Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

p.1

Section 1

{MS page 5}[H1] Sealg throm-thorthach shaor-aoibhinn árd-aigeantach mhór-mheanmnach do comóradh le Fionn mac Cubhaill mic Tréinmhóir uí Bhaoiscne & le fianaibh gúsmhura gairg-bheódha gníomh-éachtacha Gáoideal
5] ó Theamhair Earna a theas go Sliabh árd uráoibhinn Eachtuigh. As ann sin do suigheadh an tshealg leó, fó na coilltibh beandacha bárr-ghlasa mór-thorthacha & fó na daireadhuibh dlúithe daingne díomhóra & fó na sléibhtibh fairsinge fraoch-árda forruaidhe &
10] fó na maghuibh míne mór-áille mbán-scothacha deaghbhalaidh & fó na cnocuibh corracha ceand-gharbha mórthimchioll na bhfearann, & do bhí gach taoiseach féinnidh acu ann a ionadh urdhálta & ann a bhearnna bhaogail & ann a láthair licthe annar chleachtadh
15] a beith go minic roimhe sin. Agus do scaoileadur da ngadhruib trom-chluasacha guth-bhinne mór-ghlóracha & do greasuidur íad fó na mór-dhaireadhuibh & fó na choilltibh & fó na sléibhtibh gacha taobha dhíobh & do chuireadur a ccoin fheargacha chraos-fhairsing
20] chliabh-dhomhuin ucht-leathann árd-aigeantacha ar a n-ialluibh daingne dath-áille deadhmhaiseacha. Agus do shuigh Fionn ann a dhúmha sealga, & níor fhan ann a fhochair ná ann a choimhdeacht an lá sin acht Díorraing mac Doghair Dhámhaigh amháin.
25] Dob é do ba ceól & dob oirfide & dob ealadha dhóibh a bheith ag éistacht le núadh-ghárrta na sealga, ré seasdán na bhfear bhfiadaigh, le laoghadh na laochraidhe risna sár-chonuibh, gur dhúisceadar fiadha faiteacha folúaimneacha, míolta mong-ruadha


p.2


30] mbuidhe & sionnuidh chorr-chluasacha chealgacha chaib-líatha & bruic cheananna thaoibh-thoruinn tréan-díana chomhruichacha, gurbha cinn-dearg coin & bha lámh-dhearg laoich & gurbhá mór-mhuirineach giollanradh acu an uair sin. Gurab í
35] sin úair & aimsir do {MS page 6}ghabh funn súain & sáirchodhlata an rí-fhéinnidh & adubairt sé le Díorraing mac Doghair faire & forchoimhéad do dhéanamh dó nó go ccodhludh cáil éigin tar éis na mochéirghe dorinne an lá sin. ‘Dodheána cheana’ ar Díorraing.