Corpus of Electronic Texts Edition

Background details and bibliographic information

Feis Tighe Chonáin

Author: unknown

File Description

Maud Joynt

Electronic edition compiled by Emer Purcellproofread by Caoimhín Ó Domhnaill, Emer Purcell

Funded by University College, Cork and
The HEA via the LDT Project

1. First draft, revised and corrected

Extent of text: 20140 words

Publication

CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

(2006) (2010)

Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G303010

Availability [RESTRICTED]

Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.


[RESTRICTED]

Hardcopy copyright lies with the School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies).

Sources

    Manuscript sources
  1. Dublin, Trinity College Library, 1337 olim H. 3. 18 a vellum of the 16th century; pp. 196–197 contain the beginning of the tale under the title: Fic. d. Cannain ann so sis. This fragment is printed as an appendix on p. 61 of this edition.
  2. Dublin, Trinity College Library, H. 4. 14, Dublin, a paper MS. containing a collection of tales written (from p. 7 on) by Cathal Mac Searraidh, a northern scribe. The first four pages contain fragments by various scribes, dated from 1694 to 1700. Our tale begins on p. 5; pp. 5 and 6 are the work, not of Mac Searraidh, but of a later scribe, apparently written to supply the beginning of Mac Searraidh's copy which had been lost. Mac Searraidh seems to have written two slightly different hands, one more angular than the other, both of which recur through the volume and are witnessed by his signature; both are found in the present piece, the change occurring abruptly in the middle of p. 23. Our tale ends on p. 54 and is followed by date and colophon: "Finis an deachmadh lá do mhi April an bliadain d'aois an tigearna 1686. Gach duine da leighfidh an sdair tugadh luach a shaothuir don scriobhnóir eadhon beannachtain ar anam an ti rod scriobh .i. Cathal mac Searraidh". This is the text chosen for the present edition.
  3. Dublin, Trinity College Library, H. 5. 4, a duodecimo paper volume in a much frayed condition; our tale occupies pp. 149–212 and is imperfect, the first three leaves being lost; on p. 212 is the signature of the scribe Eoghan Ó Caoimh 1700–1701.
  4. Dublin, Royal Irish Academy, 23 M 25, written by Eoghan Ó Caoimh in the south of Ireland; the Feis Tighe Chonáin occupies pp. 86–111, followed by a colophon: Arna sgriobhadh le hEoghan O Caoimh on 15 (?) lá don July 1684 a nDún Ciaráin [Dunkerron, Co Kerry?] a bhfarradh O Suilliobháin Móir. This is the oldest text we possess except the fragment in H 3 18.
  5. Dublin, Royal Irish Academy, 23 K 7, pp. 173–201, with the signature of Domhnall Ó Mathúna and date March 20, 1744–1745.
  6. Dublin, Royal Irish Academy, 12 F 7, pp. 164–199, written in a very clear script by Uillióg a Búrc in Co. Cork, finished Jan 10, 1750.
  7. Dublin, Royal Irish Academy, 23 N 19, written by Seaghán Ó Conuill in Co. Cork about 1766.
  8. Dublin, Royal Irish Academy, 12 L 39, written 1777–1778 by John Doyle.
  9. Other later MSS in RIA Library containing our tale are 23 C 13, 23 C 36, 23 B 2, 23 B 15, 23 M 19, 23 E 11 (written in the latter half of last century with an English translation; these I have examined but have not thougth it worth while to collate).
  10. The British Museum (now British Library) Irish MS. collection contains three copies of our tale: No. 1715 (Eg. 106 f. 112), written 1715–1717; No. 1711 (Eg. 133 f. 170), written in 1720 by Diarmuid Ó Conchubair of Limerick; and No. 1808 (Eg. 145.1) transcribed from Eg. 106. These I have not seen.
    Editions
  1. Maud Joynt, Feis Tighe Chonáin (Dublin 1936).
    The edition used in the digital edition
  1. Feis Tighe Chonáin. Maud Joynt (ed), First edition [xi + 98 pp.; iii–x Introduction; x Abbreviations; 1–57 Text; 59–61 Variae Lectiones; 61–62 Variant text from H 3 18; 63–68 Notes; 69–94 Vocabulary; 95–96 Index of persons; 97–98 Index of places.] Stationery OfficeDublin (1936) . Mediaeval and Modern Irish Series. , No. 7

Encoding

Project Description

CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling Declaration

The present text represents pages 1–57 of the edited text; with variants and corrigenda integrated, and the appended text from H 3 18 on pp 61–62.

Editorial Declaration

Correction

Text has been checked and proofread twice. All corrections, including some by the editor and supplied text, are tagged. Line-breaks are numbered every five lines. From line 1110 onwards, there is an error of +5 in the hardcopy edition; and from line 1810 (numbered 1820), there is another error, bringing the count to +10. These are corrected in the electronic edition. The difference in numbering should be borne in mind when referring to lines.

Normalization

The electronic text represents the printed text. The editor's corrigenda and variant readings have been integrated. As start and end of each variant reading is not marked by the editor, and sometimes various readings are nested into one, there are cases in the electronic edition where the encoding of the apparatus had to be tentative. We have not collated the manuscripts afresh. The letter h has been hyphenated off when prefixed to nouns. Expansions shown in italics in the hardcopy have been marked ex. Letters supplied in square brackets by the editor are tagged sup. Page-breaks and line-breaks are marked pb and lb respectively, and numbered.

Hyphenation

When a hyphenated word (hard or soft) crosses a line-break, the break is marked after the completion of the hyphenated word.

Interpretation

Names of persons (given names), places and group names are not tagged. Direct speech is rendered q; except where it cannot be nested within/outside the apparatus; then it is rendered '. Poems and passages of rhetoric speech are treated as embedded texts, with speakers marked. Foliation is marked using the tag mls unit="folio" n="nn".

Canonical References

This text uses the DIV1 element to represent the Section.

Profile Description

Created: By one or more unknown author(s). Date range: c.900–1200.

Use of language

Language: [GA] The text is in early Middle Irish, but later spellings occur.
Language: [LA] Some words in Latin.
Language: [EN] Witness list in English.

List of hands

H1 [MS p 5–6] unknown

H2 [MS p 7–54] Cathal Mac Searraidh

Revision History


Corpus of Electronic Texts Edition: G303010

Feis Tighe Chonáin: Author: unknown

List of witnesses


p.1

{MS page 5}[H1] Sealg throm-thorthach shaor-aoibhinn árd-aigeantach mhór-mheanmnach do comóradh le Fionn mac Cubhaill mic Tréinmhóir uí Bhaoiscne & le fianaibh gúsmhura gairg-bheódha gníomh-éachtacha Gáoideal
5] ó Theamhair Earna a theas go Sliabh árd uráoibhinn Eachtuigh. As ann sin do suigheadh an tshealg leó, fó na coilltibh beandacha bárr-ghlasa mór-thorthacha & fó na daireadhuibh dlúithe daingne díomhóra & fó na sléibhtibh fairsinge fraoch-árda forruaidhe &
10] fó na maghuibh míne mór-áille mbán-scothacha deaghbhalaidh & fó na cnocuibh corracha ceand-gharbha mórthimchioll na bhfearann, & do bhí gach taoiseach féinnidh acu ann a ionadh urdhálta & ann a bhearnna bhaogail & ann a láthair licthe annar chleachtadh
15] a beith go minic roimhe sin. Agus do scaoileadur da ngadhruib trom-chluasacha guth-bhinne mór-ghlóracha & do greasuidur íad fó na mór-dhaireadhuibh & fó na choilltibh & fó na sléibhtibh gacha taobha dhíobh & do chuireadur a ccoin fheargacha chraos-fhairsing
20] chliabh-dhomhuin ucht-leathann árd-aigeantacha ar a n-ialluibh daingne dath-áille deadhmhaiseacha. Agus do shuigh Fionn ann a dhúmha sealga, & níor fhan ann a fhochair ná ann a choimhdeacht an lá sin acht Díorraing mac Doghair Dhámhaigh amháin.
25] Dob é do ba ceól & dob oirfide & dob ealadha dhóibh a bheith ag éistacht le núadh-ghárrta na sealga, ré seasdán na bhfear bhfiadaigh, le laoghadh na laochraidhe risna sár-chonuibh, gur dhúisceadar fiadha faiteacha folúaimneacha, míolta mong-ruadha


p.2


30] mbuidhe & sionnuidh chorr-chluasacha chealgacha chaib-líatha & bruic cheananna thaoibh-thoruinn tréan-díana chomhruichacha, gurbha cinn-dearg coin & bha lámh-dhearg laoich & gurbhá mór-mhuirineach giollanradh acu an uair sin. Gurab í
35] sin úair & aimsir do {MS page 6}ghabh funn súain & sáirchodhlata an rí-fhéinnidh & adubairt sé le Díorraing mac Doghair faire & forchoimhéad do dhéanamh dó nó go ccodhludh cáil éigin tar éis na mochéirghe dorinne an lá sin. ‘Dodheána cheana’ ar Díorraing.


40] Do luigh Fionn & do thuit a thoirrchiom súain agus sáir-chodhlata fair, & do bhí 'na chodhladh ón tráth sin nó gur fhéuch an ghrían aníar & nó gur fhilleadar an fhían ón tsheilg. Agus dob fada le Díorraing do bhí Fiond 'n-a chodhladh, & tug lám
45] tar fhormna & tar aghaidh dhó & do mhúiscail é & d'innis dó an fhían d'imtheacht & a n-ionadha sealga d'fagbáil dóibh, & adubairt nach ccuala fead ná fercheadh uathaibh. Arna chlos sin d'Fhionn, d'éirigh go hathlamh & tug lámh tar a aghaidh & adubairt:
50] ‘Dar liom, a Dhíorraing, as deireadh láoi ann, & ni roichfeam an fhían anocht; & éirigh fón ccoill & tabhair adhbhur boithe & bélsgáláin chuguinn.’

Do éirigh Díorraing agus do chuaidh an tan do chonnaic an dúnadh ríogha ro-mhaiseach & an
55] phíoláid áluinn iongantach 'na fharradh. Iontóigheas Díorraing mur a raibhe Fionn & d'innis sin dó. ‘Déan d'ionnsuighe an dúnaidh,’ ar Fionn, ‘óir ní bhíam ré saothar boithe feasta.’ Do rángadar rompu go dorus an dúnaidh & do bhaineadur béim
60] baschrainn frisan dorus. Táinic an doirrseóir chuca & ro fhiarfhaigh cia do bhí ann. ‘Días do mhuinntir Fhinn mic Cubhaill atá annso,’ ar íad-sumh. ‘Gleó nimhe & ágha & urbadha oruibh’ ar an doirrseóir,


p.3

‘as olc an turus a ttángabhair ann so; óir as é
65] Fionn do mharbh athair & máthair fhir an tighe-se & a cheathrar dearbhbráithreach & triur dearbh-bráithreach a athar & athair a mná .i. Dub mac Dubguill ar muigh Teasga a theas, agus as é baile do bhí ann sin .i. {MS page 7}[H2] baile Conáin Chind-tsléibe risa
70] ráither Conáin Chind-tshugmuire Ruaidhe, óir is leis do tráigheadh Loch Lorgán ag iarraidh Mic in Luinn ann .’ Et dob fhíor don doirseóir a ndubairt uile ann sin ré Fiond, óir is é Fiond dorinne na héachta sin uile. Fillidh an doirseóir go Conán et innsios an
75] beac-choindeam sin do bheith 'sa dorus. Fiafraigheas Conán: ‘Créad tuaruscbáil na buidhne atá san dorus?’ ‘Tá ann’ ar sé, ‘óglách forusta fionn-liath fearamail fíor-mhaiseach is mó do mhíleadhaibh et is láidire do laochaibh et is áille don
80] druing dhaondha uile; & cú craosach cír-dhub ucht-geal ina láimh go michair ríoghnaidhe, go n-ingnibh iuchannda, go nimh nathrach, go slabhraidh sníthi, go muince óir orloiscthe fána brágait; et óglách donn-dearg dath-álainn ina fhochuir &
85] sadh bhreac bhuidhi uallach ina láimh.’ ‘Is maith tucais tuaruscbáil na buidhne itá 'san dorus leat’ ar Conán, ‘et dobheirim-si aithne forro, uar as é Fiond flaithféinnidh Gaoideal in t-óglách fá tuaruscbáil tucais leat ar tús & Bran ina láim, et Díorraing mac
90] Doghair in t-óghlách sin eile fá tuaruscbáil tucais leat ar deireadh et Sceólang ina láim; & éirghe amach go luath & leig asteach iat.’ D'imigh in doirseóir & do fhoscail in dorus & tángadur asteach & do gabadh a n-arma asa lámhaibh & ceangladh a ccoin & dorinneadh
95] umhallfhosaic dhóibh, gurba subach somheanmnach iat; & iar ccaitheamh forgla a gcodcha dhóibh táinic cóir comhráidh & imagallmha idir Conán & Fhind & adubairt Conán: ‘A Fhiond’

p.4

ar sé, ‘is mór in grádh bídh & oídheachta dhuit-se
100] teacht don thigh-si & méid a fhala & easaonta and’; & is amhlaidh do bhí Conán an uair sin & a bhean ara ghualainn, & ingean chruthach choímh-álainn do bhí ag Conán ar ghuallainn a máthur .i. Findearb inghean Conán. Do fhreaguir Fiond é &
105] adubairt: ‘Is fíor gach ní dá ndubrais, a Chonán,’ ar sé; ‘is mór m'fhala-sa & m'easaonta friot; & cidh eadh dorindius siacháin friot an tan do mharbhus h'athair & do máthair & do thriur dearbráithreach & do dá mac & athair do máthar .i. Dub mac Dubguill
110] & a triur mac; do ainces thú féin & do bhean & hí {MS page 8} taobh-throm torrach, & do naisceadh an torrcheas sin damh-sa: dámadh mac do bhiadh ann, go mbeith 'na dalta & 'na fianaidhe agum, & dámad inghean do bhiadh and, a leasughadh & a hoilleamhain go maith
115] fám' chomhair féin dámad diongmhála dhamh í & munbad eadh go ttucainn do thaoiseach féine maith éigin dom' muintir hí; & dobheirim aithne forre gurab hí súd thall a bfochair a máthar í anois, & is diongmála damh-sa mur mhnaoi: & dá taphairt
120] tánac-sa don tigh-si anocht & ní ar oídheacht; & is córa dhuit cuimne do bheith ar in maith sin dorindius ort ná cuimne do bheith agad ar fhala ná ar adhuhur.’ ‘Leig as, a Find,’ ar Conán; ‘do naiscead an inghean úd d'fhior eile, & is dóigh liom-sa,
125] gi mór do chonách-sa & do neart, nach lugha leis a mheanma iná aicnead iná leat-sa, a Find.’ ‘Cé hé sin?’ ar Díoraing mac Doghuir. ‘Itheach mac rí shíthi Easa Ruaidhe a ttuaith.’ ‘For da ghráín. & do cholluabais, a Conán,’ ar Díorraing, ‘& do
130] badh cóir in bhél tara ttáinic in glór sin amach do dluidhe & do dían-gearradh & dionbhas d'imbert fair , uar dá gcurtha Tuatha Dé Danann uile a pearsain éan-duine, is fearr Fiond iná é.’ ‘Leig as, a Dhíorraing,’

p.5

ar Fiond; ‘ní d'iomurbháigh nó d'imreasain
135] tángamur don tigh-so anocht, acht do tabairt mná, & dobéaram hí gidh olc maith le a bfuil a nEirinn é’ ‘Ní dhiongnuim-ne imreasain ar bíth uime sin, a Fhinn,’ ar Conán; ‘acht geassa nach fuilingit fíorlaoich fort mura n-indisir damh-sa gach
140] ní fiarfeóchat d' imtheochtuibh & d'iongantaibh & do scéaluibh fhian Éirionn díot, go luidhir for do leabaidh anocht.’ ‘Gach bhias agam-sa ar cuimne de sin, inneósat iad,’ ar Fionn. ‘Más eadh,’ ar Conán, ‘indis damh céad-ainm tugadh ort & an
145] dara hainm, & cá ndearnais do chéad-chreach & do chéad-eucht & do chéad-shnámh, {MS page 9} & créad fá linginn tú léim na Brece (Bladha) gacha bliadhna.’

