Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 231
3069] IS annsin luid-sim reomaind in cethrar sóer-óclach sin co
3070] Dún Monaid i nd-Albain, & tucad i tech n-diamair ann sind, &
3071] is annsin do-riacht Mogdhurnn rí Alban is'tech & a ingen
3072] araen ris .i. Áine ingen Mogduirnn, & ro fiarfaiged ar fecht
3073] & ar turus dínd, & ro indissemar ar n- aithescc. Ocus at-chluine
3074] siut, a ingen, ar in ríg, in fer is ferr i n-Eirinn & i nd- Albain.
3075] Fáefat-sa leis, bar inn ingen. Ocus ina degaid-sin ro naidmed
3076] in ben-sin d' Fhind mac Cumaill, & cach ní do t-shir sí ar Fhind
3077] do tabairt di, & tangamar-ne & inn ingen lind dochum Eirenn
3078] co n-ilar cacha maithiusa lé chum na ratha-so i tamait, & do-
3079] riacht Find tri catha na Féinde i n-ar coinde & i n-ar comdáil ó
3080] Themair Luachra conici in raith-sea, & do-rigned dúnad & deg-baile
3081] & grianan ann, & ro frithoil & ro fhrestail sí tri catha na
3082] Féinde re bliadain gan uresbaid bídh na lenda orra issin baile-seo
3083] re taeb ar n-áighed.¶ 232
3084] I cind bliadna immorro, arsi Cailte, adubairt Mac Lugach
3085] re Find: is lór let-su do crich & d' fherann .i. Áine ingen Mog-
3086] duirnn. Dar mo breithir, a Meic Lugach, ar Find, ní {folio 127b2}
3087] fhetar-sa cidh do t-sirfind a n-Eirinn no a n-Albain acht in ní do-
3088] geibit in Fiann a tigh Aine. Ocus do bói in rigan-sin co
3089] cenn sé m-bliadan ina degaid-sin ac Find, & do bói buidhechus
3090] fer n-Eirenn & fer n-Alban urri fris-sin, & ruc da mac d' Fhind .i.
3091] Aed Bec mac Find & Illan Faeburderg mac Find, & marb
3092] issi do breith Aeda Bic meic Find, ar Cailte. Ocus adubairt
3093] Cailti in laid ann:
- 3094] Falum aníu Raith Aine
a cuirdís óic il-gáire,
3095] fa minic sluaig is graighe
ara taeb co tonn-glaine {SG page 163}
p.88
- 3096] Trí cét rigan issin lis
sochaide itá 'na n- anfhis,
3097] ocus tri cét fer n-grada
ocus n-dalta n-dingbala.
- 3098] Dob fherr in ben na cach ben
do bói d' immat a h-áighed,
3099] fa marb uile sin malle
co ro falmaig in baile.
3100] Falum.
