Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 281


3731] ‘IS accum-sa itá in scel-sin do glain-mebra’, ar Cailte .i.
3732] Óclach gráda ro bói ac Find mac Cumaill, .i. Ciabhan
3733] mac Eochach Imdeirg mac rig Ulad í tuaid, & is amlaid ro
3734] bói in t-óclach-sin in derscugud beiris in t- éscca ina chuiced
3735] dég do ard-rennachaib nime ruc in t-óclach- sin ar cruth & ar
3736] deilb do macaib rig & taissech in domain. Ocus ro gabustur toirrsi
3737] Fianna Eirenn reim Chiaban mac Echach Imdeirg, & rob é
3738] adhbur a toirrsi ní raibi ac fir nó gan fhir díb ben nach tucustar
3739] grad do Chiaban mac Echach, & ro diult Find reime, &
3740] gé ro diult ro bo lescc leis, acht ecail leis Fianda Eirenn dó ar
3741] mét a n-éta.

¶ 282


3742] Ocus tainic reime co Tráig in Chairnn, risa n- abar Traig
3743] na Trénfer
, i cuicid Ulad, iter Dún Sobairchi & muir, & at-connairc
3744] curach cend-ard colg-díriuch {SG page 177} creduma and, & da gilla óca
3745] isin churach & tuighnech phutairle forro co formnaib
3746] a n-gualann, & bendachais Ciaban dóib, & do fregradur-
3747] som dó. ‘Cia sib a m' anum, a ócu?’, ar Ciaban. ‘Lodan mac
3748] ríg na h-India missi’, ar se, ‘& Eolus mac rig na Grege in fer
3749] aile út’, ar se, ‘& ro gluais tonn sind’, ar se, ‘& ro thimairg
3750] gaeth, & ní fhetamar cá crich nó cá cinel issin domun í tamait.’
3751] ‘In tí leis budh áil siubal mara lib in tiubrad sib cumaid dó?’ ‘Dá

p.107


3752] mad at' aen-fher duit’, ar siat, ‘do-bérmais.’ ‘Maith, a Chiabhain’,
3753] ar a muinter, ‘ind h-í Éire is áil let d' facbail?’ ‘Iss í am’, bar
3754] eissin, ‘uair ní fhagbaim mo dín na mo chomairchi inti.’ Ocus
3755] dala Chiabain tainic issin curach, & ro delaig re muintir,
3756] & ro badur co dubach domenmnach, & ro bo scarad cuirp ré
3757] h-anmain léo scarad ris. Ocus do-rindset a comunn & a caradrad
3758] Ciabhán & na h-óclaich do bhí 'san churach,

¶ 283


3759] Ocus do eirgedur na tonna geala gairechtacha dóib coma
3760] cutruma re Sliab Mis nó re Slíab Édair nó re Slíab Elga
3761] cach mur-thonn mor muiride díb, & na h-éicne áille
3762] eochur-brecca no bith ré grian & re grinnell co mm-bidis ré
3763] slis-bordaib in churaig acco, & ro gab grain & eacla & uruamain
3764] iat-sum reime-sin. ‘Dar mo breithir ám’, ar Ciaban, ‘damad
3765] ar tir duind,
ro choissenmais sind i l-lathair chatha
3766] & comraic commaith.’
    1. 3767]
    Ciabhan cecinit.

¶ 284


3775] Ocus ro badur isin mor-éicin moir sin nó co facadur in aen-óclach
3776] da n-indsaighid, & ech dub-glas fáe, & srian óir fria, &
3777] .ix. {folio 130a2} tonna fa muir dó & in nóbad tonn do eirged, &
3778] ní ba fliuch blae na bruinde dóib. Ocus do fhiar- faig in t-óclach
3779] dib: ‘ca luag do-berad sib don tí d' fhoirfed sib assin n-éicin-sin?’
3780] ‘Ní fhetamar in fil inar láim in luach sirther oraind.’ ‘Atá ám’,
3781] ar in t-óclach, ‘bar m-beith fein ar cur & ar muinterus in tí do
3782] fhoirfed sib.’ Ocus ro fhoemadur-sum sin, & tucad a láma i l-láim
3783] ind ócláig.