‘Indeosad dhuit ámh,’ ar Fionn. ‘Glas Dige mo chéad-ainm & Giolla an chuasáin m'ainm
150] 'na dhiaigh sin, & ag Tioprait Crithirlinde do leathtaoibh tshléibhe Smóil mic Eighleachair dorinnius mo chéad-shnámh & ag Dún mBrocna dorindius mo chéad-chreach ariamh .i. an preasleacha gona dá hén déig; & is aire lingim-si léim na Brice
155] Bladha gacha bliadhna .i. an céad-lá do scarus ré mo bhuime .i. ré Boghmuinn, arna marbadh do chlannuibh Mórna, do gabhus seachrán sligheadh cugum co ránac co Luachair Deaghadh theas, & mé am' óg-macaomh bhaoth éagiallaidhi and; &
160] ní raibhe d'éadach umum ann acht beart do croicend óglaogh allaidh; & ní cian do chuadhus an tan do concas an dá comhdáil, oireachtus fortamail fearamail fear & oireachtus bind comráiteach ban, ar dhá cnoc chomárda re taobh a chéile, & all dubh
165] duaibhseach domain gáibteach gráineamail etorro; & táinic misi an uair-sin mur a raibhe na mná ar tús & do bheannaigeas dhóibh treasna déibh adharthae


p.6

& d'fhiauraigheas créad má roibhadur an dá chomdáil sin leath ar leith 'mun all. Do innsidur na mná
170] domh-sa gurab é an adhpur .i. go raibhe Séadna mac Oilealla ann .i. mac rí Ciarraidhe Luachra, & oireachtus fearda fearamail fear ina thiomcioll, & go ttuc searc & siar-grádh d'Athnait inghean Dáire an Sídhe go bfuil an t-oireachtus comálaind
175] binn-briathrach bhan-sa ina tiomcioll; & is í cobchi do iarr sí fair, léim an aill-si do thabhairt; & thig gacha bliadhna ionna coinde ann so do tabhairt in léime; & in uair thionscnas í tabhairt & thig go bruach an aill, tillighidh tar a ais arís
180] gan a léim do thabhairt. Do fhiafraighius don ingin 'nar chuma léi cé dobeireadh an léim. Adubhairt nár chuma, ‘& cidh gránna h'eireadh-sa & h'éadach & do chulaidh, & ní do chaíneadh do dheilbe féin é, dá ttugteá in léim, do bhiadh sisi agud & do
185] fuighfeadh leat.’ Arna chlos sin damh-sa tugus lán-chruinughadh orm a meadhón mo chroicinn & do scuchus ar mo chúl ón all & tucus dighrim {MS page 10} reatha rind-luaithe dochum an aill, gur éirgeas co hárd-éadrum eaduruasach rum féin ós cionn an aill,
190] gur turlingus ar taobh na tulcha don taobh thall don all, & do thillus a fritheing na conaire céadna arís cum an aill & tucus an léim tar mh'ais, & dobéaraind ní ba mionca dámad áil liom féin. Arna fhaicsin sin d'Aithnait, táinic dom' ionnsaighe-si & do
195] chuir a lámh fom uráguit, & tuc teóra póg dam & do bhain mo croicend dhíom & tug éadach mo diongmála dam umum, & do chuadhas léi dá teigh an oidhche sin & do éirgheas co moch arna uhárach. Táinic sisi cugam & do iair aiscidh maidne orum .i. an léim-si
200] do thabhairt gacha bliadhna; & tugus sin dí; & do fhág mur geasuibh orm, an bliadhain nach ttiurainn hé, éag nó oigheadh d'fhagáil damh.

p.7

Agus is iad sin scéala d'fhiarfaigis díom, a Chonán,’ for Fiond.


205] ‘Beir buaidh & beannachtain, a fhir amhnuis fhír-eólaigh, is mór in t-urgáirdugadh meanman & aigceanta dhúinn a beith ag éistacht friot; & ar grád d'einigh & h'eangnama, a rí-fhéinnid, indis dam co héscaidh umhall gach ní fiabhreóchat díot, & ná bíodh
210] tursi ná fearg ort uime.’ ‘Ni bhiaidh,’ ar Fionnd; ‘& fiafraig gach ní is áil leat feasda do scéalaibh na féinne & dogéabair gach ní bhias agam-sa díobh.’ ‘Fiafraigim dhíot’ ar Conán, ‘cá laoch d'fianaibh Ereann lingis ar a leacht & ar a lighi féin gach laoi
215] & é féin beó, & gurab í a ingean a máthair, & go mbíonn ag agra aeruca & einioclann ar an bfear ros maruh é’ ‘Indeósat-sa sin,’ ar Fiond. ‘Imreasain tarla idir dá thaoiseach féine maith dom mhuintir-si fá congleic dá chon .i. eidir Oscur mac Croimchind & Daolgus mac Oillealla Cais, & ní raibhe 'sa mbaile don fhéin lucht a n-eadrána, nó co ttorchuir Daoilgus le hOsgur. Táinic inghean chruthach chaomh-álainn do bhí ag Daolgus ós a chiond & é marbh, & do chrom fair & tuc póg dhó, & do ling caor cróin-dearg
225] as a bhéal-sa ina bél-sa, gur fágadh taobh-throm torrach í; co ceand naoi míos dhí amhlaidh sin, co ruc mac don toirrcheas sin; & dona céad-aistibh reapraidh dó beith ag léimnigh ar a leacht & ar a lighe féin gach laoi; {MS page 11} & ó nach bfrítheadh athair dhó,
230] do baisteadh & tucad ainm a hathara féin .i. Daolgus fair, & atá aniudh ag tabach éaruca ar an bfear ros mharuh hé. As iat sin fuascladh na gceist do cuiris orm, a Chonann,’ ar Fiond.

‘Beir buaidh & beannachtain, a Fhind, is
235] maith in t-urgárdiughadh meanman is aiceanta


p.8

dhúinn a bhéith ag eistacht friot; & abar riom, a rí-féinidh, cia is measa nó cia is fearr a bfianaighecht Éireann & cia is mó nó cia is lugha & cia is luaithe & cia is moille.’ ‘Indeósat-sa sin dhuit-se’ ar
240] Fiond. ‘Misi féin duine is fearr a bfianaibh, & Dear Dubha Duibhsléibe duine is measa a ufianaibh Éireann .i. baineachlach atá agam-sa bhíos ag taisteal críoch & cinneadh an domain (?) rém' gnóthaidhe, & ní maith ré héann-duine ariamh acht
245] imdeargadh do tapairt do gach aon laphrus fria, & gach duine chíthfus ar chéad-longadh í, nacha dingeann a leas an lá sin. Agus Lipti Leascamail giolla tineadh coire móir na hAlmaine aon-dhuine is moille a uhfianaibh Éreann, uar is hé a theand oide
250] laoi samraidh teacht ón topur atá a ndorus na hAllmaine conuice a leabaidh féin annsa cuchtar. Agus Legan Luath a Luachair Deaghadh aonn-duine is luaithe a ufianaibh Éreann, & Daolgus mac Duibdhoiligh aonn-duine is áirde a ufianaibh Éreann, &
255] mac Méin in t-aphac bec aon-dhuine is lugha a ufianaib Éreann, & misi féin aonn-duine is fearr i bfianaib Éreann re clú einigh & láime & oirdearcus conáigh.’

Ann sin adubairt Fionn: ‘Ná bímid mur
260] so nís sia; má tá lucht ciúil nó oirfide nó ealadna 'sa mbaile, tapurtar cuguinn iad, óir ní gnáth damh-sa beith aon-oidhche gan oirfitheadh.’ ‘Indis dam-sa’ ar Conán ‘na ceódla & na oirfitheadha is binde leat fuaruis ariamh.’ ‘Inneósat-sa sin duit,’ ar Finn.


265] ‘An uair bhidh seacht ccatha na gnáthfhéine a n-aon-inadh & thógbait a ccraindgal ós a gceanduibh & buailuit na gaoithe glan-fuara ar feadh na ccraindgal & doníd treathan is tormán etorro, is dona ceólaibh is binne {MS page 12} liom dá ccuala ariamh sin. Is
270] bind liom fós an tan easgurthur teach mór na


p.9

hAlmaine & tógthur na cuirnn comhóla dá ndáil ar maithuibh na Féine; is binn liom bloscadh donidh deireadh na ccoirnn 'gá ttógbháil an uair sin. Is bind liom fós fogur na bfaoilinn & coigedal na gcorr
275] & fuaim thuinderágha & comhrádh (firscarde) arscáth a sgéithe. Is bind liom fós guth na gcuachadh 'sa céatteamain & sceamgal na muc agamuigmhoin daim Cerae a gcnoc Ruadh & nuallán sealga Doire Nouis & sgalguire loin Litreach Néid
280] & mungur na glais-sreab & aphrán trí n-ingean Bic mic Buain & aphrán trí mac Eathach. Is bind liom fós tond fá thír amach & asteach. Is iat sin na fuaslaicthe na gceist do chuiris orm, a Chonán’ for Fionn.


285] ‘Beir buaidh is beannacht’ ar Conán, ‘is binn deagh-cheólach do chomrádh, a Fhinn; & abar riom anois, a rí-fhéinidh,’ ar Conán, ‘cá haonn-duine d'éaruis & d'imcháinis & do chuaidh do rith ó fhianaibh Éreann & é ar leath-chois & ar leath-láim
290] & ar leath-shúil, & créad fá n-aburtur an gnáthfhocal: ‘mur rucadh Roc go tigh Finn.’ ‘Indeósat- sa sin duit-si’ ar Fionn. ‘Aon do laeithibh do chuadhus-sa & maithe na féine maille friom ó Theamhair Luachra amach, & ní fuaramur do
295] sheilg nó do fhiadach an lá sin acht aon-agh allaidh amáin; & do bruitheadh hí & tucadh ar mo béluibh-sa dá roind hí; & nír fágbhadh agum-sa di fá deóig acht mad aon-cholpa amáin; & táinic Gota Gaoithe asteach & do iarr in colpa orm-sa, & do fiafraighus-sa
300] de créad fár iarr sé an colpa & gan do bhiadh agum-sa acht é. Adubairt seision gurab ar son a reatha & a rinn-luais féin dub áil leis a fagháil; & tucus an colpa dó ann sin & dubhrus ris co caithfeadh a rioth d'féachuin uime; & do chuadhamur ar an


p.10


305] bfaichthe ann sin & do reath Gota Gaoithe co dian díscir dásachtach; & ní mó ná leath na faichthe do chuaidh an tan {MS page 13} do ruc a dear-bráthair féin fair .i. Caoilte mac Rónáin & tuc an colpa air an láithir chéadna arís cugum-sa, & ní
310] dearnadh d'imreasain nó d'iomurbáidh aguinn an lá sin acht sin; & niar chían dúinne amhlaid sin a ndiaigh dhol asteach dúinn an tan itchoncamur aitheach corr cartaighe cíordhub easbadhach gránda uathbhásach ag cromadh fán dorus d'ar n-ionsaighe &
315] é ar leath-chois & ar leath-láim & ar leath-shúil, & beannaigis dúinn trésna déibh aedarta, & níor suigh aguinn acht seasam ar laochlár na bruigne & ucht ar in luirg reamair iarnaidhe ro bhoí aige & naoi ndruimne furre & co ngerrfadh gach droim díbh
320] ruibe re sruth nó le gaoith. Fiafraighius-si don aicheach cá hionadh asa ttáinic nó cá raibhe a triall nó a forceand. 'Aitheach mé chuartaigheas mórán don domhan’ ar sé, ‘& do chuala do chlú-sa & h'alladh & h'oirdearcus a mbélaibh súadh &
325] seanchaidae & lucht léighti léags & leabhpur innisin oinigh ar caslibh & raite maithusa ré (fleadhuibh), & fós do chuala-sa gur do na daoinuibh dob fhearr fó thuilleadh & fá thuarustal, fá mhaon & fá mhaithusa dá raibhe 'sa domhan tú & nár diultuis aondhuine
330] ariamh & nár chaínis aonn-duine ariam, & ar in adhpur sin tánac-sa d'iarraidh maoine & maithiusa fort-sa, a Fhinn mic Cumhaill.’ Do fhreagras an t-aitheach ann sin & as eadh adubras: dá mbeith an bith uile agum-sa, nach thiubraind a bheag ná a mór
335] dó-san de. Adubairt an t-aicheach gur bréag do haithriseadh uaim-si nár éarus duine ariamh. Adubart-sa nár dhuine eisionnacht arracht grána uathbhásach. {MS page 14} Adubairt an t-aicheach arís gurab bréag do hinnseadh uaim nach tucus aithis nó imdeargadh

p.11


340] d'aonn-duine riamh. Do freagair misi sin & as eadh adubras: dámad duine eisionn nach ttiubrainn aithis dó. ‘Más eadh’ ar an t-aitheach, ‘tapur an colpa sin it' láimh damh-sa & bíodh slán na féine fám' fhastóghadh, & ní iarfad (d'uigeachaibh)
345] oruibh acht fad an cholpa
féin, & ná gabthur greim díom nó co ttuca mé an céd-choisghéim don láithir uaiph amáin.’ Arna chlos sin dam-sa tucus-sa an colpa a láim an aithigh & tuc an t-aitheach baoth-léim árd-aiceantach tar sonduibh sithárda in bhaile,
350] & do chuaidh a muinighin a reatha & a rind-luais co lúthmur léidmeach lán-éadrom. Arna fhaicsin sin do seacht ccathaibh na gnáthfhéine, gluaisit 'na dhiaigh ina mbuidhnibh (tuineda) troma toirtamla tréan-luatha & ina siothaibh 1 siubhlacha
355] sár-luatha glan-reatha & ina bfeadnachuibh borba brígmura gníomh-aigmhéile & ina sluaithibh ceangailte córidhe dosgaoilte, & ní mó an radarc do bhí ag an bfear ba neasa dhó don fhéin ar an bfathach ag dol tar gach mullach tulcha nó sléibhe nó a chéile. ’


360] ‘Agus do chuaidh mise & aois ciúil & oirfite & ealadhna na féine ar taidhphlibh in dúnaidh & in grianán dá bféachain; & ní mó ná aon-amharc do choncamur forro, & ó tchonarc-sa misi an taghraim ag dol a ffad uaim, do gabh machtnughadh meanma mé a
365] ndiaigh na féine, & do bheanus díom a raibhe d'eireadh & d'éadach umam & do gabhus cugum eireadh reatha & ruaga & ní rugus d'arm liom 15 acht Mac in Luin am' láim; & do rucus ar deireadh na féine ar Sliabh Uige in Rí theas, & do fhágus iat
370] sin amh' dhiaigh; & rucus ar in trian meadhónach dhíobh ag Luimneach; & do fhágbhus iat sin mur an céadna; & rucus ar in (ngnáthfhéin) & ar luathaibh na féine ag Áth Mór risí ráiter Áth Luain aniudh & do fhágbhus iat sin; & do gabhus rind na


p.12


375] ruaga & tosach na tagrama chugum féin uathaibh uile ann sin lámh dheas re Cruachain Connacht, & ar fiarlaoid Éreann ar gach áth & ar gach aphuinn & ar gach all & ar gach machaire & ar gach sliabh dúinn (cara) in caomh-laí sin; & ní bfuarus ariamh
380] teannta? catha nó cumluinn do ló nó d'oidche macasamhla sin do teandtach reatha. Acht atá ní cheana, ráinic in t-aitheach go hEas Ruaidh mic Moghuirnd & do ling co cos-tirim an t-eas romham-sa, & lingim-si 'na dhiaigh é mur in céadna; & tic uam
385] lámh deas ré tír a tiomcioll Éreann go ttáinic do Beann Éaduind mic Éadghaoith in fhéineadha; & mur nach roibh a dhol ass aige, do shamail léim do thaphairt 'sa bfairge. Is ann sin tucas sitheadh sanntach solámaidhe & cróin-ruathur curata céim-láidir
390] ar in fhathach, go rucus ar chaol choisi air, gur buailus creat a dhroma fria lár & fria lán-talmain. Is ann sin do ráidh in t-aitheach: ‘Is éagcóir dhuit, a Fhind, mo leanmuin, uair ní friot dorindius coimeas, & is olc dorinis theacht eadram & in fian nó
395] go bfaictheá cionnus do rucainn dóibh.’ Adubhrus riseann nárbh éagcóir a ndearnus, co tuc-san slán na féine faí & nárb iomlán in fhian am' éagmhais féin. Ní mó ná a dheireadh sin tairnic dúinn do rádha, {MS page 16} in tan tánic Leagan Luath ó Luachair
400] Deaghadh cugainn & Caoilte 'na dheaghaidh & luathfhéine uile a ndéigh Caoilte, & do fhóbhradur sleagh gacha fir accu do sháthad 'san bhfaitheach & a marbadh fóm' lámuibh-si dom' aimdheóin: & gidh eadh, do ainceas orru é ar éigin. Garit dúinn ina
405] dhiaigh sin in tan rucadur tromlach na féine uile oruinn & ro fhiabhraidur créad tuc oruinn gan in t-aitheach do marbad. Adubairt in t-aitheach: ‘Do badh olc in comarle mo marbad, ór do íogheólthaoi oruibh mé go maith, ór do muirfidhe

p.13


410] duine bad fearr ná mé féin iondam’; & searb leo-san sin, do ainceas in t-aitheach orru & do creapladh & do cruaidh-chuibreadh co daingean é. Agus níar chian dúind 'na deaghaidh sin an tan do choncamur Bran Bec ó Buadhachán d'ar n-ionsaighe.
415] Do fhear fáilte romhainn uile & dubairt friom-sa co raibh fleadh urlamh ioncaithmhe aige fóm chomhair & gur maith leis mé dhol dá caitheamh in oidhche sin; & do chuamar leis in líón uámur ann sin d'fhianaibh Éreann, & do heagradh teach a
420] (lán-oireachta) óla aguinn; & do tairngeadh in t-aitheach & creat a droma fria lár re lán-talmain, & do ceangladh do thoraidh in ríoghthoighe hé a bhfiadhnuise cáich uile; & in tan ba háine dúinn ag ól & ag aoibhneas & ag urgáirdiughadh meanman & aiceanta, do fhiafraigeas
425] don aitheach cia hé féin nó cá cindeadh dóRoc mac Dichon ’ ar in t-aitheach ‘m'ainm-se .i. mac reachtaire in Broga ós Bóinn dom, & tuc mo bhean searc & síor-grádh dh'fhear eile .i. do Sciath Breac mac Dathcaoin .i. do dhalta-sa féin, a Fhind, & do bhí
430] mo bhean-sa co mór ag molladh luais & ratha na féine; & {MS page 17} mur do chuala-si isi dá rádh sin, adubras féin co bfúigfind féin luatha na féine & co bfúigfind in fhian uile ar ulca re Sciath Breac mac Dathcaoin. Arna chlos sin dísi, do greamaidh sí
435] misi fá sin d' féchain risin fhéin. Do chuas-sa ann sin mur a raibhe mo cháirde draaoidheachta & do éagaoinius sin riú & do chuiredur insna reachtuibh-si mé; & is leór dam ar imreabhar-si d'olc & do míomhodh orm, & scaoilidh díom anois’; & dorineadh
440] amlaidh sin’ ar Fiond; ‘do scaoileadh don aitheach; & is uadha sin gorther an seanfocal: ‘mar rucad Roc go teagh Find.’ ‘Agus is iat-sin fuascladh na gceist do chuiris orm, a Chonán,’ ar Finn.’


