Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 241
3206] IS andsin ro tinoiled a choin & a cuanarta d' indsaigid in rig, & do-luid
3207] co Beind Boirchi bothuaid, & do-luid Cailte leis & do ordaig Cailte
3208] in t-shelg in la-sin innus co tabrad in fer in coneill i l-laim a chéile
3209] ó Ethaig co Tuind Tuile bothuaid i nd- aird tuaiscirt Beinde Boirchi.¶ 242
3210] IS ann immorro ro bói Cailti & rí Ulad ar Tuind Tuile
3211] ac mor-dechsain na mara amach, & at-chonncadur in n- ingin
3212] maccaemda arin túind amuich & sí ic cul- shnámh & ic táeb-snám
3213] & ic traigir-snám, & ro t-shuid ar in tuind ina fiadnaissi mar do
3214] t-shuidhedh ar tulaig nó ar carraic, & ro thócaib a cend & adubairt:
3215] Nach h-é Cailte mac Ronain siút? ar inn ingen. Is mé
3216] co deimin, ar Cailte. Is mór la at-chonncamar thú ar in
3217] carraic-sin ar a fuili at shuidhe í farrad in fhir is ferr do boi a
3218] n-Eirinn & a n-Albain .i. i farrad Find meic Cumaill. Cia
3219] thussa amlaid? ar Cailte. Lí Bán ingen Echach meic Eogainn
3220] meic Aililla, missi, ar sí, & atú cét bliadan ar in uisci, & nir'
3221] thócbus cend do neoch ó do-chuaid in flaith Find gusaníu, &
3222] iss ed fo-dera dam cend do thócbail aníu .i. Cailte d' fhaic- sin,
{F§}
3223] in mac oglaigh is ferr ruc ben i n-Érinn. Cailti cecinit:
- 3224] Canas a tic in tond tuile
asin aicén folt- buidhi?
3225] cá tír asa luidh lith co n-ádh
cred do-beir suan na sianán?
- 3226] Inn í Tond Rudhraigi ruaidh
tic andes nó tic atuaidh?
3227] nó inn í in tond báidhes ille
gáires i Tráig n-Eothaile?
- 3228] Inn í Tond Beindi Étair fhuair
nó Tond Indbir Colpa cruaidh?
3229] nó Tond Trágha Baile bind
fil isa h-aire ar Érinn?
- 3230] Inn í Tond Clidhna co m-buaidh
tuaires in caladh comcruaid,
3231] no inn í Tond Duiblindi dhe
nó inní Múr meic Dairíne?
- 3232] Cid be tond dib aille imnail
alaind a lí co lan- glain,
3233] bind a torman 'sa cúan cas
is fuar in comrad canas.
§
p.92
¶ 243
3234]
INa degaid-sin tangadur na fiada amach isin muir ar
3235]
teiched roim na conaib. Iassacht don t-shleig dam, a Chailti,
3236]
ar Lí Bán, co marbur na fiada dí & co cuirer ar tír suas dáib
3237]
iat. Ocus tuc Cailte in Coscuraig ina laím, & ro marb na
3238]
fiadu amlaid-sin, & in t-shelg is mó do- róine Find riam issin
3239]
n-inadh-sin ba comeit re in t-shelg do-roni {folio 128b1} Cailti in lá-sin.¶ 244
3240]
Ocus dala na h-ingine ina deghaid-sin, ro diubraig a {SG page 166}t-shleg
3241]
chum Cailti suas ar tír, & do imthig féin uathaib annsin & tairrnig
3242]
in t-selg-sin do denum, & amail indissit
3243]
úghdair co rainic mucc & agh & eilit do cach cúicir d' Ulltaib
3244]
in lá-sin, & co rainic .xxx. fiad fo dilmain do rig Ulad & do
3245]
Chailti, & tangadur reompo co Raith na Sciath ris raiter Raith
3246]
Imil issin tan-so.¶ 245
3247]
Conid h-i Selg Beindi Boirchi & Imaccallaim Li Baine,
3248]
ingine Echach meic Eogain ríg Eirenn, & Cailti conici sin.¶ 246
3249]
Ocus tangadur anunn issin raith, & ro cóirged tech óla &
3250]
áibniussa accu, & is annsin do chonnairc Cailte raet rob ingnad
3251]
leis isin tigh n-ola .i. ingen mín mong-buide isin fhochla
3252]
fhéinneda ic tidlocad t-shet & máine ar son ar' gabad do dán &
3253]
d' eladain astigh.¶ 247
3254]
IS annsin ro fiarfaig Cailte do rig Ulad: Cia inn ingen
3255]
da tabur in miad & ind anóir seoch cach uili? INgen óclaig
3256]
dam-sa, ar rí Ulad, & ní'l da t-shíl ina bethaid acht in n-ingen-
3257]
út, & is amlaid atá inn ingen, a Cailti, ar rí Ulad, & leth-rann
3258]
aicce, & ní fhaghann a n-Eirinn nech do-ní leth-rann dílis dó-sin.
3259]
Ocus adubairt Cailte: ní fer dana missi ám, ar Cailte, & gab, a
3260]
ingen, in leth-rann. Ocus adubairt inn ingen in leth-rann, &
3261]
adubairt Cailte 'na degaid:
3262]
- Rann.
Dún Fhir Duib.
is sé in dunad fata ar fuil:
- 3263] Dixit Cáilte:
- 3264] do-chuadur as uile in Fhiann.
ní mairend Fial ara fuin.
