Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 531
7114]
Ocus ca fhat atáthi a comrac re Túaith Dé Danann? ar
7115]
Cailte. Atámait cét bliadan, bar iat-som, & marbmaid tríur
7116]
cacha bliadna díb. Má do-nithí, ar Cailte, do dighlabair
7117]
fá thrí bar sen-athair forro, & is sibh atá ar in n- écoir, & da
7118]
comraicem a m-bliadna, ar Cailte, is sib-si thoitfes ann, uair is
7119]
sib atá ar in écoir. do-beraim-ne coma dáib, ar Ilbrecc, as
7120]
cach t-shíd a n-Eirinn .i. fiche uingi d' ór & fiche uingi d' airget,
7121]
& cach do thabairt slána da cheile. Ocus adubairt Ilbrec:
7122] Rann.
- Fiche uinge gacha sída
don triar churad com-gnima,
7123] a beith dáib tar cenn tachar
a n-díghail bur sen-athar.
¶ 532
7124]
Gébmait sin, ar siat, & tucad dóib- sin, & ro imthigetar,
7125]
& rucsat léo ind eiric-sin a senathar.¶ 533
7126]
{F§}IS i-sin aes & uair tangadar tri h-eillti ruaga ro-caema
7127]
a (eo)car-imlib Sleibi Fuait fonn-chosaigh atuaid co faithci in
7128]
t-sída-sa. Geltsat an fér co grian & co grindell co lecaib loma.
7129] Ilbrecc cecinit:
- 7130] Tegait tri h-eilti móela
rúagha remra ro-caema,
7131] ocus geltaid an faithchi
nach fáchait dil aen- graifne.
¶ 534
7132]
Créd sut iter? ar Cailti. tri h-eillti tecait cecha bliadna
7133]
cugaind, & ní faccait ní ar in faithci-sin amuig gan ithe co
7134]
grian & co grindell. IS annsin ro dibraicedar tri clocha dibraicthi
7135]
ro bí ina fiadhnaisi riu & torcradar na tri h-eillti-
7136]
sin leo. Berid buaid & bennachtain, ar siat, as maith an
7137]
gnim do-rindebar.§
7138]
Mo leighis-sa do denam bodesta, ar Cailte, uair is mithig
p.199
7139]
lem h-é. Cáit a fuil Bé Bind ingen Elcmair? ar Ilbrecc. Sunna,
7140]
ar in ingen. {SG page 222} Maith, m' anum, a ingen, ar se, beir let
7141]
mac Ronain i cúil-tech diamair, & dentar a leighis & a lessugud
7142]
co maith, uair ro dingaib se fogail & dibeirg do Thúaith
7143]
Dé Danann & do feraib Eirenn, & dénad Cas Corach mac
7144]
Cáincinde céol & airfided dó & Fer Maissi mac Eogabail ic foraire
7145]
& ic forcomét & ic frithoilem dó.¶ 535
7146]
Ocus tainic Bé Bind ingen Elcmair roimpi a tech na n-arm,
7147]
& a da mac {folio 143b1} maraen ria, & do-rigned lepaid luchair
7148]
leighis do Chailti acco isin tigh-sin, & tucad loing-shithel bán-óir
7149]
chum na h-ingine & a lán d' uisci inti, & tucastar lath-amar
7150]
glaine da h-indsaigid, & do chuir na lossa ind, & ro minaig iat
7151]
ar in uisci, & tuc in t-shithal i l-laim Chailti, & ibhis digh móir
7152]
aisti, & 'ar n-ól na dighi dó ro scéestar sceith úainidhe. A
7153]
ingen, ar Cailte, crét in baramail fuil accut di-sin? Gaeithe
7154]
cró na n-es & na n-abhann & na n-indber & na selg mochthrath,
7155]
do-nithea-sa sin, ar sí. & ibh digh aile, ar in ingen. Ocus ibhis
7156]
Cailte, & scéis arís cró-bainde sceithe ruaide. Ocus cret in sceith-
7157]
sin, a ingen? ar Cailte. Cró- lindti neime na sleg & na faebur
7158]
tucad ort isna cathaib & isna comraicib i r-rabais riam. Ocus
7159]
ibhidh digh aile aisti, & sceithid-sium sceith círdub. Cá baramail
7160]
do-beri di-sin? ar Cailte. Cumha do choicle & do
7161]
chomalta & do triath & do tigerna .i. Fhind meic Cumaill sin.