p.14

‘Beir buaidh & beannachtain, a Fhinn’
445] ar Conán. ‘Is mór in t-athgearrughadh aimsiri & dubróin dúinn beith ag éastacht ré do bhindchomrádh; & abar riom anois caidé na sé hionganta is mó atá 'san fhéin.’ ‘Adéar-sa sin’ ar Fionn, ‘.i. óglách bodhbhur atá 'san bféin, & ní dearnadh duan
450] nó duchann nach biadh do dirm degh-foghluma & do glan-meabair aige. Iongnadh eile atá 'sa bféin .i. fear coise croind itá innte & fágbaidh sé an fian uile do rith idir choin & each & duine. Ingnadh eile itá inti .i. fear dall, & ní tuc urchur n-iomruill
455] a ló nó a n-aoidhche ariam. Iongnadh eile itá inte, bean atá agam-sa féin & bí sí marbh gach n-aoidhche & beó gach lá, & ní hannsa liom bean dá raibhe ariamh agum nó í. Iongnadh eile itá inte .i. óglách itá acu & bí gach ré mbliadhna 'na mhnaoi
460] & 'na fear & beiridh clann in tan bhus bean é, & berthur clann dó in tan bhus fear é. {MS page 18} Iongnadh eile atá 'sa bféin .i. sleagh atá agum-sa .i. sleagh Fhiacha mic Croinghind, & an n-uair teilgtear a ndeóigh a hurluinne hí doní geóin & acuis & díghbháil
465] don té nó don mbeadhadach ré teilgtear hí, & in uair caithtear a ndeóigh a reanna hí, ní déan doladh nó díghbháil don duine nó don mbeathadhach ré ccaithtear í. Agus is iat sin ionganta is mó insa bféin,’ ar Fionn, & dorinde in laoi[...] ‘As iat sin
470] fuascladh na gceist do chuiris, a Chonán,’ ar Fiond.

‘Rod-fia buaidh & beannachtain, a rígh- fhéinidh,’ ar Conann; ‘& abar friom anois créad ó bfuil ‘oídhachtus Find co teach Cuanna.’’ ‘Inndeósat-sa’ ar Fionn. ‘Aon do laeithib do bhádus-sa
475] ar mullach Cairn Fearadhaigh gairid bec ó Luimneach. Cúigear óglách dúinn ann .i. misi & Oisín & Caoilte & Mac Luigheach & Diarmuid ó Duibhne, & ar


p.15

ccúig ccoin innar bhforradh .i. Bran & Sceólang & Caoldubh & Adhnuall & Luath Luachar, & ní cian
480] do bhámur ann sin an tan do choncamur aitheach adhuathmur urgránda seachainn & gabhul iarruinne re a ais & muc a nglaic na gabhla sin ar a mhuin ag scréachadh & inghean óg álainn na ffaradh & hí ag iomáin & ag brostugadh an aithigh rimpí; & adubhras
485] neach do dhol dá n-agallaimh. ‘Rachat-sa’ ar Diarmuid. Reathas Diarmuid co dian díscir dásachtach & ní ruc orru. Do greimeamur uile & do reathamur 'na ndeaghaidh & ní rucamur ar Diarmuid ná orru-san. Feadh tamaill dúind mur sin gur cuireadh
490] ceó doilfe draoiachta dúinn, conár bfeas dúinn cár gabh in t-aitheach ná in inghean ná in mhuc uainn; & ar scaoileadh {MS page 19} don ceó sin uainn & sinn ag féaghain na ceithre n-airdhe gach taobh dínn, co bhfacamur in teach 2 Cuanna (Cindam) & in dúnadh
495] ríoghdha ro-mhaisseach inar comhfogus leith-iomeal in fheadha móir, & do chuadhmur dá ionsaighe & do concamur dá thioprait ar in bfaithche amuidh lamuidh don dúnadh.i. thioprait díbh & eascra álainn umhaidhe ar a bruach & tioprait eile & eascra agh-gharbh
500] iarnaidhe ar a bruach. Táncamur don dúnadh ann sin & as eadh do bhí do daoinibh astigh .i. óglách forusta fionnliath a gcaithaoir álainn órrda d'ar láim dheas ag dol asteach dhúinn, & ingeann óg álainn ina fharradh, & aitheach ar broinn na
505] teineadh ag bruith muice, & óglách mór míleata don leith eile don teinidh & dá shúil dég ina chionn & dá mac imleasain dég in gach súil. Do bhí peata reithe astigh & bolgán glé-geal aige & ceann cíor-dubh & dá adhairc dubh-ghorma & ceithre cosa uainne
510] faoi; & cailleach a n-iarthur an tighe & brat odhur-ghlas uimpi; & ni raibhe do dhaoinibh astigh ann acht mur sin; & ro fhear in t-óglách do bhí 'san

p.16

ccathaoir fáilte frinne & do shuidhemur ar laochlár na bruighne. ‘Déantur friotheoladh d'Fionn & dá
515] muinntir’ ar in t-óglách do bhí 'san gcathaoir. ‘Fuath liom sin’ ar in t-aitheach ‘impidhe do thapairt & gan a bec nó a mór do déanam ar an impidhe sin[excl ]’ Agus cérbh eadh, dorinne umallfhosaig dhúinn. Agus níarb fada dam-sa mur sin in uair do gabh
520] an íota ba mó ar domhan mé & níar glac a macasamla mé ariamh roimhe sin; & nír mothaigh duine dá raibhe astigh mé mur sin acht Caoilte ina aonur, & do uhí dom' éagaoine-si co mór & ní raibhe fhios aige cionnus d'furteóchadh sé orm. ‘Créad é in
525] éagaoine sin ort?’ {MS page 20} ar fear in tighe re Caoilte. ‘Acht éirghe amach & tabhar deoch leat as an dara tioprait atá 'san bfhaithche aga bfhuighe tú an t-eascra álainn cum an rí-féindidh.’ Arna chlos sin do Caoilte, do gluais Caoilte roimhe cum na
530] tiopraiti & do chuir an t-eascra fón tioprait & tuc a lán leis cugum-sa, & tuc amh' láimh-si é; & ibim-si deoch as & do uhí blas meala fuirre an fad do bhíos ag a hól, & in uair do cuirius dom chionn í, do bhí blas an domlais ae um' bhél dá héisi & do
535] éirgedur mo gaoi cró & na huile ghallradha & easláinti orum; do badh bec má bhí anaithnidhe mé, mur táncadur airgheanna báis & becsaoghail damh; & gér mór éagaoine Caoilte orm-sa roimhe sin, do ba ro mó a éagaoine an uair sin orm iná sin. Is
540] ann sin do labhair in t-óglách arís re Caoilte & adubairt ris a dol amach & deoch do tabairt leis as an dara tioprait do uhí amuigh cugum-sa.’

‘Do chuaidh Caoilte amach ann sin & tug lán an eascra aghghairbh iairnaidhe cugum-sa as an dara tioprait.
545] Ibhim-si deoch as, & in comhaired bhádhus ag a hól nocha fuarus teandta catha nó comhluinn ariamh badh doilge liom nó fad do bhíos dá hól ar a sheiruhe,


p.17

& in uair do cuirius dom' chionn í táinic mo dhath féin orm arís. Is annsin do fiafraigh in t-óglách
550] 'nar bhruithe an mhuc do bhí 'sa gcoire. ‘As eadh co deimhin’ ar an t-aitheach. ‘Do concus damh féin in mhuc do ruind’ ar in t-óglách. ‘Ciondus sin?’ ar in t-aitheach. ‘Béarad an ceathramha deiridh d'Fionn & dá choin & béarad an ceathramha
555] deiridh eile dá ceathrur óglách {MS page 21} & an ceathramha cind dá ceithre conuibh, & biaidh in ceathramha eile agum féin & ag an scológ úd thall ag in teinidh & ag in cailligh út thiar 'sa ccuilidh, & béarad a droim & a tarr & a huruscall duit-si & don inghin óig sin it'
560] fharadh.’ ‘Is briathar dhamh-sa’ ar in t-aitheach ‘gur maith do roindis-se í.’ ‘Is briathar dhamh-sa’ ar in peata reithe ‘gurab olc do roindis-se orm-sa & gurab éagcóir do dearmuidis-se misi fán muic.’ Agus is cuma ro bhí dá rádha & tug sithi sanntach
565] solámhaidhe ar in cceathramain do bhí a bhfiadhnuise mo ceathruir óglách-sa & ruc leis insa ccuilidh í & do gabh ag a hithi ina bhfiadnuise. Do éirgedur mo muinntir-sa & tucadur a cceithre ccuilg amach & do gabhadur ag bualadh in reithe a n-aonfeacht; &
570] nírb fearrde fordeargadh air & nír scuir eisean d'ithe na ceathramhan.’

‘Is ann sin do labhair in scológ go rabhadur na súile iomda ina cheann & as eadh adubairt: ‘A chomhdhe cumhachtaigh, is mairg gá bfuil in ceathrur óglách do leig don reithe a
575] ccuid d'ithe dá n-aimdheón féin ina bhfiaghnuise.’ Agus is cumha ro bhí dá rádha & tuc in scológ sithe ar in reithe & do cuir a cheithre cossa ina láimh & tug urchur dhe don taob amach don dorus; & ní fhacamur in reithe an fad do bímur asteigh acht sin.’


580] ‘Nírb fada dhúinn 'na dhiaidh sin in tan do éirge in chailleach & tuc urchur don uhrat odur-glas do uhí uimpe ar mo ceathrur óglách-sa, & dorineadh ceithre


p.18

seanóiridhe críon-croma cúil-liatha cnáim-arrsaidh díobh; & mur do chonairc misi sin’ ar Fiond, ‘do
585] ghabh {MS page 22}eagla mór mé co ccuirfidhe mé féin insna reachtuib sin. Agus mur do mothaigh in t-óglách do bhí astigh in eagla sin orum-sa, do goir sé misi cuige féin, & do chuadhas ann sin gan fhuireach & do shuidhios ara gualainn; & táinic áilgios codhlata
590] damh & adubairt in t-óglách riom mo cheand do cur ar a glún & codladh do dhéanam; & dorinnus amhlaidh sin, & is gairit do bádhus ann in tan do mhúscail mé as mo chodladh, & do éirghe in cailleach & do bhain in brat dom' cheathrur óglách-sa & do chuir
595] ina reachtuibh féin iat arís.’

‘Maith, a mh'anam, a Find,’ ar in t-óglách, ‘an iongnadh leat córughadh an tighe-si ina bfuilir ?’ ‘Adubras’ ar Fionnd, ‘nach bfaca-sa ariamh ní badh ionganta ná é,’ ‘Inneósat-sa duit-si, a Fhind,’ ar in t-óglách.
600] ‘ordughadh & samhladh in tighe-si. An t-aitheach úd do concais & in mhuc i nglaic na gabhla aige, an leisge tuigtear as sin; & in inghean do concais ina fharradh, meanma an duine tuictear as sin; uair as í is luaithe ar bith, uair cuiridh an duine a
605] meanma ré prap na súl isan eólus nach rachfadh sé féin ann ré dhá fhichid bliadhan; & as í an inghean ruc uaibh-si in t-aitheach út itconcais; & in scológ út itconcais & na súile iomdha ina cheann an saogal tuigtear as sin, uair is ionnan airgionna
610] dhóibh; & an reithe úd itconcais, cosamhlacht an duine tuigtear as; an bolgán geal atá aige, subhachus in duine sin; & in dá adhairc dubhgorma itconcais, cosamlacht in éaga sin; & na ceithre cossa uaine itconcais aige .i. ceithre tallona na haimsire
615] sin .i. ceithre ráithe na bliadhna.’

‘Agus an bfacatú mur do éirghe an saogal cum an reithe & cuir {MS page 23} ar neimhthní a gcéadóir é ? óir téid ágh an tshaogail ar gach créatúir ar in domhan. Agus


p.19

in cailleach itconcais, an críne tuigtear aisde, & do
620] conairc tú féin mur do chríon a héadach an ceathrur laoch arar chuir é; & in fhírinde & in breug tuigtear as in dá thiobraid asar ibhis in dá dhigh, óir gi millis le duine in breug dhá déanamh, is searbh fá dheóigh í, & in fhírinde imorro, gidh searbh le duine ‘gá déanamh,
625] is millis fá dheóigh í. Agus is iat sin scéala & iomthús in tighe-si, a Finn,’ ar in t-óglách; ‘& ní ann so do ghréus bhím-si; & co ttugus grádh éagmaise duit-si & gur chuirius in t-aitheach út ar do cheann dot thaphairt don tigh-so anocht ar tí neamhshuimh
630] do bheith agad ionnsa saogal & a chosmalacht do thaisbéanadh dhuit; & béarair-si fios mór leat a haithle h'oídhachta anocht & badh é ‘oídhachta Find go teach Cuanna’ ainm in sceóil-si co bráth. Agus a n-Innsibh Ciúil bhím-si do bhunadh,’ ar in
635] t-óglách.’

‘‘Do bhímur mur sin in oidhche sin’ ar Fionn, ‘& ag éirge dhúinn as ar ccodhladh arna mhárach, is ann fuaramur sinn féin, a mullach Chairn bhFearadaigh & ar ccoin & ar n-airm aguinn go hiomlán’; & itbert Fiond:’

    1. 640] Cúigear do chuadhmur do sheilg
      co Cairn bFearadaigh bhforrdeirg,
      Oisín, Mac Lugach má le,
      Caoilte is Diarmuid ó Duibhne.
    2. Ar ccúig coin ba coscrach réim,
      645] Bran agus Sceólang co scéimh,
      agus Adhnuall co luas luin,
      Caoldubh is Luath Luachair.
    3. Atchoncamur, comhall nglé,
      éan-bhean is aitheach rimpe;
      650] gabhal trom úir iarruinn fair,
      muc leó 'na glaic ag scréachaigh.

    4. p.20

    5. Cuirmid-ne dia (bhreith) scéal
      Ua Duibhne fá derg a bhél;
      do chuadur uadh leath ar leath
      655] an ingean is in t-aitheach.
    6. Do bhí in reithe tharla astigh
      g cheathrur-sa fa proinnigh;
      is eadh do bhímur astigh 3
      a bhféagmais ar ccon cúigear. Cúigear.