¶ 285


3784] Ocus tuc in t-óclach chuice assin churach iat a tríur
3785] ar in n-ech, & ro bói in curach ar taeb- shnám lam risin n-ech
3786] co rangadur cuan & calathport i Tír Thairrngaire, & ro

p.108


3787] thairrlingetar ann, & tangadur co Loch Luchra & co cathair
3788] Manannain, & tairnic tech n-óla do t-suidhiugud rompo, & do
3789] frestlad & do frithailed iat a cethrar óclach ina degaid-sin, &
3790] ro benad a ceindbéca da n-dabchaid donn-iubhair leo, & ro tócbait
3791] cuaich & cuirnn & copana, & ro eirgedur gilli áilli aghmara
3792] abhrad-gorma re bennaib blath-cháine buabaill, & ro seinded léo
3793] timpana téit-bindi & cruite nua-binde náe- thétacha co tarla in tech
3794] ina choirchi chiúil.

¶ 286


3795] IS annsin do eirgedur bachlaich srub-fhata t-shal-fhata t-sheired-chaela
3796] ruad-máela rintacha ro bith ac denam chles & chluiche
3797] a tigh Manannain, & ba h-é-seo cles do-nídis .i. .ix. m-bunnsacha
3798] bir-gaissi ina laim & a n-diubrucud ar leth-chois & ar leth-laim co
3799] féice na bruidne, & a n-gabail dó fon cor cétna, & is uime
3800] do-nídis sin, d' imdergad sóer-chlann so-chineoil ticdís a crichaib
3801] ciana comaichthi amuich. Ocus do-rinde ind adhaig-sin a chles
3802] feib do-nith riam roime, & tainic d' indsaigid Chiabain Chasmongaig
3803] meic Echach Imdeirg, & tuc na nae m-bunnsacha ina láim,
3804] uair is sé is ferr delb & taichim & tuarascbail do bói do Thuaith
3805] Dé Danann
& do Macaib Miled isin tigh-sin Manannain, & ro
3806] eirig Ciaban & do-rigne in cles-sin a fiadnaissi Manannain &
3807] maithe Thíre Tairrnhgaire mar badh h-é budh aen eludha dó
3808] riam reime-sin, & tuc i l-láim Eolais meic rig Greg, & do-rigne
3809] fan cuma cétna, & tuc in cles i l-laim Lodain meic rig na
3810] h-India, & do-rigne fan cuma cétna.

¶ 287


3811] IS annsin ro bói prim-ollam maith ac Manannán a Tír
3812] Tairrnngaire
.i. Libra prim-líaig, & ro badur tri h-ingena aici .i.
3813] Clidna & Aífi & Étain Fholtfhind, & rob iat-sin tri taisceda genais
3814] & aentuma Thuaithe Danann, & nír b' ecail ní da marbad
3815] acht gái chró na genmnaidechta, & tucsat a n-aen-uair grád
3816] don triar-sin, & ro chindset élod fán cáemlaithe do ba nessa
3817] dóib, & tangadur co calath-port ina coinde in trir óclach sin,
3818] & tainic Lodan mac ríg na h-India & Eolus mac ríg Grég i nd-

p.109


3819] aen-churach, & tainic Ciaban mac Echach Imdeirg & Clidna
3820] ingen Libra i n-aen-churach, & ro thócbadur in snath-bréid sídaide
3821] i m-barr-uachtar in chraind t-shiúil, & luidedur reompo o tá sin
3822] co Traig Théite {folio 130b1} ingine Ragamnach i n-deiscert Eirenn
3823] tes, & is uime-seo tucad Tráig Théite urri .i. Téite Brec ingen
3824] Ragamnach do dul ann, & tri .l. ingen lé do chluiche chluithe thuinde,
3825] co ro báidhed ann iat, & conid uaithe atá Tráig Théite.

