Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 291
3871]
Caide ainm ind achaid-sea, a Chailti? ar Pátraic. Gort
3872]
ind Fhostáid ainm in guirt-seo, ar Cailte. Cred in fostod? ar
3873]
Pátraic. Óclach d' Fhind tarmairt imtecht uad ar bithin a thuarastail,
3874]
uair fata leis co rainic do .i. Druimderg Dana mac
3875]
Duib Dechelt do Connachtaib inso, & tangadur tri catha na
3876]
Féinne da fhastud, & nir' thairis accu, & do-riacht Find da
3877]
fastud, uair badur búada ara fhastud óclaíg{folio 130b2}
& bá dona
3878]
buadaib-sin, acht co n-dernad Find tri raind dó comad t-shidach
3879]
é ina degaid. Ocus adubairt Find:{SG page 180}
- 3880] Tú sin, a Druimdeirg Dana
a urdeirg na h-urbagha,
3881] gé thís uaim aniu co m-blad
is cetlud duit ceilebrad.
- 3882] Do-ratus duit ic Raith Chró
tri coecta uingi a n-aen-ló,
3883] lán mo chuaich a Carn Ruide
d' airget ocus d' ór buide.
- 3884] IN cumain let ic Raith n-Ái
da fuaramar in da mnái,
3885] ocus aduadmar na cno
missi ann ocus tusso.
3886] Tú sin.
¶ 292
3887]
IS ann sin do eirgedur in sluag uili assa h-aithle-sin co
3888]
Ros na h-Echraide, risa n-abar Ailfind isin tan-so, & is uime
p.111
3889]
aderthai Ros na Echraidi ris .i. in tan no bídis cuicedaig Eirenn
3890]
ic ól i Cruachain is ann do bidis a n-echradha a lúb-gortaib
3891]
gabala. Ad-ráe buaid & bennacht, a Cailti, ar Pátraic, as
3892]
mor in fis & in t-eolus-sin acut.¶ 293
3893]
Ni cian ro badur ann co facadur ind aen-mnai da n-indsaighid,
3894]
& brat úaine uimpi, & leine don t- shlemen-shíd buidhe fria
3895]
cnes, & niam-lann d' ór buidhe réna h- édan. Canas tangais, a
3896]
m'anam?, ar Cailte. A h-Uaim Chruachan, ar inn ingen. Ocus
3897]
cia thusa, a m' anum? ar Cailte. Scothniam ingen Buidb
3898]
Deirg meic in Daghda missi, ar sí. Cid rot-imluaid
3899]
& rot-aistrig ille? ar Cailte. Iss ed rom-imluaid,
3900]
ar in n-ingen, d' iarraid mo choibche ort-su, a Cailti,
3901]
ar inn ingen, uair ro geallais uair éicin dam-sa h- í. Cred tuc
3902]
ort-sa gan tiacht da h-iarraid co Carn Cáiridha thes i coiced
3903]
Laigen? Neim-fhírindech adeire sin, ar inn ingen, & in deiliugud
3904]
tucad ó cheile oraind. INgnad lind mar at-chiamait sibh,
3905]
ar Pátraic .i. inn ingen as í óc ildelbach & tusa, a Cailti, ar
3906]
Pátraic, at shenoir chrin chrotach crom-liath. Do-fuil a adhbhur-
3907]
sin acum, ar Cailte, & ní lucht com-aimsire sind, & do Tuathaib
3908]
Dé Danann iss í, & nem-irchradach iat sein, & missi do Clannaib
3909]
Miled, & di-mbuan irchradach iat.¶ 294
3910]
Tabair freagra ar in mnái, a Cháilti, ar
3911]
Pátraic. Do-bér immorro, ar Cáilte, & do éirigh roimhe cu Carn
3912]
Soghradhach re Cruachain aniar- thúaid, & tuc a uillinn clí risin
3913]
carn, & do chuir secha h-é & tuc a láim fon carn & tuc in Lugbordach
3914]
anís .i. crannóc tucadh a c(omair chísa &) chánachais d' Fhind
3915]
mhac Cumaill, & tuc Find 'na thuarasdal do Choná(n Mhael)
3916]
mhac Mhorna, & do fholaig Conán isin carn h-í. Ocus as am(laid)
3917] {folio 184a1}
do bhói in chrannóc & a lán d' ór innti,
3918]
& tuc Cáilte ina coibhche don inghin h-í. As gairit ón t- sligid
3919]
& ó ré na carpat fuaruis sin, a Cháilti, ar Pátraic. Ocus
3920]
adubairt Cáilte:
- 3921] Dáine bátar sunn co sé
saeire aid- ble a n-innile,
3922] nocha sochaide rus-gaib
cincub cian á shliged- haibh.