3265]
Ocus ro chuir Cailte in cornn assa láim, & ro cháiestar déra
3266]
falcmara fír-thruaga cor' bo fliuch blái & bruinde dó. Ciall in
3267]
raind, a m' anam, a Cailti? ar in rí. Atá accum-sa a chiall,
p.93
3268]
ar Cailte, & dursain dam a tar- rachtain in ní da tá, & in fetrais,
3269]
a rí Ulad, in cethrar is ferr eineach ro bói a n-Eirinn & a
3270]
n-Albain i com-ré & i com-aimsir ríu .i. Find mac Cumaill &
3271]
a mac Oissin, & Dub mac Tréin annso do Ultaib & a mac- séin
3272]
.i. Fial mac Duib, & ro bói enech d' imarcraid accu-sin. Uair da
3273]
tuctha i r-raibhi a n-Eirinn & a n-Albain doib ro thidlaicfidis
3274]
acht co faghbadais nech da iarraid orro, & do bo truag lé Cormac
3275]
& lé Find in t-einech-sin do beith acco, & gan a beith do
3276]
maithius mor-adbul acco ní ro dilfad h-é.¶ 248
3277]
IS annsin tangadur fir Eirenn fecht co h-aenach Taillten
3278]
.i. Cormac h-úa Cuind rí Eirenn & Find mac Cumaill, tri catha
3279]
na Feinde & aes na trebaire uile, & do-riacht ann Dub mac
3280]
Tréoin & a mac Fial mac Duib, & ro t-shuidhedur a fiadnaissi rig
3281]
Eirenn & a meic. Ocus nirb' aichnid do ríg Eirenn roime-sin h- é
3282]
fein na a mac, acht a chloistecht, & iss é ro bói ar leth-laim
3283]
Chormaic .i. Find mac Cumaill & Oissin ar laim Fhind, & Cairpre
3284]
Lifechair ar {SG page 167}laim aile Chormaic.¶ 249
3285]
Maith a m' anum, a Chormaic, ar Fhind, ind aichnid duit-siu
3286]
in t-óclach atá at' h-fiadnaissi? Ní h-aichnid um, ar Cormac.{folio 128b2}
3287]
Dub mac Treoin, do cuiced Ulad atuaid, & a mac
3288]
Fial mac Duib. Inn é siut, ar rí Eirenn, in t-óclach daibir
3289]
deig-einig at-chluinmíd d' imrád? Iss é immorro, ar Find, &
3290]
ro fhiarfaig in rí: Caide Fial do mac? ar se. Ic seo am
3291]
fharrad h-é, ar Dub mac Treoin. Cred ima tarrla in t-einech
3292]
atá acaib eter athair & mac, ar in rí, & sibh in bar macaib
3293]
óclach? Truag sin, a uassail, a Chormaic, ar in mac .i. Fial,
3294]
dar lind da tucmais eitech nó éra ar nech do- gébmais bás, eter
3295]
athair & mac. IS truag duib, a fhiru Eirenn, ar Cairpre
3296]
Lifechair mac Cormaic & ar Oissin mac Find, gan furtacht &
3297]
gan foirithin do thabairt ar Dub mac Treoin & ar a mac.
3298]
Ocus at-chuala Find & Cormac sin, & maithe fer n-Eirenn, &
3299]
do-béram-ne, ar siat, ind fhoirithin aderthai-si orru, uair is re
3300]
feraib Eirenn caithfither a tiubarthar doib. Do-bér-sa, ar
p.94
3301]
Cormac, cét do cach crud cacha bliadna doib. Do-bér-sa in
3302]
coibeis cétna, ar Find, cacha bliadna doib, & do gellsatar
3303]
maithi fer n-Eirenn fos maithius aile doib. Ocus tainic Dub
3304]
mac Treoin reime chum a dúnaid fein, & ro bói ac caithem
3305]
in maithiusa-sin ann co cend secht m-bliadan n-deg, & ní h-eitir
3306]
a aírim in neoch do-rínset do maith rissin re-sin, no co tainic
3307]
torrthaim & tupaist chuice ar faichthi a dúnaid féin adhaig
3308]
ann .i. marc-shluag sirrachtach sidhe do thiacht adhaig n-aen
3309]
ann co Raith Duib Meic Treoin í coiced Ulad, ar Cailti, & ro
3310]
fhiarfaigedur cia in baile-sea, & adubairt nech ríu: baile Duib
3311]
meic Treoin, in aen-óclaig as ferr einech do Macaib Miled &
3312]
do Tuaith Dé Danann. Ocus adubairt fer dib: Is truag gan
3313]
fer a frestail accainde do Thuaith De Danann, & ro gabustar
3314]
fer dib sleg neimnech ro bói aici, & tuc builli dó i nd-odhur a
3315]
chiche cor' marb. Ocus gabais Fial a mac a inad ré ré .x.
3316]
m-bliadan & tri .xx. bliadan. Maith m' anam, a ingen, ar
3317]
Cailte, ca caradrad do bói duit-si riu-sin in tan ro fhiarfaigis dim-sa
3318]
in scél-sin? ar Cailte. Ingen don óclach déidenach sin
3319]
misi, ar issí .i. do Fhial mac Duib, & ní mairenn don muintir
3320]
moir sin do-conncais achtmád missi am aenur, & airi-sin, a
3321]
m' anam, a Chailti, tuc rí Ulad comus a t-shét & a máine dam-sa
3322]
re tindlucudh. Ocus ca comainm tusa, a ingen? ar Cailte.
3323]
Uaíni ingen Fheil meic Duib m' ainm, ar si; & adubairt Cailti:
- A Uaíní, a ingen Féil
ropo maith t' athair do chein,
3325] rob é-sin cara na cliar
in laech forusta fir-fhial.
¶ 250
3326]
Ocus is sé-sin, arsi Cailte, ciall in sceil ro fhiarfaigis dim
3327]
& córugud t' athar & do t-shenathar, & cubaid do rig Ulad comus
3328]
a t-shét & a máine duit re tindlucud.