660] {MS page 24} ‘As iat sin fúaslacadh na gceast do chuiris orum, a Conáin,’ ar Fionn. ‘Beir búaidh & beannachtain, a rí-fhéindidh,’ ar Conán; ‘is mór maith in oirfide dhúinn bheith ag éisteacht red' scélaigheacht.’ Is annsin adubairt Díorraing mac Doghair:
665] ‘Créad dobeir dhúinn gan codhladh do dhénamh? Óir in chéad-oidhche dobeir fear bean, is luaithide is áil leó codhlad é.’ ‘Éist, a Dhíorraing,’ ar Conán, ‘is gairid lind a bheith mur atámuid, bheith ag friochnamh comhráidh re chéile, úair atá ar ndiongmhála
670] do shean-mhiodh so-óla ro-mhillis aguinn. Agus abair riom anois cia aga ndearnadh an dord fían ar tús a nÉrinn & cá líon bhí dhá dhéanamh.’ ‘Inneósat-sa sin’ ar Fiond. ‘ Ag ceithre macuibh Cermada mic Milbheóil mic in Dagdha do rinneadh é, &
675] naonbur laoch lán-chalma doníodh maille friú é; & gach aon aga ndearnadh ó sin i lleith é, is naonur do chanadh é’; & itbert in láoi ann:

    1. An dord fiansa cídh día ttá
      ní fheadrait fir ináit mná,
      680] isfeadruinn duine dhe
      cia dorad dona fianaibh.

    2. p.21

    3. As dóibh do radadh ar ttús
      in dord fiansa re iomthús,
      ionmhain buidhen doníodh in chóir,
      685] macne Cearmada Milbheóil.
    4. Cass mac Coráin cruaidh a ainm,
      trí bliadhna aige a n-Olltaibh,
      do canadh aige re a lá
      risin fhéin in dord fiansa.
    5. 690] Gach aon do ghabh flaithios fíor
      ar na fianaibh gan dimbrígh,
      naonur laoch gach fear don droing
      co ttáinic mac mic Cubhaill.
    6. Ón lá tánac-sa sunn seal
      695] am' fhlaith fhéinne Gaodhal ngeal,
      aon fear dég ar fhichid rem' lá
      doníodh agum in dord fiansa.

‘As iat sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Conáin,’ ar Fionn. ‘Beir búaidh is beannachtain,
700] a rífhéindidh,’ ar Conán; ‘ is maith in oirfide & in ealadha dhúinn a bheith ag éisteacht ré do mhilis-{MS page 25}chomhrádh. Agus innis dúinn anois, a mic Cumuill, caidhé caradradh Bruin & Sceolang friot, & cionnus fuarais iat, & cia hiat na mic mháthar
705] atá acu a fianaibh Ereann & iat 'na ndaoine.’ ‘Indeósat-sa sin’ ar Fionn. ‘Feacht n-aon dá ttáinic mo mháthair féin chugum-sa ar cuairt & a deirbhshiúr maille fría .i. Muirnn Míonchaomh inghean Taeidhg mic Nuadhat mo mháthair-sa &
710] Turrnae Durrbhél inghean Taoidhg a siúir, & dob í sin uair & aimsir fá ttarla dhá rí-fhéinidhe Ulladh am' fharradh-sa .i.


p.22

Oilioll mac Eathach & Daolgus Fionn mac mic Cais Cuailgne; & do bhí Oilioll ag suirghe le Turnae inghin Taoidhg .i. deirbhsiúir na
715] máthur sin agum-sa, & do grádhaigh co mór í; & arna grádhughadh mur sin dó, do iar orum-sa mur mnáoi í, & do fhaomhus a taphairt dó ar acht fána fagháil slán iomlán damh féin arís in úair do iarfuinn í; & is uime do rindius sin .i. leandán bantshíoghaidhe
720] do uhí aige-sion .i. Uchtdhealbh inghean Collamhair a ttuaidh, & dob í sin dob eagail liom-sa do mhilleadh deirbhsethuir mo mháthur; & gidh eadh tucus dó í, & tucus as mo láimh féin í a láimh Oisín & Chaoilte & as láim Caoilte a láim Mic Luigdheach
725] & as láimh Mic Luigdheach a láim Dhiarmada uí Duibhne & as láimh Diarmadha a láim Ghuill mic Mórna & as láim Ghuill a láimh Lugdach Lágha mic Eogain Taídhligh; & tuc Luighaidh a láimh Oillealla mic Eathach í & adubairt: ‘Is amhlaidh
730] do bheirim-si in bhean sin duit-si, a Oillill, fána fagáil slán iomlán d'Fionn & do na slánaibh ar cheana, nó do cheann-sa do taphairt a láimh Fhind.’ Do fhaomh Oillill sin; & tar éis sin rug Oillill Turnae leis dá thigh & do uhí aige nó gur toircheadh í. Is
735] ann sin táinic leandán ban-tsíoghaidhe Oillealla mic Eathach a riocht bhain-eachlaighe do mhuintir Fhind chuici & aduphairt ria: ‘Do cuir Fiond beatha & sláinti cugad, a ríogan,’ ar sí, ‘& adubairt friot eineach maith do dhénamh; & tarr amach co lapraind
740] friot, óir atá deifir orum-sa.’ Do chuaidh an ríogan amach,’ ar Fionn, ‘& gairrit do chuaidh in tan tuc an uhain-eachlach slat draíachta amach óna coim {MS page 26} & do bhuail buille ar in ríogain dí, co ndearna sadh bhreac-dearg di dob áille do connuibh in
745] domhain ar in láthair sin, & ruc léi í co teach Feargusa Findléith in oidhche sin í .i. Átha Cliath; óir is amhlaidh do bhí Feargus Findliath ina dhuine do

p.23

ba neamhchonchuire ar domhan, óir ní lamhthaí cú do thaphairt a n-éan-toigh fris; is táinic in
750] uhain-eachlach mur a raibh Feargus Finnliath & adupairt fris: ‘Do chuir Fiond beatha & sláinti chugad & aduphairt friot in cú-sa do choimhéad co maith & maith mór do dhéanamh dhí, & go bfuil cúan maith inti. Agus ná tapur sealg ná fíadach
755] uirthi & go háiridhe in úair mhéideóchus a brú iomchuir léi co maith.’ Iomthúsa Fearghusa Fhinnléith, táinic lá éigin lena choin do sheilg & d'fhiadhach & d'fhéachain 'nar chú maith í, & marbhus caogad fíadh in lá sin, & co ceand míosa 'na dhiaigh
760] sin níor bhlais mórán beathadhach, & do mhéadaigh a brú ann sin & ní tugadh sealg nó fiadhach uirthi. Ní raibhe mórán a nEirinn learbh annsa na coin ná Feargus Finnlíath ó sin amach. Dob í sin uair & aimsir fá ttarla bean Feargusa Findléith taobh-trom
765] torrach & do ruc sí mac don toirrcheas sin, & ruc in cú dhá chuilén .i. sadh & fearchú. Agus do bhí olc eile ag leanmhuin mná Feargusa Findléith .i. fomóir mór do thigeadh don bhfairge ag breith gach leinimh dá mbeireadh sí leis; & is amhlaidh do beireadh leis
770] iat .i. do chuireadh in cruadh-lám fada fhéitheach fhorgránna do bhí aige tré mullach in tighe anúas & mur sin do beireadh leis iat uathaibh uile.’

‘Mo dhála-sa,’ ar Fionn, ‘tarla mé in lá sin ag dénamh sealga a nUisneach Mhidhe & mé
775] am' shuidhe am' dhumha sealga, & ní cían do bhí mé ann in úair do chonairc mé aon macaomh déag ag teacht dom' ionnshaighe co mbúaidh ccrotha & ndatha & ndealbha & ndéanmhusa, & do bheannaigheadur damh tresna déibh adharta; & do
780] fhreagras-sa iat fán cuma céadna & do fhiafraighius-sa cia hiat féin nó can asa ttángadur. ‘Do iarramur


p.24

mórán do chríochaib in domuin ag iarraidh tiagearna dilis diongmála ó bhfuighmís séan & maoine & maithius’ ar fear dhíobh. {MS page 27} ‘Créad iat na cearda
785] nó na healadhna doní sibh?’ arsa misi. Do chuadur-san a gceann scéal d'innisin damhsa ann sin. ‘Mise’ ar in céadfear dhíobh ‘Freagartach mac Fir Mórfeasaigh .i. fear fuaisluicthi ceasta is fearr ar doman misi.’ ‘Mise’ ar in dara fear díobh-sumh ‘fear fadóighthi
790] teneadh is fearr ar bith.’ ‘Mise’ ar in treas fear díobh ‘Dáil-gan-easbaidh .i. dáileamain is fearr ar bith.’ ‘Misi’ ar in ceathramhadh fear dhíobh ‘Mac Sobhartain .i. ronnaire is fearr ar bith.’ ‘Misi’ ar in cúigeadh fear dhíobh ‘fear cluais-éistechta
795] is fearr ar bith.’ ‘Mise’ ar in seiseadh fear ‘tréanfear is fearr ar bith.’ ‘Misi’ ar in t-ochtmhad fear ‘Comhluath-ré-gaoith .i. duine is luaithe ar bith.’ ‘Misi’ ar in naomadh fear ‘Sgread mac Urchuir .i. fear lámhaigh is fearr ar bith.’ ‘Mise’ ar in
800] deachmadh fear dhíph ‘Mac Drintere .i. dreapaire is fearr ar bith.’ ‘Misi’ ar in t-aonmadh fear dég dhíoph ‘Faill mac Teltóigh .i. telltóigheach is fearr ar bith; uair is amhlaidh bhíos an chorr is a leath-shúil dúnta is a leath-shúil eile fosluicthe, &
805] fionaim-si in tsúil dúnta gan fhios don tshúil fosluicthi.’’

‘Adubhras-sa gur maith na cearda sin uile’ ar Fiond, ‘& adubras go bhfosdeóbhuinn féin iat; & dorinnedur a ccoraidheacht riom & do geallus
810] a mbreith féin do thuarustal dóibh & do fhiarfaighius: ‘Cá háit a bfuil an fear feasa & fíor-eóluis?’ ‘Atáim sunda’ ar sé. ‘Créad na huilc is mó doníthear a nÉirinn anocht?’ ‘Inneósat-sa sin’ ar in macaomh; ‘.i. Feargus Finnliath rí Átha Cliath,
815] & is amlaidh atá in fear sin & fomóir mór fairge ag


p.25

breith gach leinimh dá mbeirionn a bhean uadha ré seacht mbliadna diaigh a ndiaigh; & ruc a bhean mac aniudh & béaraidh in fomhóir leis anocht é.’ Adubhrus-sa ann sin gur bec an t-olc sin a
820] nÉirinn, gér mór in t-olc lena muinntir féin é. Adubhrus-sa fós go ndénainn féin bréag nó fírinne dé-sin .i. go rachainn féin in oidhche sin co teach Fearghusa Finnléith. Agus do gluaisimur romhainn co hÁth Cliath & do chuadhmur insa
825] ccuchtair
[gap: illegible/extent: one word]
& ní fhuaramur ann acht daoscairsluagh in toighi; & do bhí Fearghus Finnliath ag seilg an lá sin & do bhí a bhean a ngrianán árd uraoibhinn a ndiaigh an leanamh do breith dhi; & do hinniseadh dí sinne do bheith {MS page 28} 'sa mbaile, & táinic an ríogain
830] chugainn & in leanamh eidir a dhá láimh & fearus fáilte frinde, & cuiridh in leanamh am' ucht-sa & adubairt: ‘Ar do chomairce féin, a Fhind, & ar cumairci fhian Éirionn uile in leanamh bec sin do cuireadh it' hucht go lán-shoillsi an láoi amáraigh.’’


835] Do imidh an ríogan roimpi ann sin, & tucadh ceathramha thuirc & measuir mheadha cuguinn, & adubart-sa: ‘Taiscaighthear súd nó co dtí Fearghus Finnliath,’ & dorónadh amhlaidh sin. Gairit dúinn ina dhiaigh sin in tráth táinic Fearghus
840] Finnliath don bhaile & fearus fáilte frinde & do chuir fios ar lucht an bhaile & do líonadh in teach mór uile dona maithibh aguinn ar gach taobh, & do goirius-sa ar fhear fadóighthe na teineadh & adubhrus ris teine d'fhadógh co luath dona maithuibh. Do
845] éirghe an fear sin co humal éascaidh & do glac maidi fuair astíogh & do sgoilt é & do fhadógh teine mhór ann conár fadóigheadh a ttigh mór na hAlmaine a macasamhla do teinidh. Tucadh cugainn ann sin an ceathramha thuirc do taiscaigheadh reimhe sin
850] uaind. Adubras-sa risan ronnaire éirghe & sin do


p.26

roind. Do éirghe in ronnaire & do roind an fheóil & ní raibhe 'san ccúirt uili gan a bheith subhach sáitheach di. Agus adubras-sa mur in gcéana frisin dáileamhain éirghe & in mheasair mheadha sin
855] do dháil for cách. Do éirghe in dáileamhain & do dháil in mheasair for na sluaghaibh, guruho measca meadhair-caoin uili iat, gur thuit gach aon díobh seacha. Agus do déargaigheadh iomdha dhamh-sa ann sin & do chuadhus uirthi & do ghoirius ar an fear
860] éistachta & ar in tréanfear & adubrussa leó bheith ar colbha mo leaptha féin & faire & forcoiméad maith do dhéanamh dhúinn & thairis gach ní in leanamh do choiméad co maith ar eagla in fhomóir.

‘Do uhámur mur sin tréimsi & tamall. Is
865] ann sin do labhair in fear éistachta & as eadh adubhairt: ‘Do chluinim tairm & treathan in fomhóir ag teacht ar in fhairge fo thuaith.’ ‘Cá háit a ttiocfa fá thír?’ ar in tréanfear. ‘Ag Beinn Éadain’ ar in t-éistóir. Nírbh fada dhóibh mur sin in tan adubhairt
870] in t-éistóir {MS page 29} risin tréanfear; ‘Táinic in fomhóir fó thír a mBinn Éadainn’ ar sé. Agus nír shiubhail áth nó cnoc nó tulach ó Bhind Éadain nó co raibhe ar in bhfaichthi nach inniseadh in t-éistóir don tréanfear; & ar tteacht don fhomór ar an bfaichthi
875] amuidh, do dhúisigh mise,’ ar Fiond. ‘Ar ndúscadh damh, is ann sin do shín in fhomór an cruadh-lámh fhada fhéitheach ro-neartmur tré fhír-mhullach an tighe anúas. Do fhiafraighius annsin cá raibhe in tréanfhear. ‘Atáim sunda’ ar in tréanfear.
880] Adubhrus-sa fris breith ar láimh in fhaithigh. Is ann sin do ruc an tréanfhear ar in láimh & thug tairring neartmur uirrthi, gur bhúail ceand an fhathaigh ar mullach na bruighne don taobh amuigh co hanshocair. Tuc in fomóir tairring eile air-sean,


p.27


885] gur bhúail a cheand ar mhullach na bruighne don taobh astigh. Tug-san an dara tairring ar in láimh gur thairring in lámh fada féith-reamhar as a ghualing & as reamhar-chorp in fhir mhóir, gur thuit in lámh 'na heaslainn mhóir mhímhasaigh ar fíorlaoid na
890] bruighne & na caithreach, gur chuir torann & treathan na láimhe soilsi na bruighne & na caithreach uile ass. Do éirghios-sa in sin’ ar Fiond, ‘& tucas fó deara lóchraind sholus-móra do lasadh arís, & do uhámur ag féachain & ag ionghantus na láimhe;
895] & mur do conairc in t-aitheach sin, do shín in lámh do bhí aige & ruc in leanamh beag leis do chliseadh uaidh, & ní raibhe acht áit in leinimh aguinn. Táinic bean Fearghusa chuguinn ann sin & tuc imdeargadh mór dhúinn & as eadh adubhairt: ‘Ní bfuil acht
900] clú & alladh bréige oraibh, a Find agus a fhiana Éreann’ ar sí; ‘uair is doiligh daoibh cumairce eile do dénamh in uair nach ttairnic libh aon leanamh bec do choimhéad ré headh aon oidhche amháin.’’


