Corpus of Electronic Texts Edition
Die gaelische Ballade vom Mantel (Author: unknown )
p.296
A h-ughdar so Oisín mac Fhinn.
- Lá dha n-deachaidh Fionn do dh'ól
in Almhain is nior iomad slógh,
seisior ban is seisior fear,
aon ghill' is ainnir uchtgheal.
- Fionn féin is Diarmaid gan on,
Caoilt' is Oisín is Oscur,
Conán Maol go maill' ar maigh,
agus mná nan sé laoch sin.
- Maighineas bean Fhinn bu dhéin
is Ainnear uchtgheal mo bhean féin,
Gormlaith áillidh is Dubh Rosg,
Niamh is n-ighean Aonghuis.
- 'Nuair a ghabh meisge na mná
tugsadar ann gus a rádh,
nach robh ar in domhan tig
seisior ban in g-coimhionruic.
- Adubhairt an innilt gan on:
'Is colach corrach in domhan;
gé math sibh-se is iomadh bean
nach d'rinn feis ach re aon fhear.'
- Gairid ar bhith dhoibh mar sin
táinig aon bhean d'ar rochtain,
p.297
aon bhrat uimpe go n-áilde
agus í 'na h-aonshnáithe.
- Táinig nighean a' bhruit fhinn
in bh-fiadhnaise mhic Cumhaill,
beannaichios do'n rígh gan on
agus suidhios 'na fharradh.
- Fiosraighios Fionn sgéala dhi,
do'n nighin luthmhair lámhghil:
'A bhean a' bhruit go n-áilde,
ciod a rad thu is t'aonshnáithe?'
- Is geas dom' bhrat go n-áilde,
bean ann ach 'na h-aonshnáithe,
nochan fhaigh díon fam' bhrot
ach bean aoinfhir gan aon locht,
- 'Tabhair am brat dom' mhnaoi féin',
adeir Conán mór gan chéill,
'go bh-feasmaois an breithir mir
a tug na mná bho chianaibh'.
- * 'Ghacfad-sa an brat, a Chonáin,
ma's áil leat léigean do t'iomrádh,
's is mór ghoilleas orm féin
a n-deanais tu dom' aimhréir.'
- Gabhais bean Chonáin am brat
in cuirios uimpe le rac,
go'm b'é sin an leithid locht
dar léig ris uile a geal ucht.
- Mar a chunnaic Conán Maol
am brat ar casadh f'a taobh,
tairngios an chraoiseach go nimh
agus marbhuis an nighean.
- Gabhuis bean Diarmad' a dhíol
am brat bho mhnaoi Chonáin mhaoil,
nochar fearr a mheasadh dhí,
casaidh am brat f'a cích,
- * Glacuis bean Oisin amhra
am brat fa chúis labhra,
p.298
an téadach nár cumadh dí
níor chubhaidh a chur uimpe.
- Gabhuis bean Oscair 'na dheigh
am brat comhfhada coimhreidh;
gé leobhar sgoth a' bhrait fhinn,
nochar fholaigh a h-imlinn,
- Gabhuis Maighineas gan fheall
am brat is do chuir f'a ceann,
do chas is do chuar mar sin
am brat go luath f'a cluasaibh,
- Tabhair am brat', ar mac Reith
dom' mhnaoi-si, is ní cúis cleith,
go bh-feasmaois aníos gan on
treis' eile da h-iomlait diubh.'
- Do bheirinn-se briathar ris,
agus ní briathar eagmhais,
nach dearnus do fheis ri fear
ch dol duit-si in aois leinbh.'
- Nochtuis bean mhic Reith a taobh,
cuirios uimp' an brat fíorchaomh,
a sáth eadar chos is lámh
na go ladhar a ludugán
- 'Aon phóg d'fhuarus in braid
o mhac Uí Dhuibhne Diarmaid;
do risseadh am brat um lár,
mur bhéidh sí na h-aonarán,'
- 'Tabhraibh mo bhrat domh, a mhná,
is mi nighean an Deirg ghráin,
nocha dearnus do locht
ach feis re Fionn faobharnocht,'
- 'Beir mo mhallacht is imthigh bhuainn!'
's é deir mac Cumhaill gan bhuairt,
'a d'fhágais fa mhiothlacht ar mná,
na tair chugainne aon lá!'