- 3923] Atá foluch i Sléibh Fuaith
do chuirfedh Eirinn má cuaird,
3924] trí cét uingi don ór dherg
maraen is an Duille Dearg {SG page 181}
p.112
- 3925] Atait ceathra dabhcha óir
a fír-mhullach Sléibi Smóil,
3926] in dabhuch as luga dhíbh
fairsing n-dési, cumang trír.
- 3927] {F§}Ata fer óir a cuimrech
isin raith ic Sen-Luimnech,
3928] slabrad airgit air dib n-glond
a fuil tri cóecait conglonn.
- 3929] Atat tri sréin nó cuic shreín
arna folach dom láim féin,
3930] in t-éolas téighim don dáil
dol i taib Duma Massáin.
- 3931] Ata mo lend cona delg
is cona cimsaib óir deirg,
3932] isin cnuc ic Tuaigh Imne
ro facus h-é ic Osraighi.
- 3933] Ata mo scian becc croda
cona h-eim do líg logh- mair
3934] a Mullach Droma tinde
ní fo laighi acht casnaidhi.
- 3935] Dabach fuil i n-il-lathaib
ro ceilfed mac ar a máthair,
3936] beg-ní ros-beir o dainib
lán duirnd aen- fir do tlathaigh.
- 3937] Atat da cornd nó tri cuirnd
re taeb go duilb ac Ros Cuill,
3938] co cochluib óir gribda gle
co carrmoclaib fíndruine.
- 3939] Ata 'sa tulaigh leith aníar
ro ba shaithech triur do trian,
3940] iter da cairthe ata in cornd
ar in faithchi ac Dún Moghdornd.
- 3941] Atat cethri tindi dh' ór
isin carraic os Connlón,
3942] isin tindi is luga dib
degh-eiri deisi no trír.
- 3943] Ro fácus clesán Conrí
ar in fertan ac Senchai,
3944] a h-aithle
[...]
in fir
Con Culaind meic Subaltaigh.
- 3945] Tá fithcell Crimthain Níadh Náir
a Caill mac n-Draigh in Casain,
3946] lán do íriallaib a mna
con foirfed secht lanamna.
- 3947] Ata mo cloidemh calma
isin cnuc i Carnd Abla,
3948] cid bé ro béradh imach
ro bo gell tri cét loilghech.
- 3949] Ata mo brandub co m-bloidh
isin t-shléib os Leitir Broín,
3950] cuiciur airgit gil can glór
ocus ochtur do derg-ór.
- 3951] Atá m' fithcell ic Ess Ruaid
isin tulaigh leth atuaidh,
3952] a taiscidh a medon craind
cen esbaid fir da foirind.
- 3953] Atait cethri cleib do gual
dol i taib Leici na n-Druadh,
3954] co ceilit mór do maíníb
cingo somáin do daíníb.
- 3955] Gabar sailm, gabar créda
saltracha ocus soiscéla
3956] a timcell Cind Garaid glain
a n-Inis Cuind Cétcathaigh.§
- 3957] Adeirim-se rit-sa dhe
a mheic Chalpuirn co naeime,
3958] gu mairit na h-innmhusa is nach mairit na dáine.