905] ‘Arna chlos sin damh-sa’ ar Fiond, ‘do ghlac náire mé & dob é sin imdeargadh do ba mhó liom dár bhfuarus roimhe sin ariamh. Agus do éirghius mochtráth arna mhárach & m'aon macaomh déag maille friom & do goirius ar in lorgaire & ruc lorg
910] in fhir móir go Binn Éaduin. Do fhiarfaighius-sa cáit a raibhe in fear dionguhála ceist. ‘Atáim sunda’ ar sé. ‘Ceist dot cheastuibh curach cailg-díreach d'fagáil dúinn uhéarus ar muir & ar mór-fairrge sinn.’ Agus ní mór co ndubrumur sin in uair do choncamur
915] curach cailg-díreach {MS page 30} luchtmur léidmeach bláith-bheandach sleamhain slios-bhláith luath-réimeandach dar n-ionnsaighe ar feadh mara & mór-fairrge, & dá rámh gheal-airgit fair & é ag frais-iomramh na mara


p.28

ina thiomchioll, & do chuaidh misi & m'aon macaomh
920] déag insa curach. Trí lá & teóra hoidhche dhúinn ar muir & ar mór-fairrge nó co bhfacamur oiléan uaind ar in muir & do chuiremur ar ccurach a dtír ann. Ní cian do uhámur dá shiubail in uair do choncamur an dúnadh ríogha ró-mhaiseach & píoláit álaind
925] iongantach & sunnach íarnaidhe ina tiomchioll & mórán do chuaillibh fada reamur maille ris & ceand duine ar gach aon cuaille dhíobh. ‘Is adhuathmur gráineamhuil suidhughadh an bhaile-si’ ar Fiond. ‘An fhuil fhios agat-sa, a Fhinn,’ ar na macaoimh,
930] ‘cia hé in baile-so nó cia is tigearna fair?’ ‘Ní fheadur’ ar Fionn. ‘Aodh Ruadh is ainm d'fhior in baile-so’ ar iad-san; ‘& atá inghean aige & as í fear nó bean is luaithe ar bith í, & as í comha iarrus ar gach fear thig dá hiarraidh, coimhrith fria; &
935] mad é in fear fhúicfus isi, bíaidh mur mhnaoi aige & mad isi fhúicfus eision, baintear a cheand dé gan fhuireach. Is amhlaidh sin do líonadh in cuaille úd do cheanduibh.’ Do gluaisimur-ne docum an bhaile ann sin & fuaramur Aodh Ruadh a n-oireachtus
940] ar cnoc láimh raisin mbaile, & nír shuiluhir é ag ar bhfaicsin chuige; & gérbh eadh, do fhiafraigh scéala dhínn. ‘Fiond flaith-fhéindidh Gaoideal sút’ ar fear dom' mhuinntir-sa, ‘& is é as fearr aguinne; & táinic sé d'iarraidh h'inghine-si mur
945] mnaoi & mur uhainchéile dhó féin.’ ‘Baoth in toisc & in turus dá chomhaosta theacht d'iarraidh m' ingine-si’ ar Aodh Rúadh co gruama feargach doichleach; ‘& gidh eadh, má thic dhe-sion na comhtha atá 'na chiond d'fhuaslacadh, biaidh sí
950] aige .i. coimhrith ría, & madh fhágbhann seision issi bíodh sí aige, & madh fhágbhann sisi eisean, a cheand do uhain de gan fhuireach.’ Adubhrus-sa’ ar Fiond ‘a taphairt a láthair chuguinn; & do

p.29

cuireadh fios uirrthi & is amhlaidh táinic sí amach
955] & corn dighe ina láimh a ttuillfeadh deoch trí chaogad óglaoch ann & léine sreaphnaidhe sróil réa geil-chneas. ‘Cia hagaibh doní coimhrith fria sút?’ ar Aodh Ruadh. {MS page 31} Adubraus-sa ré Comluath-ré-gaoith comrith do dhénamh fria.’ ‘Is annsin do gluaisidur
960] co ceand na coimhreatha & ag turnadh don faighthe amach dhóibh, tógbhus an inghean an cornn uirthi & d'ibh d'aonn-digh é, & as eadh adubairt: ‘A macaoimh’ ar sí, ‘is dóigh liom, an aontumha fada ina bfuilim-si gur duit-si atá a ndán a caitheamh fá
965] dheireadh.’ Agus is cuma ro baoi dá rádha sin & do iadh a dhá láimh fó uhrágait in macaoimh & do chuir ortha ina chluais & do thuit seisean 'na thoirchim súain & síor-chodlata. Arna fhaixin sin damh-sa’ ar Fiond, ‘do fiafraighius-sa cá
970] raibhe m'fhear lámhaigh. ‘Atáim sunda’ ar sé. ‘Caith urchur ádhmur urmuisneach ar Comhlúath-ré-gaoith & dúiscigh as an ccodladh draoidheachta ina bfuil sé é.’ Níor faillaigheadh sin leision; do éirghe ina sheasamh & do chuir a mhéar a suathnimh
975] na sleighi sith-fhoda do bhí aige & tuc rogha n-urchuir dí, gur chuir ceand na sleighi tar in macaomh & gur bhúail crand na sleighi ar droim a chind siar seachtair, gur fágadh coimreamhar an craind d'feilbh reamhair fair, gur chuir an tsleagh a talmain feadh
980] láimhe laoich don taoibh eile de.’ ‘Is ann sin tuc in macaomh cliseadh fair & do éirghe 'na sheasamh & tuc lámh tar a ghnúis & tar a aghaidh & déachus gacha taobh dhé & do chí in macaomh mná tar éis forlonn na faichthe do chur tairsi; & nár luaithi
985] siodán do ghaoith Mhárta ag dol tar gach binn chnuic nó sléibhe co chéile iná in dighrim reatha & rinn-luais do bhí léi. Arna fhaicsin sin don macaomh, tuc cliseadh codla fair & éirgeas don talmain co hárd

p.30

& reathas a ndiaigh na mná; & dar leat féin ní
990] mó ná tort chomchruinne luaithe do bhí aige a ndiaigh na mná ón ccruinnughadh tuc sé air féin chum reatha, & ní mó ná ttrian na faighthe do chuaidh an bhean an tan do chuaidh an macaomh reimpi & do ruc buaidh na coimhlinga. Arna fhaicsin
995] sin damh-sa’ ar Fionn, {MS page 32} ‘do labhrus & is eadh adubhrus: ‘Neart ar do choraibh & ar do shlántaibh, a Aodh, is linne an inghean feasta.’ ‘Is fíor gurab libh’ ar Aod Ruadh, ‘ó rucabhar a búaidh.’ ‘Na dhiaigh sin do chuamur don uhaile & do heacradh
1000] teach álainn óla aguinn, & do uhámur ann go ceann caoicidhsi ar mhíos gan easbaidh bídh nó dighe oruinn.’’

‘As ann sin do ghlac náire mór mise fá a bheith a fhad sin a bhféagmais luirg an fathaigh;
1005] & do laphrus re mo mhuinntir & as eadh adubhrus, gur mhithe dhúinn lorg in fhathaigh d'iarraidh & co ndeachaidh fo dimhairiund dá fhad do bhímur 'na fhéagmais. Do laphair in lorgaire ann sin & adubhairt riom-sa gan náire do bheith orm & nach fearr do
1010] béaradh féin lorg in fhathaigh in céad-lá ar tír ná do béaradh a ccionn bliadhna ar muir é & ar mór-fairge.’

‘Is ann sin do ghabhamur ar ccead ag Aodh Ruadh & do chuadhmur i n-ar gcurach ar feadh mara & mór-fairrge & do caithemur seal d'ar n-aimsir uirrthi;
1015] & a gcionn na rée & na haimsire sin do choncamur beann mór chloiche uaind ar lár na mara, & do rucamur lorg in fhathaigh conuice an mbeinn & ní fhuaramur ón mbeinn amach é, & adubhradur na macaoimh sin do bhí fariom-sa gurab ann sin do
1020] bhí an fathach. Arna chlos sin damh-sa, adubrus risin dreapaire dol súas & scéala na cloiche do thaphairt chuguinn. Arna chlos sin don dreapaire, do


p.31

ghluais roimhe súas nó co bhfaca an t-aitheach 'na chodhladh & in leanamh bec láimh ris & ceangal
1025] ar ghualinn an fhaithigh i n-áit na láimhe; & do chonairc seisear macaomh ag reaphradh ar feadh urláir na caithreach & dá cuileán chon & do amhairc in tor uile amlaidh sin & táinic anúas 'na dhiaigh sin & do innis innioll in tuir uile. Adubhairt misi
1030] leision ann sin’ ar Fionn, ‘an tealthóigheach do breith leis ar a mhuin suas & a fhéachuin in bhféadfadis na macaoimh sin & na culéin chon sin do chur cugam anuas. {MS page 33} Do chuadur-san suas & do goideadur an leanamh bec & in seisear macaomh
1035] & in dá cuileán con, & ní hé amháin, acht tucadur leó a raibhe d'ór & d'airgit & d'arm & do maithus annsa gcathraigh uile & tángadur féin anúas ann sin & do leigeamur ar siubhal sinn ar feadh mara & mór-fairrge.’

‘Agus ní cían do chuamur an tan do éirghe in
1040] t-aitheach & do lean sinne gan laige gan mhailis & ní ruc oruinn nó gur gabhamur cúan & caladhport a mBeind Éaduin mic Céidfhir; & mur do chonairc an cuileán fear-chon eision chuguinn, do éirghe 'na sheasamh & do anfadh mion-ubhall nó mór-áirne ar
1045] gach éan-ruibe dá raibh uirri; & ar tteacht don aitheach do láthair, do comhraic ris co fíochmur feargach formata; & tuc in cuileán scríob dá chrobh & tairraing dá fhiacliabh fá ucht & fá urbruinde an fhathaigh, gur leig a abach & a ionathur uile amach;
1050] & ag tuitim dhó tugus-sa béim claidhimh dó gur bheaneas a cheand de; & rucamur a cheann & a sheacht meic & in dá? cuileán chon co teach Fearghusa Finnléith an oidhche sin, & do uhámur an oidhche sin ann fá lán muirne & luthghára; & ar maidin ara
1055] bhárach do éirgimur & do fhágamur a sheacht mic ag Feargus Finnliath, & a raibhe d'ór agus d'airgit ann tucus dona macaomhuibh sin do uhí fariom


p.32

é, & do chongbhus in dá cuileán con agum féin; & a ndhiaigh na ronna sin do fhiafraighius dona
1060] macaomhuibh cia d' folaibh uaisle nó anuaisle in domain móir dhóibh. Adubhradur-san gurbh iat féin mic Eithleanda & go ttángadar dom' furtacht-sa don cur sin ón éigion a rabhus, & gach gábadh a mbia mé co bráth ó sin co ttiucfaid dom furtacht re mo
1065] dhóigh do cur ionntadh nó re smuaintiughadh orrthu; & do ghabadur a ccead agum-sa ann sin; & dorinius an láoi an uair sin & as í so hí:’

    Fionn

    1. {MS page 34}A buidhean is álainn dreach,
      abraidh riom ar bur n-eineach:
      1070] ós dom' mhuinntir-si sibh abhus
      cá háit a bfuil bur mbunadhus?

    Na macaoimh

    1. A tTír Thairngire treabthaigh
      bhímaoid-ne eidir cheathaibh;
      mic Eithleanda sinn gan ghus,
      1075] bímid a reachtuib amhus.
    2. Do hoileamhadh sinn, ní breág,
      ag Manannán na mór-tréad;
      ó'r n-oidi tángamur a le
      cugad-sa, a rí na féine.
    3. 1080] An uair riocfus tusa leas
      a gcath nó a ccomlann nó a ttreas,
      smuaintidh oruinne ann sin
      is tiocfum dot' fóiridhin.

    Fionn

    1. Gurab soraidh dhaoibh bur ttreóir
      1085] a gcríochaibh an domain móir;
      ós scarthain dhúinn is dúibh-se,
      budh fada re mo croidhe.

      A bhuidhean.


p.33

‘Do imghedur an t-aon macaomh déag uaim-si ann sin & tánac-sa co hUisneach Midhe mur
1090] a rabhadur fiana Éirionn, & tucas mo dhá cuileán con liom ann & tucus anmanna orro .i. Bran & Sceólang, & do insios mo scéala féin dhóibh ó thús co deireadh. Acht aonn-ní cheana, do cuala misi nach raibhe deirbhshiúir mo mháthur ag Oillil mac
1095] Eathaich, & do cuirius fios ar a chionn & táinic dom' ionnsaighe, & do fiafraighios dhe cá raibhe in bhean tucas dhó & tuc maithe fhian Éirionn uile maille riom. Adubairt-san nach raibhe a bec nó a mór dá scéaluibh aige. Do iarus an bhean ar na slántaibh
1100] do bhí agum air-sean. Táinic Lughaidh Lága a láthair arna chloss sin & tuc a bhriathur co ttiobhradh ceann Oillealla mic Eathach am' láimh-si & a láimh na féine mura bhfaghadh Turne inghean Taidhg mic Nuadhat annsa cruth a tuc sé uadha
1105] í. Do íarr Oillil mac Eathach cairdi orm & arna slántaibh uile ionnus co ndeachadh d'iarraidh na hinghine & tuc a bhriathur co ticcfadh chucu-san arís dá bhfagadh í nó dá mbeith gan a fagháil. {MS page 35} Tucamur-ne uile in chairde sin dó. Do imidh Oillill
1110] Electronic edition corrects a hardcopy error in line numbering (+5) from here on. roimhe mur a raibhe a leandán ban-tshíoghaidhe & do innis dí in t-adhbur fá ndeachaidh sé dá hionnsaighe. Adubairt sisi: dá ttacadh seision a breath féin dí co saorfadh ón ccás sin é. Do gheall seision4 sin dí; & do gluaisidur rompu co teach
1115] Fearghusa Finnléith & tucadur in chú leó co longphort na féine & tucadh na cuir céadna dhí-si fána breith d'fagháil, & as í breath ruc sí, Oillill do bheith aici 'na fhear tairis mnáibh in domain. Agus a ndiaigh na slána sin do daingniughadh tucc si fleasc dhoilbhthi
1120] draoidheachta óna cuim & do bhúail in chú dhí & dorine ríogan cruthach chaomh-álainn di; & do innis in ríogan .i. Turnae, gurab í féin do ruc an dá chuileán


p.34

chon sin a ttigh Fearghusa Finnléith an uair do bhí sí 'na coin ann. Do thairg Uchtgheal damh-sa .i.
1125] an ban-tsíoghaidhe, na cuiléin sin do chur a reachtuibh daoine & adubart-sa: dámadh mé féin a n-athair comadh fearr liom a mbeith mur sin ná a mbeith 'na ndaoinuibh. Imthúsa Lugdhach Lága, dob éigion Turnae d'fagháil dó féin do luach choraidheachta
1130] & tóraidheachta 'na tiomchioll, go ruc sí triur mac dó .i. Sciath Breac & Caol Crodha & Eoghan Ruadh & as iat-sin na trí mic máthur atá ag Bran & ag Sceólang a bhfianaibh Éireann’ ar Fionn. ‘Agus as íad sin fuaslacadh na gceasd do
1135] chuiris orum, a Cannáin’ ar Fiond.