7162]
Ocus ibhid digh aile aisti in cethramad deoch sin, & ro sceestar
7163]
sceith buidhe ina degaid-sin. Crét in sceith-sin, a ingen? ar
7164]
Cailte. Coimét & fulrechta do neime & do gáe cró do neoch
7165]
ro bói indut anallana, & ibh in lóim ro fhacais inti, ar in ingen.
7166]
Is lesc lem-sa sin, ar Cailte, uair ní fuarus i cath na a
7167]
cliathaig na a comrac riam ní is doilgi lém na a h- ól. Ocus
7168]
gid et atibh-sium sin, & ro scéistar sceith co n- il-brechtugud
7169]
cacha datha inti. Ocus crét in sceith-sin, a ingen? ar Cailte
7170]
Cumasc cacha retha & cacha ro-nirt & cacha h-engnuma do-rignis
7171]
i nd-aghaid cacha céite & cacha cnuicc & cacha cairrge, &
p.200
7172]
dath fola ara h-uachtar ata urri cró-lighe do chuirp & do cholla
7173]
féin sin, & iss ed is nessa do t-shlainte h- é. Ocus tuc inn ingen
7174]
baiglenn lenmachta dó, & atib ina degaid-sin, & ina degaid-sin
7175]
do bói-sium anbhann imeslan a h-aithle na scethrach-sin do
7176]
denam dó re téora lá & re teora áidchi.¶ 536
7177]
Dar lim-sa, a m' anum, a Cailti, ar in ingen, fuarais furtacht
7178]
& fóirithin. Fuarus ám, ar Cailte, acht mét treblaide
7179]
mo chind ac {SG page 223} tuidecht rim. do- gentar folccad Flaind ingine
7180]
Flidaissi duit-si, ar si Bé Bhind ingen Elcmair, & cach cenn ara
7181]
tabar h-é ni thig teindis ris da éis, & ní thic maelad cind ris,
7182]
& ní bói esbaid radairc air. Ocus do- rigned in leighis-sin dó-
7183]
sum re h-ed & re h-athaid, & do ordaigset lucht in t-shida trena
7184]
dib da fhis .i. trian do maithib mora, & trian do maccaemaib,
7185]
& trian do ingenraid & do ban-dalaib & d' fhiledaib da fhis & do
7186]
gairdiugud, fata gairit do biath ina leapaid leighis. Ocus cach
7187]
turchairthe selga nó fiadaig do-geibdis lucht in t- shída do-berthea
7188]
do Chailti h-é risin.¶ 537
7189]
Ocus ina degaid ro bói in ingen & a da mac & Cas Corach
7190]
& Fer Maissi ac ól & ac áibnius maraen ris. Fecht n-aen ro
7191]
badur mar sin co cualadur in fogur & in cairche cíuil chucu ó
7192]
Es Ruaid meic Moduirn, & do tréicfed nech ilcheola in domain
7193]
ar in céol-sin, & ó 't-chualadur sin do chuirset na cruite i
7194]
cernnadaib na colbad, & tangadur uile amach ar in céol do-
7195]
chualadur, & rob ingnad lé Cailte sin, & tuc da úidh & da aire
7196]
beith a n-ingnais a luith & a lámaig & a lán-choiblid, & Mor
7197]
do borb-gleoaib bodba, & do thoiscib fa téighind- si, & d' irgalaib
7198]
& do thossach catha chum a roichind, & nach fuil do nert na
7199]
do tracht accum-sa dul amach maraen ré cach aníu! Ocus ro
7200]
moidhetar déra tar a gruaidib.¶ 538
7201]
Ocus do-riachtadur lucht in t-shída amuich a h-aithle in chiuil
7202] {folio 143b2}
do chloistecht, & ro fhíarfaig Cailte scéla dib, & crét