¶ 295
3959]
Ar n-dénum a thráth & a úird & a aithfrind do Phátraic,
3960]
tucadh Cáilte cuigi & do fhiar- faig de: crét fa tucad Glenn na
3961]
Caillige ar an n-glenn-so thís? Inneosat duit, a naem-clérigh.
3962]
Aen do ló do bhí Find & in Fhiann annso, &
3963]
at-chonncamar amuit chailligi corr-luirgnigi cír-dhuibhi cucainn,
p.113
3964]
& ghrennaighis sinn um choimhling do dhénam ria & a n-gnáith-geall
3965]
ón Fhéinn uimi-sin. Ocus ba h-iat geallta do snaidhmedh
3966]
ann, a chenn do bhein don te do fúicfidhe ann. Ocus do rithsam-ne
3967]
triar don Fhéinn ria .i. Oisín & Diarmait ua Duibne &
3968]
mhisi. Ocus do rithamar co h-Áth Mór, re n-abar Áth Moga isin
3969]
tan-so, & as misi fa túsca ac dul tar in áth siar, ar Cáilte,
3970]
& d' impódhas a n-agaid na cailligi aniar & tucas béim cloidim
3971]
di gur' chuires a cenn dá coluind. Ocus is uaithi ainmnigther
3972]
an glenn-sin ó sin alé.¶ 296
3973]
Ocus táncatar isin m-baili anunn iarsin & do ben- nachadh
3974]
acu h-é, & do bí légeon d' ainglib ós a chinn arna bennachad,
3975]
& do bádar ann iarsin co ceann caeicdigis ar mís.¶ 297
3976] {F folio 23b}
Laithe n-aen ro bí Pátraic ic denam a trath, & mar
3977]
tairnig na tratha do denam is ann it-cualatar in suasan selga &
3978]
fiadaigh a Berrobail isin cnuc re táib. Is becc gotha na con
3979]
& na fer it-cluinmít, ar Cáilte, & is do dith na flatha Find atá
3980]
in t-selg-so oca denam, & do dith Meic Lughach lan-calma, &
3981]
do dith Diarmata ua Duibne & Aeda Beic meic Find ro marbad
3982]
i cath Concaite thair a Saxanaib, & d' esbaid Duib Da Cond
3983]
& Duib Dithrib meic righ Galéon & do dul Dithrubaigh meic
3984]
in Scáil meic Eoghain, mac máthar Fhind, ro marbustar Cailti
3985]
Coscar righ mac righ Frangc, & ar múrad talman ar Conán
3986]
Mael mac Mornda & Ferdoman mac Buidb tre bithin Findinni
3987]
ingine Buidb.¶ 298
3988]
IS annsin adubairt Pátraic re Cáilte: Is truagh in nuall
3989]
cuma duit-siu beith mar sin tar éis t' fhéindi, & ní h-amlaid-sin is
3990]
coir duit-siu do creidem do beith festa, ar Patraic, acht isin
3991]
fir-Dia fororda ro cruthaig nem & talmain. Maith a anam, a
3992]
naem-clérigh, da mad aithníd duit-siu an Fiand do- bérta grad
3993]
doib in trath is misi is inmain let, & me ar taircsin mo luith
3994]
& mo lámaigh.¶ 299
3995]
Ocus it-cualaid in sluagh uile sin, & ba truagh léo a n-dernad
3996]
in fir-laech & in fir-gaiscedach a n-ingnais a Feindi in la-sin.
3997]
Maith a anam, a Cháilti, ar Pátraic, cid duit-siu cen dul do
3998]
d' fhéchsain? Ro bad áil, a naem Pátraic, ar Cáilte, acht urchar
3999]
do dibraic Seiscend mac Fir Duib i cath Cind Mara thes dam,
p.114
4000]
& ní fédaim le gáeib cró in urchair-sin {F folio 24a1} & rob é a
4001]
diubrucud dédhenach sum é, uair i-torchair fein and, & is do
4002]
Ríg nime & talman it-lochar-sa beith ac éistecht re guth cailigh
4003]
an baile-sea.