¶ 288


3826] Ocus dala Chiabhain meic Echach Imdeirg, ro gabustur
3827] cuan & calath-port ar in tráig cétna sin, & do-luid do t-sheilg &
3828] do fhiadach fón crich fa comnessa dó, & tainic in tonn amuich
3829] dochum Chlidna, & ro báidhed h- í ann. Conid uaithe atá Tonn
3830] Clidna
urri. ‘Ocus tangadur teglach tighi Manannain ina n-degaid
3831] .i. Illathach & a da mac 'ar tabairt grada donn ingin, & ro
3832] báidhed ar in tráig cétna’, ar Cailte. Ut dixit Cailte:
    1. 3833] Clidna Cheindfhind, búan in bét
      ar in traig tainic a h-éc,
      3834] damna da mathair beith marb
      in ní dia tarla in sen-ainm.
    2. {SG page 179}
    3. 3835] Da n-dernad in t-aenach te
      ac lucht Tíre Tairrngaire
      3836] is sé thuc in mnái tre cheilg
      Ciabhan mac Echach Imdeirg.
    4. 3837] Rígan ind aenaig thall tra
      ingen dán' com-ainm Clidna
      3838] tar in ler lethan longach
      tuc leis Ciabhan Cas- mongach.
    5. 3839] Ro fhagaib h-í ar in tuind
      luid uaithe ar echtra n-etruim,
      3840] d' iarraid t-shelga, monur mas,
      luid reime fan fidh folt-chas.
    6. 3841] Tainic in tonn tara éis
      do Chiaban nir' bo deg-gres,
      3842] mor-gnim ba dimda linde
      bádhad Chlidna Ceindfhinde,
    7. 3843] Tonn Dúine Téite na triath
      is sé ainm ro bói ar in iath
      3844] nó cor' báid in tonn-sin trá
      ben darub com-ainm Clidná.
    8. 3845] Lecht Téite sin traig-seo thuaid
      ro gaet a mesc in mor-shluaig,
      3846] Lecht Clidna ar in tuile thes
      re Síd Duirnn Buidhe benas.
    9. 3847] Fliuchthar folt in Duirnn Buidhe
      a tonnaib in trom-tuile,
      3848] gid imda do neoch fuil ann
      is sí Clidna nos-báidhend.
    10. 3849] Caeca long lodur tar sál
      teglach tíghi Manannain,
      3850] nochar' bí in chongaib gan gan
      ro báided ar Tuind Clidna.

      C.

    11. 3851] Illathach is a da mac
      ro báidtea in triar ac tochmarc,
      3852] mairg d' adhair don luing dana
      nachas-ainic Tonn Chlidna.
      3853]

      Clidna.


p.110

¶ 289


3854] IS annsin immorro do-riacht Ciaban Casmongach dar n-indsaigid
3855] co Druim n-Assail maic Úmoir, & issin áidchi-sin ro
3856] marbad Eochaid Imderg Ulad, & ro rigastar Find Ciaban
3857] Casmongach
tar eis a athar a rigi n-Ulad. ‘Ocus is sé-sin, a
3858] Chuirc meic Daire, in scél ro fhiarfaigis dim’, ar Cailte.

¶ 290


3859] Ocus ina degaid-sin ro eirgedur in sluag uile co Raith
3860] Medba
, & Patraic maraen riú. ‘Cé in Medb o raiter in raith-
3861] sea?’ ar Patraic. ‘Medb ingen Echach Feidligh.’ ‘IN é-seo
3862] ro ba baile bunaid di?’ ar Patraic. ‘Ní h-é úm’, ar Cailte,
3863] ‘acht fa lith laithe na sámna ticed d' acallaim a druad & a
3864] filed ann dús cid ra biad ar maith nó ar saith in bliadan-sin
3865] di, & is amlaid ticed si, ina náe cairpthib ann .i. nae carpait
3866] roimpe & náe carpait ina diaid & nae carpait cechtar do dib
3867] leithib di.’ ‘Créd má n-denad sí sin?’ ar Patraic. ‘Na roised
3868] braen-scoid na conaire & glamar-chind na h-echraidi, & nach
3869] salchadais na dechealta nua-glana.’ ‘Adhbur subhach sin!’ ar
3870] Pátraic.