7203] do-rigne in cairche cíuil at-chualamar ar Cailte. Uaini Bhuidhe
7204] a Síd Duirnn Buidhe andes ó Thuind Clidna, & énlaith Thire
7205] Tairrngaire ina farrud, & ban-airfidech Thíre Tairrngaire uli h-í,
p.201
7206] & a m-bliadna is lé tuidecht d' indsaigi in t-shída-so, & bliadain
7207] dí cach sida, ar in ingen, & bliadain di acainde. Ocus tangadur
7208] andsa síd anunn 'arsin, & tainic inn enlaith cor' t-shuidhetar
7209] ar corraib & ar colbadaib in t-shída, & tainic tricha én
7210] díb i tech na n-arm in bail i r-raibe Cailti, & do gabsat cliar
7211] astigh, & ro gab Cas Corach a timpan, & cach adhbunn ro
7212] t-sheinded Cas Corach & ro gabdais ind énlaith leis. Is mor do
7213] cheol do-chualamur, ar Cailte, & ní chualamur céol a com-maith-
7214] sin.¶ 539
7215]
Annsin do-rigned folccad Flaind ingine Flidhaisi dó-sum, &
7216]
esbaid ruisc nó chloistechta a gin ro bói béo ni raibe air, &
7217]
ba slemain slan-crechtach h-é don leighis-sin tucad fair issin
7218]
t-shid. Ocus adubairt Cailte: In t-adhbur & ind fhochaind ima
7219]
tanac-sa do leighis mo choissi dentar bodesta. Do-gentar issin
7220]
maidin amarach, ar in ingen. Ocus is annsin tuc sí da fhetan
7221]
Bindi ingine Moduirn lé d' indsaigid Cailti, & ro t-shuighistar
7222]
ban-mogh fetan díb, & ro t-shuighistar {SG page 224} fer-mogh fetan aile, conar'
7223]
fhacadur galur na eslainte na gái chró ina chois na tucsat aisti
7224]
h-é, cor' bo t-shlemain slán-crechtach h-é 'arsin. Ocus ro badur ann re
7225]
teora lá & ré teora áidchi a h-aithle in leighis-sin.¶ 540
7226]
IS ann sin do eirgedur lucht in t-shída amach co h-ur Essa
7227]
Ruaid meic Modhuirn, & ro bensat a n-étaigi díb, & tangadur
7228]
ar in n-es, & do-ronadur snám. Ocus adubairt Cailte annsin: Cid
7229]
dam-sa gan dul do t-shnám, uair tainic mo t-shlainti dam. Ocus
7230]
do-róni a mescad ar in uisci annsin, & tangadur issin síd anunn
7231]
iarsin, & ro h-ecrad tech n-óla acco ind áidchi-sin, & ro bói
7232]
Cailte ac ceileabrad dóib & ac breith buidhechais a leighis.
7233]
úair is slemain slan-crechtach missi, ar se, & bennacht ám
7234]
oraib-si. ócus adubairt Cáilte:
- 7235] Bennacht ar lucht in t-shída
eter ríg ocus rigna,
7236] slán bith-slán don chuire chas
fuarus uile a n-óclachas.
- 7237] Maith mo thurus issin síd
fuarus ann midh ocus fín,
7238] febus a m-ban 'sa fer de
is bind ceol a n- énlaithe.
- 7239] Maith mo thurus isin síd
fuarus ann faeilte gan fhich,
7240] febus a fer 'sa flatha
is a n-étach n-ill- datha.
- 7241] Bennacht uaim-si ar Bé Bind
ar ingin Elcmair imgrind,
7242] febus a crotha sunn de
a céille 'sa com- airle.
p.202
- 7243] Adeirim-si rib reime
bid fír in ní raidim-ne,
7244] gé imthigher buan mo smacht
fácaim afus mo bennacht.
7245] Bennacht.