Sceólang ina láim; & éirghe amach go luath & leig asteach iat.’ D'imigh in doirseóir & do fhoscail in dorus & tángadur asteach & do gabadh a n-arma asa lámhaibh & ceangladh a ccoin & dorinneadh
95] umhallfhosaic dhóibh, gurba subach somheanmnach iat; & iar ccaitheamh forgla a gcodcha dhóibh táinic cóir comhráidh & imagallmha idir Conán & Fhind & adubairt Conán: ‘A Fhiond’

p.4

ar sé, ‘is mór in grádh bídh & oídheachta dhuit-se
100] teacht don thigh-si & méid a fhala & easaonta and’; & is amhlaidh do bhí Conán an uair sin & a bhean ara ghualainn, & ingean chruthach choímh-álainn do bhí ag Conán ar ghuallainn a máthur .i. Findearb inghean Conán. Do fhreaguir Fiond é &
105] adubairt: ‘Is fíor gach ní dá ndubrais, a Chonán,’ ar sé; ‘is mór m'fhala-sa & m'easaonta friot; & cidh eadh dorindius siacháin friot an tan do mharbhus h'athair & do máthair & do thriur dearbráithreach & do dá mac & athair do máthar .i. Dub mac Dubguill
110] & a triur mac; do ainces thú féin & do bhean & hí {MS page 8} taobh-throm torrach, & do naisceadh an torrcheas sin damh-sa: dámadh mac do bhiadh ann, go mbeith 'na dalta & 'na fianaidhe agum, & dámad inghean do bhiadh and, a leasughadh & a hoilleamhain go maith
115] fám' chomhair féin dámad diongmhála dhamh í & munbad eadh go ttucainn do thaoiseach féine maith éigin dom' muintir hí; & dobheirim aithne forre gurab hí súd thall a bfochair a máthar í anois, & is diongmála damh-sa mur mhnaoi: & dá taphairt
120] tánac-sa don tigh-si anocht & ní ar oídheacht; & is córa dhuit cuimne do bheith ar in maith sin dorindius ort ná cuimne do bheith agad ar fhala ná ar adhuhur.’ ‘Leig as, a Find,’ ar Conán; ‘do naiscead an inghean úd d'fhior eile, & is dóigh liom-sa,
125] gi mór do chonách-sa & do neart, nach lugha leis a mheanma iná aicnead iná leat-sa, a Find.’ ‘Cé hé sin?’ ar Díoraing mac Doghuir. ‘Itheach mac rí shíthi Easa Ruaidhe a ttuaith.’ ‘For da ghráín. & do cholluabais, a Conán,’ ar Díorraing, ‘& do
130] badh cóir in bhél tara ttáinic in glór sin amach do dluidhe & do dían-gearradh & dionbhas d'imbert fair , uar dá gcurtha Tuatha Dé Danann uile a pearsain éan-duine, is fearr Fiond iná é.’ ‘Leig as, a Dhíorraing,’

p.5

ar Fiond; ‘ní d'iomurbháigh nó d'imreasain
135] tángamur don tigh-so anocht, acht do tabairt mná, & dobéaram hí gidh olc maith le a bfuil a nEirinn é’ ‘Ní dhiongnuim-ne imreasain ar bíth uime sin, a Fhinn,’ ar Conán; ‘acht geassa nach fuilingit fíorlaoich fort mura n-indisir damh-sa gach
140] ní fiarfeóchat d' imtheochtuibh & d'iongantaibh & do scéaluibh fhian Éirionn díot, go luidhir for do leabaidh anocht.’ ‘Gach bhias agam-sa ar cuimne de sin, inneósat iad,’ ar Fionn. ‘Más eadh,’ ar Conán, ‘indis damh céad-ainm tugadh ort & an
145] dara hainm, & cá ndearnais do chéad-chreach & do chéad-eucht & do chéad-shnámh, {MS page 9} & créad fá linginn tú léim na Brece (Bladha) gacha bliadhna.’