‘Beir buaidh & beannachtain, a rí-fhéinidh’ ar Conán; ‘is mór in t-urgáirdiughadh meanma & aigeanta dhúinn a bheith ag éisteacht read ' bind-briathraibh; & abair riom anois créad fár liath tú & h'óige, & créad
1140] fá bfuil aoiphle aithise ar do ghnúis & neim naithreach ar do theanghaidh & mosrughadh mairph ar do chloinn & fuaire an umha id' leathor, nó cá fad do bhí tú mur sin nó an bfuilir mur sin fós.’ ‘Inneósat-sa sin’ ar Fionn. ‘Aon
1145] do ló dá raibhe misi & maithe fhian Éirionn a nAlmhain ag ól & ag aoibhnus, & tarla aimhsiughadh mór cugum ann .i. días ban do Tuathaibh Dé Dananntuc grádh damh-sa a n-aoinfheacht; & is amhlaidh tarla dhóibh a bheith 'na ndias ndeirbhseathur dhá
1150] céile, {MS page 36} eadhón Miodhluachar & Aighne a n-anmanna, & tug an dara bean díobh freiteach nach rachadh sí le fear liáth co bráth .i. Aighne. Arna chlos sin do Miodhluachair .i. a derbhshiur eile, do thionóil sí draídhthe Tuath Dé Danann a n-aon-ionadh &
1155] do dhealbhadur loch doilbhthe draídheachta ar leath-taoibh Shléibhe Cuillinn Chúailgne .i. do budh


p.35

de chloind Cuillinn Chuailgne an días ban sin féin; & dá ndeachdís fir domain faí in loch sin, do badh liath iat dá éis. Agus ó thairnic dhóibh an loch do
1160] déanamh amhlaidh sin, táinic sí féin a riocht eilidi éadtruime eadarbhuasaighe ar in bhfaighthe chugum: & is amhlaidh tarla damh-sa a bheith am' aonur ar in bhfaighthe, & ótchonairc mé an eilit uaim, dorionnus fead ar na conuibh, & ní chuala cú
1165] nó duine dá raibhe isin mbruighin nó 'san mbaile an fhead acht Bran & Sceolang, & tángadur amach a gcéad-óir, & do leigios don fhiadh iad & do ghluaisedur rompu & ní ruc na coin ar dhol ionnsa bhfiadh co ráinic Sliabh Cuillinn Chuailgne a gcóicidh
1170] Uladh; & do leanus féin iad am' ghaisibh gáibteacha géar-luatha glan-reatha gan aonn-duine dom' mhuintir agam, & gér ghairid an eilid ó na conuibh, do ba giorra ná sin na coin uaim-si; & ó ráinic in eilid in sliabh, tuc sí cor dona conuibh, conár fheidir síat
1175] cá haird d'airdibh an domain a ndeachaidh sí uathaibh. Do ghabh ionghantus mór misi uime sin’ ar Fionn, ‘.i. co bhfúigfeadh fíadh ar doman Bran & Sceólang, & dorinnus comhnaidhe ar in tsliaph ag amharc uaim gacha taobha; & ní cían do uhádhus
1180] ann an tan do choncus loch linn álainn griansholusda fo bhun an tshléibhe & inghean chruthach chaomhálainn ar brú in locha lán-sholusda sin & í co dubhach déarach dobrónach; & tánac-sa mur a raibh an inghean & d'fhiarfaighius fáth & adhbhar a
1185] dubhróin don inghin. ‘Ag snámh do bhíos ar in loch-so ó chianaibh,’ ar in inghean, ‘& do bhídur dhá fail óir agam & do thuiteadar isin loch uaim, & as é sin adhbhar mo dubróin,’ ar in inghean. Is ann sin do fhiafraighe an inghean cía hé in gaisgeadhach anaithnidh
1190] do bhí ag fiafraighe sgéal dí. Do innisius gur mé féin Fionn. {MS page 37}‘Más eadh’ ar in inghean,

p.36

‘do chualus féin do theist & do thuarusgbáil & do ghal & do ghaisceadh & do bhuadha iomdha & gur tearc én-ní 'sa doman nach éireóchadh leat ionda
1195] ccuirfeá dúil; & ó tá sin mur sin, cuirim geassa nach fuilngit fíor-laoich fort-sa an dá fhail óir úd do thabairt chugum as an loch. Arna chlos sin dam-sa’ ar Fionn, ‘nír mhaith liom mo chur fo geassaibh, & gidh eadh nír fhuilngeas co fada fó na geassaibh in
1200] tan do chuirius mh'éadach dhiom & do chuadhus isin loch; & ní fada do bhádhus ann an tan fuarus in dá fhail óir sin & tucus urchur díobh d'ionnsaighe na hinghine, & do gabh iad 'na láimh & tuc cúl don loch & nir fhedir misi cá conair ina ndeachaidh uaim;
1205] & tánac-sa fó thír a gcéad-óir ann sin; & gér ghairid uaim mh' éadach, ní raibhe do shiubal nó do láidireacht ionnam dol conuige é an tan dorineadh seanóir críon cúl-liath cnáimh-arsaidh dhíom; & tángadur mo dhá choin cugum & nír aithnighdur mé, & do
1210] imgedur uaim a ttiomchioll in locha ar gach leith dom' iarraidh-si. Agus ní cían do bhádhus mur sin an tan do chonairc mé Caoilte & tosach na féine dom' iarmhóiracht & tángadur ós mo chiond-sa & (an ní nárbh iongnadh) nír aithnidar mé. Do labhair
1215] Caoilte ann sin & as eadh adubhairt: ‘A sheanóir ’ ar sé, ‘an bhfacuis eilid & dá choin 'na diaigh & aon laoch a ndiaigh na gcon?’ Agus d'fhiafraigh dhíom-sa narbh íascuire mé, & adubhrus nárbh eadh & nach raibhe neart nó láthur ionnam asa ndéanainn
1220] iascuracht; & adubhrus co bhfacus an eilid & na coin 'na diaigh & an gaisceadach ag éirge isin slíabh & nach raibhe mórán dá bhfios agam ó sin a leith. Tug Oisín baramhail ann sin co raibh fios Fhinn & na gcon agam-sa; & gidh eadh nír lamus
1225] a innisin dóibh gur mé féin Fionn. Agus táinic tromshluagh na féine cugainn ann sin & do bhádur

p.37

ag fiafraighe scéal díom-sa ann, & adubairt Caoilte in láoi: ’’
    {MS page 38}

    Caoilte

    1. Cá fad ó tháinic tú a leith,
      a fhir móir, a iascuire?
      1230] an bfacais eilid ag teacht
      agus coin 'na coimeadacht?

    Fionn

    1. Do choncus ó chíanaibh gach ní
      dá bfuil sib d'iarraidh5:
      dá choin lúatha go ttraite
      1235] ag leanmhuin na heilidi.
    2. Aon chú díobh do bhí ar tús,
      is meabhair liom a n-iomthús,
      agus óglách lúath 'na ngar,
      nocho ndeachadur uadh a bfad.

      Cá f.


1240] ‘Tángadur in fhian uile gacha taoibha díom-sa & do uhádur ag síor-leanmhain scéal orum; & do innisius dóibh fá deóigh gur mé féin Fionn; & nír chreididur mé & do mhaslaighdur mé co mór re teangaidh & do fhóbradur sleagh gacha fir do
1245] sháthadh ionnam. Is ann sin do éirgios am' sheasamh & do ghoirius Caoilte ar fód fó leith & do innisius mo scéala féin dó ó thús co deireadh, & do chreid Caoilte in sin gur misi Fiond, & do éirghe atharughadh dealba & crotha ar Caoilte ann sin re misi d'fhaicsin ionnsa
1250] riocht sin, & do innis sin don fhéin uile. Arna chlos sin don fhéin, do líonadur do thuirsi & do dhobrón & do leigedur trí gártha móra ós aird a ttiomchioll in locha; gurab de sin atá Loch nDoghra ar in loch sin & biaidh co bráth. Is ann sin dorinnedur an fhian
1255] eilitrom damh-sa do chaolach na coilleadh & do iomchradur mé co mullach an tshléibhe co síth


p.38

Cuillinn Cuailgne, & do thiomsidur seacht ccatha na gnáthfhéine cum an tsíodha & do uhádur trí lá & teóra hoidhche ag toghail & ag briseadh an tsíodha.
1260] A ccionn na trí lá sin táinic Cuillionn amach as in síth dar n-ionnsaighe & eascra álainn órdhuidhe ina láimh, & tuc am' láimh-si é & adubairt riom deoch d'ól as; & do ibhios deoch & ar n-ól na dighe damh, táinic mo dhath & mo chruth & mo neart féin ionnam
1265] ann sin, {MS page 39} & do imgedur na huile aimsiughthe & adhghaill dá raibhe orum acht in léithe amháin, óir do bhí mo leath-fholt mur airgead aon-gheal arna niamhadh do dheagh-cheard & do bhí mo leath-fholt eile mur ór-snáth arna niamh-ghlanadh; & do
1270] thairg Cuillion Cuailgne dhamh-sa ann sin co ccuirfeadh sé dath mo fhuilt féin ar mh'fholt-sa & urchra fair; & do rucus do roghain in dath tarla ar m'fholt a bheith air & a bheith gan urchra. Agus ar n-ól na dighe dhamh, tucus in courn i láimh Mic Reithe
1275] & do ibh deoch as; & in uair dob áil leis in corn do shíneadh a láimh an fhir ba neassa dhó, tuc an t-eascra cliseadh as a láimh ar in talmain, & do reathadur an fhían 'na dhiaigh & gér maith do reathadur ní rucadur fair, co ndeachaidh 'sa talmain 'na bfhiadhnuise;
1280] & ba mór dubrón & tuirsi fhian Éreann uime sin & nírbh iongnadh dhóibh, uair dá n-ibheadh in fhian uile deoch as, do bhíadh fios & fíor-eolus acu uile mur atá agum-sa & ag Mac Reithe. Agus ag sin duit-si, a Conáin, mur do líath misi ar tús.’ Agus
1285] adubairt Fionn an láoi ann:
    1. Miodhluachair is Aignae fhial,
      dhá bhan-draoi do bhí 'sa sliabh,
      do charsat mé cechtur dhe,
      dhá inghin Chuillinn Chuailgne.

    2. p.39

    3. 1290] Freitighus Aighnae fhial
      a dhol co bráth re fear líath
      's nach rachadh le fear dhá thoigh
      acht madh fear óg anarsaidh.
    4. Tionólus Miodhluathchair mhall
      1295] draoithe Tuatha Dé Danann
      nó gur dhealbhustair-sean trá
      an loch doilbhthe draoidheachta.
    5. Téid roimpe Miodhluathchair mhais
      gusin tTeamhraigh treathain-ghlais;
      1300] do chuaidh a riocht eilidi de
      inghean chaomh Chuillinn Chuailgne.
    6. Do leansum an fíadh luaimneach
      éattrom eirluath iomshuaimhneach,
      agus níor sguiremur de
      1305] co loch Síthe Cuilinn Cualgne.
    7. Aon-bhean ar brú in locha láin
      gan uamhan, gan iomurscáil
      do rat a gceist misi de
      fá dháltaibh na hingine.
    8. 1310] Créad do rad ann sin thú, a bhean,
      a inghean luachair láim-gheal?
      {MS page 40}Dhá fhail óir do bhí fóm' laimh
      do chuadur 'sa loch lind-bháin.
    9. Geassa ort-sa, a Fhind fhéil,
      1315] mun' ttucadh tusa in léim
      ar ceand m'uincceadh óir 'sa loch
      's a ttaphairt dham gan lán-locht.

    10. p.40

    11. Ann sin do lingus an léim,
      nocharbh é dob fearr dom' chéill;
      1320] an leath do lingus fón loch
      as eadh ro líath co lán-mhoch.
    12. As í sin an cheist iar bhfíor,
      a Channáin gusan gcaom-ghníomh,
      folt mo chind ro líath co mbladh
      1325] as eadh ro mhill (mad) liathadh6.

‘Beir buaidh & beannachtain, a rí-fhéinidh,’ ar Conán, ‘is binne ná céol crot bheith ag éisteacht re bind-chomhrádh do bheóil; & ar grádh h'einigh innis damh anois, a rí-fhéinidh, cionnus fuarais an
1330] fios forbhartach fíor-eólach atá agad; & ní hé fios an bradáin nó fios thoighe Cuanna atáim d'iarraidh ort.’ ‘Inneósat-sa sin’ ar Fionn. ‘Tiobraid atá ag Bec mac Buain & is do Thuathaibh Dé Danann an fear sin, & gach duine ibhus deoch eisdi, bídh fios
1335] forbartach aige dá éis & budh fáidh é go bás re fírinne; & síad bhíos ag coimhéad na tiobraide sin .i. trí hingeana an Bheic .i. Céibhfionn & Teacht & Arbach 7 & as í Céibfiond as sine dhíobh & as í dháilius an tiobraid ar gach duine cheandaighius hí; & dobeirthi trí
1340] céad uinge do dearg-ór ar lán gach éan-eascra don tiobraid sin. Agus tarla misi aon do ló ag seilg na feadh-sa mur a raibhe iomat fiadhaigh, & tánac ar mhullach Cairn bhFearadhaigh & ní raibhe fariom annsin acht Díorraing mac Doghuir & Mac Reithe;
1345] & ní cían do bhámur ann an tan do choncamur dorus an tshíodha osluicthe romhainn & do ionnsaighmur é gan fhuireach. Arna fhaicsin sin do trí hingeanaibh Bheic mic Buain, do éirghedur go hath-lamh do dhúnadh an doruis, & tugadur a lámha
1350] uile a n-aoinfheacht do thaoiph astigh ag dúnadh


p.41

an doruis romhainn & tucamur-ne ar nguailne & ar lámha a n-aoinfheacht don taoibh amuidh dá fhoslacadh orra-san; & is amhlaidh tarla do Céibh-fionn a bheith an uair sin & lán an eascra don tiobraid
1355] ina láimh; {MS page 41} & ag iadhadh na comhladh oruinn dí, do dhort taosc mór don digh innar mbéil-ne, gur fhan fios fíor-eólach aguinn ó sin a leith,’ ar Fionn. ‘Agus as íad sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Cannáin,’ ar Fionn; & itbert in láoi:
    1. 1360] Trí hingine Beic mic Buain,
      is acu ibhid na sluaigh;
      is uatha sin atá thall
      fios dearbhtha Tuath Dé Danann.
    2. Tobur atá thall 'sa lios
      1365] is ann dogeibhthur gach fios;
      is dearbh do gach aon ros blais
      gurab í sin an tseaghais.
    3. Gé do fuarus in t-eó fis,
      neimhthní co ránac an tseaghais;
      1370] as é in fios forburtach damh
      ó ránac an triur inghean.

‘As iad sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Conáin,’ ar Fionn. ‘Beir búaidh & beannachtain, a Find,’ ar Conán, ‘is mór in t-iontalas
1375] meanman & aigeanta dhúinn bheith ag éistacht friot. Agus abair friom, a rí-fhéinidh, caidhé na headha oeisi fuilit agad féin ar nach eagal leat bás d'fagháil nó co ccailtear iad; & anois innis damh caidhé ‘oídhacht Finn co teach Neóid.’’ ‘Inneósat-sa
1380] sin’ ar Fiond. ‘Aon do ló tharla misi am' aonar & mé am' giolla óg anarsaidh, & do chuadhus co


p.42

teach Neóid; & is amhlaidh do uhí Neóid: is tearc do bhí 'sa doman duine badh doichlighe ná é & co háirithe ní raibhe a nEirinn a gcoimaimsir ris féin
1385] duine badh doichlighe & do badh measa eineach iná é; & do ba mór a mhaoin & a chonách, uair do bhádur seacht ndoirse ar a dhúnadh & do uhádur seacht n-airghe fá chomhair gacha doruis díoph; & gér mór in conách sin, ní dheachaidh aon-duine
1390] ariamh buidheach nó sáitheach as a theach nó as a bhaile; & tánac-sa am' aonur don tigh, & ní raibhe do dhaoinibh ann acht Neóid & a bhean & a ingean .i. Aoife inghean Neóid; & ar ndol don tigh damh-sa, do shuidhios ar lár na bruighne. Is ann sin do
1395] laphair Neóid & as eadh adubairt: ‘Créad é adhphur in tshuidhe úd thall?’ ar sé. Adubhras-sa gurbh áil liom oídheacht na hoidhche sin d'fhagáil uadha-san. Adubhairt Neóid gur cosmhail {MS page 41bis>} nach ccuala misi scéala in tighe sin an tan do chuadhus
1400] ar oídhacht nó d'iarraidh bhídh ann, & gurab uime 'tucadh Neóid orum-sa .i. gurbh ainm don doithchioll neóid, & mur nach bfuil a nÉirinn duine is doithchlighi ná misi, is uime tucadh Neóid orum.’ ‘Adubhrus-sa ann sin’ ar Fionn, ‘gur chuma liom féin é bheith
1405] olc nó maith fá bhíadh & co ccaithfeadh sé oídhacht na hoidhche sin do thabairt damh dá dheóin nó dá aimhdheóin. Arna chlos sin do Neóid, do éirghe Neóid 'na sheasamh dom' chur-sa amach d'aimdheóin & do éirghe mise chuige-sion, & tucamur cuir ghleaca dá
1410] chéile; & gidh eadh, do leagadh Neóid a bhfiadhnusa a mná & a inghine & do chuirius ceangal daingean doth-scaoilte fair, & rucus a bhean liom isan leapaidh fá coimhneasa dhamh & dob áil liom luidhe fria. Do laphair Neóid ann sin & as eadh adubairt: ‘Ná mill
1415] mo bhean, a ghiolla,’ ar sé, ‘& dodhéan cumann & caradradh friot & dobh éar m'inghean do mnaoi

p.43

dhuit & is cneasta duit mur mnaoi í nó mo bhean-sa.’ Do thuicius-sa gurabh fíor sin & do leigios bean Neóid uaim & do scaoilius dhe féin; & do cheangail
1420] Neóid cumann & caradradh friom & tuc mo sháith bídh & dighe damh & tuc a inghean ar feis leaptha & déaruighthe an oidhche sin damh .i. Aoife inghean Neóid. Agus do éirghemur a mucha na maidne arna mhárach ar in bhfaithche amach, & do íar Aoife
1425] aiscidh mhaidhne orum-sa ann sin & do geallus-sa sin dí, & as í aiscidh do iarr orum, lon dá raibhe 'sa doire choilleadh lamuidh don uhaile a chur as a doire amach & coimhrith fris & a ghabháil & a thabairt beó dí féin. Agus do ghluais misi fón doire ann sin,
1430] & do dhúiscighius an lon & do reathus ris & do ghabhus é & tucus d'Aoife é; & arna thabairt dí, as eadh adubhairt: ‘Geassa nach fuilngit fíorlaoich ort, a Find,’ ar sí, ‘muna reathair risan lon-sa a gciond gacha bliadhna; & an bhliadhan rachus sé dhíot
1435] gan breith air, do bhás & h'oigheadh do theacht an bhliadhain sin.’ Do labhrus re Neóid ann sin & adubhrus ris ullmhughadh bainnsi {MS page 41ter}do dhéanam fám' chomhair & co ttiubhruinn féin urmór fhear nÉireann am' fharradh; & do freastladh co maith
1440] sinn. Acht aon-ní cheana: ódchonairc Neóid iomarcaidh na sluagh & iomarcaidh an bhídh & na dighe 'gá ttaphairt do chonuibh & do giollanradh, do bris an cochall doichill do uhí ina chroidhe & do scéith ar a bhél amach é; gurab é an treas duine nó an
1445] ceathramhadh duine dob fearr eineach do uhí ó sin amach a nÉirinn é. Agus sin eadh dom' eadhuibh-si, 8corrections not integrated in the following instances as in some cases there is no verb and/or tense agreement. a Conáin’ ar Fionn.