3101] Ocus do cuired fo fhochlaidib talman annso h-í, ar-se Cailte,
3102] & ro tócbad a lia oss a lighi, & ro ferad a cluiche caintech &
3103] ro scríbad a h-ainm oghaim.¶ 233
3104] Ad-rae buaid & bennacht, a Chailti, ar rí Ulad: as maith
3105] in scel ro h-indisis duind; & scribtar lib in scel-út in tamlorgaib
3106] filed & i l-lechtaib fiann.¶ 234
3107] IS annsin immorro do-luid Eochaid Faeburderg mac Firglindi,
3108] rí Ulad, reime co Raith na Sciath os chind Trachta romir
3109] Rudraig, risa n-apur Tonn Rudraigi isa tan-so, & tangadur isin
3110] n-dunad anunn, & tucad tech derrait diamair do Cailti and, &
3111] do frithailed h-é do cach maith ann, & tucad in baile uile ar
3112] comus Chailti ó bec co mór. Ocus ro batur ac ól & ac aibnius co
3113] tainic la cona lan-soillsi arnamarach,.¶ 235
3114] IS annsin ro fhiarfaig rí Ulad do Chailti: Atait da fhert ar
3115] Tráig Rudraigi annseo, & cid dia fuilet? Issim meabrach in ní
3116] dia fuilet, ar Cailte .i. da mac d' Aed mac Fhidaig, meic
3117] Fhintain, do ríg Connacht aniar, do h-adhlaiced ann. Ocus rob
3118] inmain lé Find & leisin Feind uile iat, & rob é adbur a n-gráda
3119] ac Find & ac ind Fhéin, uair ní raibe do theirce nó d' immat
3120] eladan ac nech do-rechad falum uaithib-sium gan ní, & ní bí a
3121] n-debaid re Find & rissin Feind nach sidaigdís re bliadain, &
3122] comlann ceithri cét óclach cechtar de díb, & secht m-bliadna déc
3123] ro badur issin Féind, ar Cailte, & do ba mac dingbala do
3124] Chormac mac Airt nó d' Fhind iat. Fecht dano do-riacht Find
3125] & tri catha na Féinde co Traig Rudraigi annseo ar mor-sheilg
3126] Eirenn, & adubairt Find foraire & forcoimet do denam, uair
3127] dias mac rig cona muintir do-nith foraire Fhind & na Féinde cach
3128] n-áidchi, & do da mac rig Connacht .i. Art & Eogan, rainic
3129] ind foraire ind aidchi-sin. Ocus do eirgedur ceithri cét óclach &
3130] ceithri cét gilla, & tangadur co cind na trága-so. Ocus nir'
p.89
3131] chían doib ann co tangadur da ríg do rigaib Lochlann ituaid
3132] .i. Conus & Conmael a n-anmanna, ar marbad a n-athar d' Fhind
3133] mac Cumaill i cath Droma Deirg tall i nd-Albain, & do-riachtadur
3134] in dá ríg sind da chath croda cutruma conici in traig-seo
3135] do digailt a n-athar ar Fhind.¶ 236
3136] IS annsin at-chonncadur na .iiii. cét sciath-armach urlum
3137] ar a cind ar in tracht, & is amlaid bói Art mac rig Connacht
3138] & gái neimnech {folio 128a1} uillind-glas aici tucasdur Find dó
3139] bliadain roime-sin & inn Órlasrach a {SG page 164}h-ainm, & sleg aile tucusdar
3140] Find d' Eogan fos .i. in Munderg a h-ainm.¶ 237
3141] IS annsin ro fhiarfaigedur na h-allmuraig cia do bói ac
3142] comét na trága? & adubairt Art corub do muintir Fhind iat.
3143] Mo-chin immorro do-gébad in comlín-so da muintir, uair ní
3144] rechad élaithech as díb. Má frith drem a m-baegul riam díb,
3145] ar Art, ní sinde sin.
3146] Cath Traga Rudraigi inso.¶ 238
3147] Ocus tangadur in da cath mora sin a tír, & ro bo mor in
3148] t-anborlann dona h-ocht cét óclach in da chath mora d' fulang,
3149] & ro chumaisc in n-imguin annsin & in t- imbualad o fhuined
3150] néll nóna co tainic medon aídchi. Ocus is sí-sin áis & uair at-chonnairc
3151] Find fís & aislingthi, & iss ed at-chonnairc, da ron
3152] glasa ac díul a da chich, & ro muscail in flaith Find asa
3153] chotlud. Cáit a fuil Fergus Fínbél? ar eissium. Sunna, ar
3154] se. Crét ind aislingthi at-connarcus .i. da rón muiride ac
3155] díul mo da chich? Da mac ríg Connacht do chuiris do forcomét
3156] na Féinde anocht atait a n-éccomlann ac allmurchaib,
3157] ar in fili. Eírgid, a fhiru, ar-si Find, & is fír a n-abair in
3158] fili rib. Ocus is annsin ro eirgedur ind Fhiann a n-aen-fhecht &
3159] a n-aen-uair, & tangadur co Tráig Rudraigi, & ní fuaradur béo
3160] da Feind féin acht da mac ríg Connacht, & irsi a sciath imma
3161] m-braigdib, & ní mó ro bói fer máiti gnima don da chath tangadur
3162] na h-allmuraig béo, & is amlaid do frith da mac rig Connacht,
3163] & a cuirp ina cró-lindtib fola & a sceith & a slega ica
3164] congbail ina sessum, & nir' dingbadur dias reime-sin riam don
p.90
3165] Fhéind comrac mar sin. Ocus luidset ind Fhiann & ro airgset na
3166] láidhenga do bói ac na Lochlannachaib, & ro tairrnged na
3167] longa-sin léo a tír, & do cuired da mac ríg Lochlann fó fhochlaidib
3168] talman .i. Conus & Conmael. Ocus dala da mac rig
3169] Connacht .i. Art & Eógan, marbh iat fó chétóir & tócbait in
3170] Fhiann suas os chind Tuinde Rudraigi iat annseo, ar Cailte, &
3171] ro fiarfaig Find dib : In bud inleighis sib, a chairde? ar se.