4004] Cáit indut a tarrla in t-slegh, a Cháilti? ar Pátraic. Im
4005]
taeb n-dess andso, a naem Pátraic, i fail na raibi in sciath
4006]
orum. Ocus tuc Pátraic a derndaind n-deis re h-ínad na gona
4007]
co tainig in t-slegh imach tar áladh na gona, & glún an fir fa
4008]
mó don t-sluagh téighed tara cró & tar indsma na sleighi, & is e
4009]
ba nesa dó isin eclais .i. Mael Trena mac Dínertaigh. A
4010]
macaim, ar se, geib mo laim, uair do-cuaidh in Tailgind do
4011]
d' féchain na selga.
4012]
- Cáilte cecinit.
- 4013] A scológ rom-beir amach
o tairnic in celebrad
4014] d' éstecht na con taifnes fiad
a Berrobol
[gap: extent: 3 syllables]
- 4015] A cailigh do-ní in gairm glan
cia da n-denaidh t' oirfidedh?
4016] mor do-berim dom aire
ní da tám a n- én-baile.
- 4017] Ceol do-nídís meic Lodain
ba bind le feraib in domain,
4018] clíaraidhecht cethrair rom- char
cethri meic Conaill Cruachan.
- 4019] Bás Meic Lughach do Laighníb
a cath Gabra cruadh-airmigh,
4020] aen-guin da fostud malle
mor in coscar cruadh- laime,
- 4021] Dub Daile
Dub sin do brondad máine,
4022] coscar céd i Coill Dithrib
gnath le Dub n-dithmar n-Dáile.
- 4023] Slegh derg i laim Ditrebaigh
bidís óig ara tairbeirt,
4024] inmain a guth issel becc
ocus a gnim n-ard n- airderc.
- 4025] Da coin Diarmata dualaigh
Baeth is Buidi co m-buadaib,
4026] tri coin Cailti, comall n-grind,
Bret ocus Luath is Lanbínd.
- 4027] Fertan Find i Fatharlaigh
ba fert fir andiuid engmaid,
4028] ro cuir mór laech fa lechtaib
ro tercaigh mísi a talmain.
- 4029] Ar n-aghaidh ac Daire Braín
nírbí i n-aghaidh ar cuid Cáil,
4030] do marbus, ba suairc in slat
deich n- eilti ocus da fichet.
- 4031] An selg a n-Daire Tarbgha
ro bo maith lind ar menma,
4032] ro marbus re n-dul amach
ocht fichit dam dasachtach.
- 4033] Ferdoman o Lathraig Cain
ocus Conán taeb re taib,
4034] inmain dias mor garg co m-bladh
leis ar meníc deghlamach.
- 4035] Fiana Find ro fedar-sa
inmain sluagh sochla sétach,
4036] ní bendais duine
[gap: extent: 2 syllables]
ocus ní dendais d' écnach.
p.115
- 4037] Nirsat cruindi cesachtaigh
nírsat míanaigh blaisechtaigh,
4038] nír' bo crom-cendaigh a ruisc
nírsat uir- cendaigh tecuisc.
- 4039] Fácus Find a sgín 'sa n- áth
ocus ní tuc ass co brath,
4040] is é a ainm o sin alle
Áth Ainmneda na Scine.
- 4041] Luas luin iter da muine
's ed ro bi 'sa Féind uile,
4042] lúas na gaeithi seoch in lon
do bi ac Cailti 'na aenor.
- 4043] Aderim-si rib reme
adér dib a firínne,
4044] rob-sum álaind rob-sum
[...]
cia beridh imach mé, a scológ.
4045] A scológ.
¶ 300
4046]
IS andsin táinig Cáilte amach & Mael Trena dalta primda
4047]
Pátraic & lam Cáilti aigi da tigh lepta a h-aithle na sleighi
4048]
do buain as, & ro bi-sium co h-uchfadach écaintech in aidchi-sin.