‘Agus eadh eile dom' eadhuibh-si: aon do ló dá rabhus-sa a Magh na Céidi theas, co bhfacaidh
1450] mé inghean álainn iolchrothach ann, & d'fhiafraighius


p.44

di créad tuc ina haonur í. ‘Ag iarraidh fir’ ar sí. Do fhiafraigh misi dhi cé hé an fear. Adubairt an inghean nach raibhe fear do sunradh aici, acht an fear dobhéaradh dí in choibhthe do bhí sí d'iarraidh.
1455] Agus do fhiafraigh misi créad í in choibhche sin. Adubairt an inghean: ‘Ní bfuil acht léim do tabhairt ar in gcloich úd am' fiadhnuise.’ Arna. chloss sin damh-sa, do leigios mh'airm ar lár & do lingas an léim gan fhuireach. ‘Ní mur sin is maith
1460] liom in léim do thaphairt’ ar in inghean, ‘acht in leagán cloichi úd is comhfad riot féin do chur ar do dhearnainn & in léim do thaphairt mur sin.’ Arna chlos sin damh-sa, do chuirius an leac ar mo dearnaind & tucus in léim amhlaidh sin; & is bec má dorinnus
1465] ariam gníomh ar thalmain badh doilghe liom do dhéanamh iná in léim sin do thaphairt. Agus do fhiafraighius don inghin cá hainm nó dúthchus dhí. ‘Éadaoin Sléibhi Caoin m'ainm-si’ ar sí, & do chuir misi fó gheasaibh fána dol léi dá hárus
1470] féin an oidhche sin; & do chuadhus léi & do uhí ar feis leaptha & déaruighthe agam an oidhche sin, & arna uhárach dúinn do chuir misi fó gheasaibh fán léim sin do thaphairt gacha bliadhna & in bliadhain nach ttiubhrainn é, éag nó oigheadh d' fhagáil
1475] an bliadhain sin.’

‘Eadh eile dom’ eadhuibh-si, fothragadh dabhcha Coirill, uair is brón báis dam an bliadhain nach déanaim é. Eadh eile dom' edhuibh .i. fleadh doní Bláthnat inghean D eirg Díanscothaigh .i.
1480] mo leandán ban-tsíoghaidhe, uair as í coiphche do iarr orum-sa, dol dá caitheamh gacha bliadhna. {MS page 42} Eadh eile dom' eadhaibh-si, an t-urchur do naisc Damhnad inghean Raighne Réil orum-sa ar son a coiphehe .i. mo shleagh diupraicthe do


p.45


1485] theilgion a Mhullach Rátha go Bealach Iolata, & ní taphair aon-duine a nÉirinn an t-urchur sin acht misi amháin, & in bhliadhain nach ttiubraind é co bhfuighinn éag nó oigheadh an bliadhain sin. Eadh ele dom' edhuibh .i. fleadh doní mo mháthair
1490] dhamh & do gach duine uhíos am' fharradh, & gach neach dá ccaitheann í, ní fhaghann brón bec nó mór in bliadhain sin. Agus eadh ele dom' eadhuibh-si .i. muc do mucaibh Slángha do mharbadh acht co ccoimhioltur a geassa dí; & geis dí éirge dá leapaidh
1495] riana guin. Is geis dí scréachadh arna goin; & is geis dí an duine goinfeas í muna ttuca féin do láthair in fholachta í; & is geis dí an gaoth a ttuaith 'gá dógh; & geis dí dorus dochum a mbearthar hí d'fhagáil dúinte ar a haighidh; & geis dí duine eile
1500] dá roind acht an tí ghonus hí; & geis dí aonn-duine dá mbia a n-aon-toigh nó a n-aon-uhaile fría do dearmad 'na tiomchioll. Agus dorinne Fiond an laoi:
    1. Fuilit eadha dom' chaphair
      1505] aincios mé ar urbadhaibh;
      gach áon dhá ccaitheann ar feis
      slán go ceand mbliadhna ar aincis.
    2. Comrith re lon Leithreach Néid
      doním d'Aoife, dáil gan bréig,
      1510] nó go rom sáruighe in lon
      nó co tteagar rem' shaogul.
    3. Aon-mhuc do mucaibh Slángha
      gacha bliadhna, líth n-ágha,
      is eadh dom' eadhaibh a bfad
      1515] gan mheing gan mheabail fuilat.

      F.


p.46

Is iatt sin fuaslacadh na cceist do chuiris orum, a Chonáin,’ ar Fionn. ‘Beir buaidh & beannachtain, a ri-fhéindidh,’ ar Conann, ‘ní cualamur ceol ariamh bud binde iná fogur do bheóil; & abair
1520] riom anois caidhé na trí hiomruisg is doilge leat dorinnis ariamh.’ ‘Inneósat-sa sin’ ar Fionn. ‘Aon do ló do bhádhus ag seilg muici .i. Brothur bán troimlíne a hainm do shunradh, & do dúisgceadh an mhuc sin linn & tánic sí seacham-sa; & mur do
1525] uhádur na laoich & na coin 'na leanmhuin, do chuirius méar a súaithnimh {MS page 43} na sleighi sith-fhada do uhí a n-aice an scéith agum & tugus ro-urchur di chum na muici; & tarla an sleagh nimhe a ttaoiseach féine maith dom' mhuinntir gur mharbhus é .i.
1530] Miodhbuilg mac Luachair, & uadh hainmnighter Miodhbuilg ag Coir Comhraidh aniudh. Agus rucus ar in tsleigh an dara feacht & tucus urchur eile cum na muice, & tarla an tsleagh a ttaíseach eile dom' mhuintir, eadhón Eadarsa mac Maín, & ní ruc a anam
1535] co lár leis; & tucus an treas urchur don tsleigh cum na muice & do chuirius an tshleagh i ttaoiseach maith eile dom' mhuintir .i. Iomus mac Luachair , & do marbhus é, & uadh goirtear Sliaph Iomuis iniudh; & do scuirios do theilgion na sleighi annsin, uair
1540] tucus aithne gur mór dom' aimhleas dorinnus risna hurchuraibh sin; óir dob annamh liom urchur a n-imroll do tabhairt ariamh gonuige sin. Do claoidheadh fearta na ttrí laoch sin aguinne & do tógbadh a líag ós a leachta & do fearadh a ccluithe
1545] caointe. Agus is iat sin na trí himreasna is doilge liom dorinnus ariamh, a Channainn,’ ar Fionn. ‘Rod fia buaidh & beannachtain, a rí-fhéinidh,’ ar Conán. ‘Is ro-mór in céol & in t-athgearradh aimsire dhúinn a bheith ag éistacht red' chaoin-
1550] chomhrádh.’


p.47

Is annsin adubairt Fionn: ‘Déantur leaba dhúinn, uair is lór a fhad atá tú ag leanmhuin ag fiafruighe scéala díom; óir do innsius mórán d'iongantuibh & d'imteachtuibh & do scéalaibh
1555] fhian Éireann duit, a Channáin, & atá deireadh oidhche ann anois’ ar Fionn, ‘& is mithe dhúinn codhladh.’ ‘Is fíor sin’ ar Conán, ‘& is cóir a dhéanamh.’ Is ann sin do cóirigheadh leaba d'Fionn & do cuireadh Findearbh Fhindchiabach inghean
1560] Conáin faris an oidhche sin; & ar ccodhladh d'Fhionn, do chonairc aisling huathbhásach & biodhgustair fó trí as a chodhladh, gur éirghe comhárd ré húathnibh na leaptha ón ccliseadh tuc air. ‘A rí-féindidh’ ar Findearbh, ‘créad do choncais asar chlisis mur sin?’
1565] ‘Aisling itchonairc mé’ ar Fiond, ‘mur do bhídis Tuatha Dé Danann ag loscadh na bruighne-si orum & ag marbadh na féine am' thimchioll.’ ‘Nárab duit-si ná don fhéin bhías donus ná nimh na haislinge sin[excl ]’ ar in inghean.


1570] {MS page 44} Iomthúsa na féine imorro, do thiomsaighdur as gach ionadh co héan-áit & dob iongnadh ríu gan scéala Fhind do bheith acú, cá raibhe sé an oidhche sin; & do éirghi Bran Bec ó Buadhachán & Bran mac Feargusa a mocha na maidhne arna
1575] uhárach & tángadur mur a raibhe Mac Reithe & adubhradar ris scéala d'innisin dhóibh ó uhí fios aigi-siomh cá raibh sé aréir. ‘Má tá a fhios sin agam’ ar Mac Reithe, ‘ní háil liom fios nó fáistine d'iarraidh orum ar eagla mná nó mionn-dáoine bheith 'gá
1580] leanmhuin orm; & ar a shon sin innsim díph-si Fionn do bheith a ttigh Conáin Chinntsléibhi aréir & co raibhe inghean Chonáin ar feis leaptha & láimh-dhéaruighthe aréir aige & co bhfuil 'na luidhe ar iomdhuigh fós, & ní hiongnadh dhó; as fada do uhí 'na
1585] dhúscadh aréir ag Conann.’


p.48

Arna chlos sin don dias sin, do ghluaisidur rompu gan mhailis co teach Conáinn & fúaradar Fionn ag éirghe dá iomdhuidh, & ro fearus fáilte friu & as eadh ro ráidh siat-san: ‘A Fhinn’ ar siat, ‘is mór
1590] an t-iongnadh dhuit a bheith ar banuis mná id' aonur mur so & gan duine ar bith ad' fharradh & gan a fhios ag maithuibh na féine cá conair a ndeachais uathaibh.’ ‘Nocho dearnadh banuis d'Fionn fós’ ar Conann, ‘& dodhéantur banuis a díonguhála
1595] dó & taphradh Fionn maithe fhian Éreann leis dá caitheamh.’ ‘Tiocfad-sa annsin’ ar Fiond. ‘Tabhair do bhriathar dam-sa fána theacht’ ar Conann. Tucc Fionn a bhriathar dhó uime sin.

Do imidh Fionn roimhe co longphort na
1600] féine. Is ann sin do laphair Bran Bec ó Buadhachán & adubairt: ‘A Finn’ ar sé, ‘atá fleadh urlamh ionchaithfe agum dhuit a nAlmain, & tair féin & maithe na feine dá caitheamh.’ ‘Rachat’ ar Fionn. Do gluaisidur rompu co teach Brain & do heagradh
1605] an teach álainn óla acú, co raphadur {MS page 45} co subhach suilbhir deagh-chomhráiteach; & nír chian dóibh amhlaidh sin an tan itchoncadur Carpri Lifeachair mac Cormaic chucu don uhaile. ‘Ní tarla sin dúinn’ ar Fionn, ‘uair is geis dúinn ar tteach
1610] n-óla do sgaíleadh nó go rapham síothamail subhach, & nírb furáil do mac rí Éreann gomad uime féin do suidheóchadh an teach n-óla ina mbeith sé’ ‘Ní hamhlaidh doghéantur aguinn’ ar Oissín, ‘acht leigtear don féin 'sa leith-si abhos & tucthar an leath
1615] úd thall do mac rí Éireann.’ ‘Is cóir sin’ ar Fionn, ‘& déantur é.’ Agus do uhí urscardadh an leath thall uile fá chomair mic rí Érenn. Agus do uhí dias óglaoch do Tuathaibh Dé Danann astigh & do gabhadur chucu co mór & co aingithe a ttógbháil as


p.49


1620] an leith thall ar in urscardadh sin, & is mó do ghabadur cucu sin ná do ghabh an mhéid do uhí ann do chlannuib aithreach maith ó sin amach; & is iat in días sin féin .i. Fálfeadha Bec mac Find & Fálfeadha Mór mac Domhnaill Deirg; & is eadh adubradur an días
1625] sin: ‘Is cugainne uile dorineadh in t-urscardadh úd ar tí oil & athuis & masla do thaphairt dhúinn & ar in treibh dá bhfuilmid uile; acht gidh eadh, atá a mháthur-san díoph.’ ‘Is urus sin aithne’ ar Fálfeadha Mór, ‘óir is mór in tár & in tarcuisne tuc
1630] Fionn aréir ar Thuathibh Dé Danann .i. an bhean do naisceadh don dara fear nó don treas fear is fearr atá beó do Thuathaibh D. D., a bheith aige féin aréir d'aimhdheóin a hathur & a máthur re olca re Thuathaibh D. D.’ Agus do imgedur an dias sin
1635] rompu arna bhárach co Síth Fionbhar Mheadha Siuil & do innsidur dó gach ní dá ndearna Fionn & mur do thuc inghean Chonáin & mur do gheall fá chionn míosa dol do dhéanamh baindsi. Arna chlos sin d'Fionnuar, do ghlac doith aingidhachta & éada é
1640] & chuir fios & teachta úadha do thionól & do thiomsiughadh Tuath D. D. ar gach leith; & do freagradur é co héscaidh as gach {MS page 46} aird a rabhadur co bádach (priaitheamail), co rabhadur sé céad déag do ghlére glan-tsluaigh fá chionn na míosa sin.


1645] Do gheall Conán banais a inghine do déanamh & ar bruach Locha Derdeirgertaigh do ghabhadur fos-longphort. As í sin uair & aimsir ráinic do Conán bainuis d'ullmughadh & do chuir a bhain-eachlach .i. Duibhtireach co Teamhair
1650] Luachhra mur a raibhe Fiond & maithe na féine dá rádh riú theacht do dhéanamh na bainnsi & a briathur do chomhall. Adubhairt Fionn co gcoimheóladh a gheallamhuin do Conán & co rachadh do


p.50

dhéanamh na bainnsi & do chaitheamh na fleidhe
1655] gan fuireach, & adubhairt ré Duibhthirigh glúasacht roimhe 9'sa tshlighe & co leanfadh féin gan mhailis í. Do imidh an bhain-eachlach roimpi & as í slighi do ghabh sí láimh re Loch nDergertaigh; & do choncadur Tuatha D.D. uathaibh í & táinic drong
1660] mór acú 'na cuinne ann sin a ttiomchioll Fháilfeadha Bhic mic Find, & do fhiafraigdur dí cá raibhe sí. Adubairt sisi co raibh sí a tTeamhair Lúachra mur a raibhe Fiond & maithe fhian Éireann 'na fharradh. ‘Cá líon atáid ann sin?’ ar Fáilfeadha. ‘Atáid
1665] deich céad ann’ ar in bhain-eachlach. ‘Cá conair nó slighi ina ngéabhuid?’ ar Fálfeadha. ‘Go teach Conáin’ ar in bhain-eachlach. Arna chlos sin d'Fálfeadha, do nocht a lann & tuc buille don bhain-eachlaigh fá chaol a droma, co ndearna dá
1670] n-ordain dí, & do thairing í 'san abhainn bhí rena thaobh ar eagla go bhfaicfeadh Fionn nó fiana Eireann í ar in tshlighe; gurab Dubhthireach ainm na habann ó sin i leith.