3172] Dursun duit-siu sin do ráda, ar siat-som, & febus t' aithne,
3173] uair rangadur náe cét laech uim cach fer uaind & adorcradar-
3174] som & torcramar dono, & dentar ar fert & tócthar ar lia os ar
3175] lighi, & na h-airm da n-dernnsamar maith, ar siat, & tucaissi a
3176] tuarustal duind adhlaicter iat maraen rind. Ocus ro deilig
3177] anam re corp dóib ann, & ro cuired a n-dís brathar fa fhochlaidib
3178] talman annsin iat, & is í-sin in chúis ima raibe a m-blad
3179] & a nós da n-eis. Ocus adubairt Find:
- 3180] Fertan Airt ocus Eogain
socaide risar' beo-guin,
3181] inmain dias, nir' dáer a m-breth
na n- gilla n-óc n-amulchach.
- 3182] Da mhac rig Connacht aniar
rop aiti chon is choniall,
3183] rob aiti maitius malle
eisdrecht ocus obhloire.
- 3184] Adeirim-si riut reime
is fír in ní ráidim-ne,
3185] inmain dias fa calma glecc
nochur' cuired iat 'sin fert.
¶ 239
{folio 128a2}
3186] Ar fír do gaile & do gaiscid riut, a Chailti, tabair
3187] na h-airm duind assin fhirt fhótbaig anís. IS lesc lem-sa sin, ar Cailte,
3188] ar son Fhind meic Cumaill & na {SG page 165} muintire moire ro adlaic iat, &
3189] do-gébthái-si iat. Ocus ro eirgetar & ro oslaicetar in fert, &
3190] tucsatar na h-airm as anís .i. In Órlasrach & In Munderg, &
3191] tucad in darna sleg díb d' Aengus, do mac rig Ulad, & in t-shleg aile
3192] .i. In Órlasrach, ac ríg Ulad féin. Conidh Cath Trága Rudraigi
3193] ainm in catha-sin, & tallann do thallannaib na fiannaigechta.
3194] Ocus ro cuired issin fert iarsin iat, 7 ro tócbad a lía, & ro
3195] scribad a n-ainm oghaim and.¶ 240
3196] Ad-rae buaid & bennacht, a m' anum, a Chailti, ar rí
3197] Ulad: is mor in fis & in t-eolus do fhácais acaind. Ocus tangadur
3198] isin n-dunad anunn, & ro cóirged tech n-óla accu, & do
p.91
7
3200] badur co subhach ind áidchi-sin. Cailti immorro, ro bói crot-boll
3201] sádaile & senordachta air in lá-sin, & tainic rí Ulad ar
3202] amus Cailti, & suidhis ar in imdaid aici. Maith m' anum, a
3203] ríg- féindid, a Cailti, cindus atathar accut aníu? Da faghaind
3204] selg & fiadach Beinde Boirchi do denam dam, is ferrde do beind.
3205] Do-geba immorro, ar Eochaid Faeburderg mac Firglinde, rí Ulad.