Iomthúsa na féine imorro, tángadur 'sa
1675] tshlighi a ndiaigh na bain-eachlaighe mur do ghealladur, & is bec do uhí a bhfarradh Fhind ionsna deich céadaibh sin do uhí 'na fharradh uile acht Goll & Clanna Morna uile, lamuidh d'Fhionn féin & do Chaoilte & do Mac Reithe & d'Eochaidh mac
1680] Luighdheach ó Loch Léin & {MS page 47} do Dhoilbhscoinde mac Oisín do uhí ina mhacaomh óg anarrsaidh éagciallaidhe. Tarla ann sin caoinius coimhráidh eidir Fionn & Goll, & as eadh adubairt Fionn: ‘Ní dheachus ar banuis nó ar cuireadh ariamh fár mhó
1685] mh'eagla iná so.’ ‘Cad uime sin?’ ar Goll. ‘Ar eagla Tuath D. D.’ ar Fionn, ‘úair atá a bhfiodhair & a bhfáistine dhóibh ionnsaighe bruighne do thaphairt


p.51

orum-sa & urmór mo muintire do mharbadh, & ní dócha liom úair dá ttiocfaidh an tairngire sin asteach
1690] iná anois.’ ‘Gabhuim-si orum h'anacul ar Thuathaibh D. D.’ ar Goll ‘an fad bhíos tú a ttigh Conáin.’ Agus tucadur cucu Mac Reithe & do uhádur ag iarraidh fáistine air; & nír maith le Mac Reithe fáistine d'iarraidh air acht gé do bhí sí aige,
1695] uair dob eagail leis dá n-inniseadh dhóibh gach olc dá raibhe a ndán dóibh, co ccuirfidhe mur ghealtacht nó mur mí-laochacht air é; & adhbhur ele, mur do uhí mionna ar Fhionn fána theacht do dhéanamh na bainnsi sin inghine Conáin & nach ccuirfeadh
1700] féin rena fáistine tríd mhionnuibh é; & ar gach adhbur dhíobh sin ní dearna fáistine dhóibh. Agus do ghluaisidur rompu co teach Conáin; & do éirghe Conán & a mhuintir & a bhainchéile & a ingheanampersir; do fearadur fíor-chaoin fáilte riú uile, & do chuadur
1705] don dúnadh & do heagradh na sluaigh uile 'san dúnadh álainn deagh-maiseach sin Conáin .i. do cuireadh Fionn a leath-ursainn in tighe & do cuireadh Findearb inghean Conáin ar ghualainn dó & Goll ar ghualainn eile dó, & do cuireadh gach duine ina ionadh cinti
1710] coimhaoisi ó sin amach do réir a n-uaisle & a n-athardhacht; & do uhídur ag aoibhnius & ag urgáirdiughadh meanman & aigeanta.

Iomthúsa Tuath D. D. imorro, do chuireadur an fé fia umpadh féin ar ghléss nach bhfaicfidhi
1715] iad
& do ghluaisidur rompu 'na sé ceadaibh déag armtha éidighthe inilti sin, & ní scur nó anadh dorón adh leó co rángadur faichthe dúnaidh & dheagh-bhaile Conáin ina n-éan-bróin dhorcha doiléir draoidhachta, gan robadh gan rathughadh; & ar fhosughadh
1720] dhóibh ar in bhfaichthe adubhradur gur bec an tarbha dhóibh theacht ann sin & neart láimhe Goill


p.52

ina n-aghaidh ag anacul Find forra. Is ann sin do labhair bain-eachlach Fhindbar .i. Eithne bain-eachlach & adubairt: ‘Cealgfad-sa {MS page 50}10 Fiond
1725] chugaibh as in mbruighin amach gan mhothughadh d'áonn-duine dhá bfuil inte & déanaidh féin meisneach fair.’ Agus is cuma ro uhoí dhá rádha & do gluais roimpe chum an dúnaidh & do chuaidh ós comhair Find don taobh amuidh & do fhiafraigh co
1730] hárd: ‘Cia atá 'sa dúnadh so thall?’ ar sise. ‘Atáim-se’ ar Fionn ‘ann,’ 'gá freagra; uair do chuir sí tré draoidhachta buidhre ar a raibhe astigh nach gcuala aonn-duine í acht Fionn. ‘Más eadh’ ar in uain-eachlach, ‘geassa nach fuilngit
1735] fíor-laoich fort muna ttí tú do labhra friom-sa amach as an mbruighin.’ Arna chloss sin d'Fionn, do ghlac a arm & táinic amach ar in bhfaichthe, & nír airigh duine dá raibhe astigh é acht Caoilte 'na aonur & do lean sé Fionn amach; & fuaradur an
1740] bhain-eachlach ar a gcionn amuidh & as eadh adubairt friu: ‘Geassa nach fuilngit fíor-laoich ort, a Fhind & a Chaoilte, muna ndéana sibh coimhling friom-sa.’ ‘Cá fhada an coimhling?’ ar Fionn. ‘Ó Dhoire Dhá Thorc anoir’ ar in uain-eachlach.
1745] Do gluaisidur, gérbh fada sin uadha, & co hÁth Leathan, & do chuaidh Fionn rimpi ann sin & do bhí Caoilte 'na dhiaigh, & déachus Fionn 'na dhiaigh & do chonairc Caoilte 'na diaigh & do greis é & adubairt gur mór an náire dhó a bheith a ndiaigh na bain-eachlaighe
1750] & in tuaruscbáil reatha do bhí air ag fearuibh Érenn. Ar cclos greasacht Fhinn do Chaoilte, tuc teanda air & do chuaidh rimpi ag dol dóib co Doire an tshean-leóin , & tillis fria & tuc buille ina hucht dhí & do mharbh í & do bhain a ceand dí. Do
1755] chuala Fionn tairm in bhuille & féachus 'na dhiaigh & do chonairc í gan ceand. ‘Beannacht ar in láimh

p.53

sin; cidh mór buille maith tucuis ariamh, ní thucuis ariamh buille is fearr liom do thabairt dhuit iná in buille sin.’


1760] Iomthúsa Tuath D. D., ar mbreith Find uathaibh don uhaineachlaigh ón dúnadh, do leigidur ealta d'énuibh dubha fón dúnadh & guib theineadh forro, gur luigheadur ar ochtaibh & ar urbruindaibh ban & fear, co rabhadur 'gá ndóth & dá loscadh &
1765] 'gá leadradh, gur theitheadur mná & mionn-dáoine an dúnaidh as amach & gur {MS page 51} theith bean Chonáin mur gach nduine .i. Caoineach , & gur báitheadh í 'san aphuin leath thíos don tigh, gurab Eas Caoineach ainm na haphan ó sin a leith; & ar leigion
1770] na healtan uathaibh do Thuathaibh D. D. cum an dúnaidh do loscadh & do dhógh a raibhe ann, do leigidur féin 'na ngaisibh gáibhteacha gér-luatha glan-reatha iat ón dúnadh & in fé fía umpa a ndiaigh Find & Chaoilte & na bain-eachlaighe; & ní mór
1775] an fosadh dorinne Fionn & Caoilte ag leigion a n-anála an uair do choncadur Tuatha D. D. cucu ina mbróin armtha éidighthe innilti & do chuiredur in fé fía dhíobh. Is ann sin do laphair Caoilte & as eadh adubhairt: ‘A rí fhéine’ ar sé, ‘tarla ar lár ar
1780] námhat sinn; & déanam calmacht & ná fionntar ar mí-laoichacht.’ ‘Ní fionnfaidhtear’ ar Fionn, ‘& nír fionnadh ariamh, & ní furáil dúinn; is fada furtacht uainn.’

Is ann sin do iadhadur Tuatha D. D.
1785] iomut curadh & cath-mhíle a ttimchioll Fhinn & Caoilte, gur chuir Fionn & Caoilte a dhá ndroim re chéle dá ccumhdach féin; gur luidh iomarcaidh na ccuradh & na ccath-mhíleadh orra fá deireadh, gur ghéis sciath Fhinn & co ttuc Fionn féin osnadh


p.54


1790] éagoimhlinn ós aird, co gcuala Goll sin, & as eadh adubairt: ‘Is truagh sin’ ar sé; ‘do ghoididur Tuatha D. D. Fionn uaim gan fhios damh, & as é a osnadh éagoimhlinn sin do chluinim & é 'gá
1795] mharbadh ag Tuathaibh D. D., & go rabhadur sé céad déag armtha éidighthe ar in tshlighi romhuinn & is iad do chuir an ealta-sa & guib theineadh orro chugainn da ar ndógh & dar loscadh ar tí faill d'fagháil ar Fhiond; & gabaidh bur n-arma, a chlanna Mórna, óir is bec atá don fhéin annso aniudh
1800] acht sibh; & ná fionnuim bur bhfhuruaacht 11 ná bur miscuis a ttimchioll Fhind aniu; & cathaidhe co calma láidir ré Thuathaibh D. D. a ttimchioll Fhinn má tá a ndán díbh tuitim ann’; & dorinne an láoi:
    1. 1805] Gabaidh bur n-arma, a fhiana Find,
      ionsuigh an t-ágh gan éislinn,
      fearuidh an cath, clú nach gann,
      a n-aghaidh Tuath Dé Danann.
    2. {MS page 52} Sé céad déag dóibh isin muigh,
      1810] deich céad dhúinni 'san mbruighin;
      gidh deich deich céad beithdis ann,
      dhúinne ní badh hanforlann.
    3. Éirghidh dhúinn chum an chatha,
      a chlann-macne an árd-flatha;
      1815] 12déantur gníomha tréana libh,
      bur n-arma géara gabaidh.

      Gabaidh.

Ciodh trá acht, do éirghe Goll ina cholamhain lasamhain & ina bhuinne teintighe & ina dham dhásachtach & na deich céad do bhí don
1820] fhéin
maille fris; & do éirghe Conann & sé céad laoch


p.55

maille fris; & ro gabhadur a sciatha móra mílita dath-niamhdha ar dromanuibh deagh-laoch & ro gabhadur a sleagh slinn-géara sith-righne sith-fhoda re guaillaibh na gasraidhe & ro gabhadur a ccloidhme
1825] tana taithneamhacha faobur-géara dias-fhoda for thaobhuibh curadh & cath-mhíleadh, & dorinnedur léiphion dhlúith daingeann doscaoilte dá sciathaibh ina ttimchioll; & rucadur in cathréim curadh coscrach comhchalma sin leó co ráncadur Tuatha D. D.
1830] Is ann sin tucadur in dá shochraidi dhiana dásachtacha dofreastail sin a n-aghaidh ar a cheile & fá hadhbail re innisin an torann tucsat dá chéile ann sin ag cur a ccraoiseach cró-fairsing catha a sciathaibh a chéile & ag búaladh a ccolg tuinidhe lán-trom ar
1835] chorpaibh & ar cathbharthachuibh & ar sciathaibh a chéile & coigedal na lann bhfada bhfiorga dá mbualadh a n-aghaidh a chéle.

Cidh trá acht, ód' chonairc Goll an cró catha dorionsat Tuatha D. D. a ttimchioll Find & Caoilte,
1840] do ionnsaigh féin go laochdha láidir lán-chalma in láthair sin; & as í uair & aimsir fá raibhe Fionn dá chlaoi ansa ccomhlann, & dobeireadh Fiondbar dhá buille fán mbuille & dá sháthadh fán tsháthadh d'Fhionn; & ar ndol do Gholl do láthair, do chuaidh
1845] eidir Fionnbar & Fionn; & nír chobhair gan fheidm d'Fionn an chophair sin tuc Goll dó an úair sin, óir nírbh fada dó bheith 'na bheathaidh muna mbadh Goll. {MS page 53} Is ann sin tharla Fionn & Eochaidh mac Luighdheach dá chéile 'sa chath & do thuarcnedur
1850] a chéile co tréanmhar tinnasneach & co grod gábhtach gráineamail & co mear mearrdha míchéilidh, go ttuc Fionn béim cloidhimh d'Eochaidh gur sgar a cheann rena cholainn. Agus adorchuir Eochaidh Dearg re Dolbhscoine mac Oisín, & attorchuir Aodh Eassa
1855] Ruaidh le Garadh Glúndub, & attorchuir in dá Dhonn


p.56

le Mac Reithe & le Dáire, & attorchuir na trí Cuinn le Conán mac Mórna, & attourchuir in dá Cairpri le Conán & le Cairpri mac Conáin, & attorchuir Fáilfeadha mac Domhnaill Deirg le Dubchosach
1860] mac Méine. Ciodh trá acht, ní héidir gníomhartha gacha fir fá leith d'innisin 'sa chath. Gidh eadh, is bec má tucadh a nÉirinn ariamh uiread catha (& gan mórán toichiostail do dhéanamh cuige) is fearr tucadh iná in cath sin; uair do chuadur
1865] fiana Éireann deich céad ann & Tuatha D. D. sé céad déag & Conán sé céad, & ní dheachaidh dhíobh sin uile acht madh aon chéad cruaidh & íad cneadhach easbadhach cró-linteach.

Iomthúsa Oisín mic Find, innistur sunn
1870] seal eile. Leanus féin & clanna Baoiscne Fionn co teach Conáin & ní fhuaradur ann acht daoiscirshluagh in dúnaidh, & do innisidur scéala Fhind & Conáin & Tuath D. D. d'Oisín & don fhéin. Arna chlos sin imorro d'Oisín & do chlannaibh Baoiscne, gluaisit
1875] rompu ina mbuidhnibh borba barbartha buan-óglacha & ina ccuradhaibh calma comhchóridhe & ina gceithearnaib cliste crand-ruadha go rabhadur ag dol a láthair chatha. Iomthúsa Tuath D. D., ódchoncadur Oisín & clanna Baoiscne chucu & a
1880] mbratacha maiseacha maoith-sróil re cranduibh na sleagh sioth-fhada sár-reamur & a sciatha dualacha dath-áille deagh-mhaiseacha ar leath-lámhuibh cur aidh & cathmhíleadh & a ccindbearta solusda dath-órrdha ar cheanduibh triath & tréanfear, do ghabadur
1885] in fé fía umpu & do ghabhadur maidhm & mór- theitheadh chucu ionnus nár léar don fhéin iat is nach fhios acú cár gabhadur uathaibh; {MS page 54} & nír leig Fionn dóibh a leanamhuin as a mball amach.

Is ann sin do thuit Fionn a ttaisibh & a ttámhnélluibh


p.57


1890] & táinic Oissín & in fhian ós a chionn. ‘Is truagh nach rucamur-ne oruibh gan an cath do taphairt’ ar Oissín, ‘& dá mbearmaois, ní imeóchadh an mhéid a d'imigh do Thuathaibh D. D. uaibh, a rí-fhéinidh,’ ar Oissín, ‘& is mór in t-ár deagh-dhaoine
1895] sin tucadh oruibh; & dobheirim dom' bhréithir co saoilfinn, gé mór do shluaguibh & do sochuidhibh biadh ionn bur n-aghaidh, nach tuitfeadh an uiread-sa aguib leó.’ ‘Ní hiongnadh tusa dá rádha sin’ ar Conán; ‘is mór mo dhíth féin insa
1900] cath-sa, óir tángus-sa sé céad laoch ann & ní bfuil aonn-duine 'na bheathaidh acu acht becán atá ionnam féin.’

Agus do hiomchradh Fionn & Conán dá ndúnaibh & dá ndeadh-bhailtibh féin & tucadh leagha na
1905] féine cucu & do uhádur caoicís ar mhíos dá leighios; & ar n-éirge dhóibh, do uhádur ag éagaoine a muintire; & as gairat gurab amhlaidh sin do scar Fionn & fiana Éireann re bruighin Conáin.

Appendix 1


p.61

H. 3. 18 p. 196

Fic .d. Cannain ann so sís.

{MS page 196a}Sealg trom-thoirrtech tochtach turcartach do comórad la Finn mac Cumaill maic Trénmóir & la fiannaib glan-áille Gaeidhal ó Temhair Éirne aneas & is ann do suideadh in tselg sin, ar Sléibh uraíbhinn Echtgi theas do Sinaind; & do suiged in tselg sin leó ima caillib biledha bárr-glasa & ima deribh dlúithi dímóra & ma sleibtib forruadha fairsinga na ferann & ma cnocaib corracha cenn-ruadha na crích a comfogus; & do innsuidh gach taísech fénne don féin a inadh urcuarta & a baegal berna laitir lici mur do clechtdus a cosgur gach lae, & do hoslaigedh dá ngadraaibh sporacha crobacha crom-cluasacha (?) fán caill ba comnusa dóibh, gur dúisgedur fiadha foluaimnecha fuaisgrecha & muca lúb-fiaclacha lán- móra & míla gramasacha Muidhe Sinna celgacha corr-cluasacha caib-liatha fuaradur a fásaidibh & a foglenntib Érenn. Is ann sin do ligedur seastun sl— bruidhen na selga go comtrom fán caill, [196b] gur ruaigedur fiada ar ferannaib & míla ar mullibh & sinnaig ar seachrán (?) & lai ar luaigrem & eóin ar eitil, & do ligedur a cona fergacha fír-luatha ar a fiadach go feramhai ag na fianaib in lá sin. Acht aen-ní cena, ba cenn-trom laích & ba cenn-derg con &


p.62

ba cenn-trom gillai fós ba comaidh fianna Érenn in lá sin ar sgur na selga saethraide srathleicthi sodhánaide sin; & ní roibe a farradh Find ina inadh tselga in lá sin acht ma Dirring mac Dodhair amáin. Agus adubairt Find frius: Coimét mé gu maith, a Dirring, & déna m[rsquo ]aire & m[rsquo ] forcomét gu maith, uair is moch d[rsquo ]éirgius aniugh & ba maith mochor (= moch-oirgech?) in tí do bí ann sin .i. in uair doberedh aithne ar sgáilib a cheithre mér eter é & lés & an uair doberedh aithne ar duillib na habla sech duillib in cuill.

Cid trá acht, do tuit a suan trom-codlata ar in ríg-fénne & is é fad do bí [rsquo ]na codlad, ó árd-tráth nóna go ndechaid in grian cum suangairi ...