Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 161
2072]
Ocus ro badur ann re h-ed na h-áidhchi-sin co tainic lá
2073]
cona lan-shoillsi arnamairech, & ad-rachtadur ann dochum cairnn
2074]
Gairb Daire, & ro tochlad in carnn, & frith Garb Daire ann cona
2075]
arm-gaisced, & frith slabrad Logha meic Eithlenn ann, & frith
2076]
in sciath imlan amal tucad ré thaeb h-é, & tucad na h-airm
2077]
imshlán anís, & tucad in cend & in fer fa mó no bith
2078]
issin tulaig-sin do thoilled ina t-shuidhe ar lar chind ind ócláig-
2079]
sin. Is mor in cend, a m' anum, a Chailti, ar Conall. Is
2080]
mor, ar eissim, & is maith in tí ar a raibe, ar Cailte, & tuc
2081]
Cailte na h-airm-sin do Chonall, & ro bói in slabrad aici féin
2082]
da thabairt do naem Patraic, & ro muired in fert 'ar sin, &
2083]
tancatar sun anund iarsin, & ro batar re teora la & re teora
2084]
aidchi and.¶ 162
2085]
Is annsin ro fhiarfaig Conall Mor mac Neill do Chailti:
2086]
Atá ailén ar in muir-sea ar comair amuig & dúnad ann &
2087]
annlacud mor annsein, & ní fhetamur crét da fuil. Ocus is ann
2088]
sin ro cháiestar Cailte ica cloistecht-sin. Ar fír do gaile & do
2089]
gaiscid riut, ar Conall, tarra-sa linde da fhechain. Dar mo
2090]
breithir ám, ar Cailti, is sé-sin in tres inadh a n-Eirinn nar'
2091]
b' áil lium-sa do fheicsin tar éis na muintire moiri maithe ro bói
2092]
ann, & gid ed rachat let-sa amairech ann, a Chonaill, ar Cailte.¶ 163
2093]
Ro badur ann co tainic lá arnabarach. Ad-racht Conall
2094]
& a ben & sluaig in baile uile, uair fa h-irgairidugud menman
2095]
& aicenta leo eistecht re Cailti, & tangadar
2096] {folio 123b}
réompa chum in dúnaid anunn, & ro t-shuidestar Cailti
2097]
ar in firt ro bói issin dúnad, & .iiii. .ix. traig do Chonall i fat
2098]
in fherta & ocht traigthi .xx. ina leithet. Maith m' anam, a
2099]
Chailti, ar Conall, ní h-inganta lium-sa ní da facca riam ina in
2100]
fert-sa, & indis duind ciasa fert so? Ader riut a fhírinde, ar
2101]
Cailte, .i. fert in cethramad ben is ferr ro laighestar lé fer a
2102]
n-aen-aimsir fria. Cia na ceithri mná sin? ar Conall. Sadb
p.60
2103]
ingen Chuind Chétchathaig, ar Cailte, & Eithne Ollamda ingen
2104]
Caithír Moir, & Ailbe Gruadbrec ingen Chormaic, & ben in
2105]
lectha-so .i. Berrach Brec ingen Chais Chuailgne, ingen rig
2106]
Ulad atuaid, ban-cheile grádach Fhind meic Cumaill, & má ro bói
2107]
maithius imarcraid a mnái díb-sin is inti-si ro bói, & is ana
2108]
tigh do bith in t-áighi ollaman ó luan taite t-shamhna
2109]
co taite n-imbuilg, & a rogha dó imthecht nó beith acon muintir
2110]
ossin amach, & in duine nach faghad a daeithin airm no etaig
2111]
do-bered si do a daeithin o ladhair a choissi co urrla. Adhbur
2112]
a h-aidheda? ar Conall. Ata lim-sa duit, ar Cailti .i. mathair
2113]
& athair Guill meic Morna ro ailestar h-í, & ní raibe do chomalta
2114]
mná acco-som acht h-í, & ro cuindig Find ara h-athair h-í
2115]
.i. ar Chas Chuailgne ríg Ulad. Ocus adubairt nach tibred
2116]
d' Fhind h-í munbad deoin le Goll mac Morna, & siris Find ar
2117]
Goll a chomalta, & {SG 141} adubairt Goll: Fuil coma ara tibar-sa duit
2118]
h-í, ar se, .i. gan a léicen tre bithu, ar Goll, & a beith don
2119]
tres mnái accut, & gan a h-éra um ní da cuindigfea ort. Do-bér-sa
2120]
sin duit-siu uile, ar Find, uair is maith in ben. Cia
2121]
bus chuir duind? ar Goll. Do ragha cuir duit, ar Find, & tuc
2122]
Find a tri comaltada féin ac coraigecht fria .i. Daigri &
2123]
Garad & Conan. Ocus do bói ac Find co ruc tri meic dó .i. Faelan
2124]
mac Find & Aed Bec mac Find & Uillind Faeburderg mac Find,
2125]
& do bí 'na mnái grádaig ac Find nóco n-dechadur a comaltadha-
2126]
si .i. Clanna Morna ar foghail & ar dibeirg ar Fhind, & deich cét
2127]
ar .xx. cét óclach a lín. Ocus adubairt Cailti:
- 2128] Is eol dam in lín atat
Clanna Morna na mor-bárc,
2129] ocus gar aírem na fer
tar cach múr, tar cach maigen.
- 2130] Deich cét ar fichit cét ann
do Clannaib Morna miad clann,
2131] cóic cét déc ó sin amach
lín a ríg is a taissech.
¶ 164
2132]
Lodur maic Morna co Daire Tharbgai i cuicid Connacht, &
2133]
rucadur tri catha na Féine orro ann resíu deirgedar assa longport
2134]
amach, & ro thuitset .u. fhir déc dighraisi deg-armacha do
2135]
Macaib Morna issin Daire.¶ 165
2136]
Is annsin ad-racht in milid mor-chalma .i. Goll mac Morna,
2137]
& tuc sciath tar lorg doib, & nír fhétsamar a bec doib o sin o
p.61
2138]
ro gab Goll a sciath fair. Ocus do-ronsat Clanna Morna comairli
2139]
gan nech issa caradrad do biad fria Find, & frissin Feinn
2140]
do léigen cen marbad uile, & is se thuc in chomairli-sin .i.
2141]
Conan Mael mac Morna, uair ba trotach airechta, {folio 123b1}
2142]
ocus ba deabthach muintire, & ba h-imchassaidech sluaig
2143]
& sochaide. Tangadur rompo Meic Morna conice in faichthe
2144]
fér-glais seo, & do badur 'ca rada créd do-géndais re Berraig
2145]
Bricc ingen Chais Chuailgne .i. re comalta bodéin, & adubradur
2146]
coma do tabairt di .i. a seoit & a maine & a h-indmusa do
2147]
breith di lé, & Find d' fhacbail, & nach bad ecail lé ní cen no
2148]
beidis-sim béo. Truag sin ám! ar Berrach, inn é m' olc-sa
2149]
do b' ail lib do dénam, a chomaltada craide? Is sé immorro,
2150]
ar siat, & adubairt-si: Nocho treigiub-sa mo cheile & mo chóem-lenann
2151]
& mo chét-muinter .i. Find mac Cumaill ríg-fhéindid Fiann
2152]
Eirenn & Alpan oraib-si etir. Ocus do eirgedur Meic
2153]
Morna in cath-grinde ro badur chum in baile, & tuc cach a
2154]
lám i l-láim a chéili immon m-baile, & do chuiredar teindte
2155]
cacha slessa issin m-baile. Ad-racht in rígan rosc-lethan &
2156]
.xxx. da bantracht lé assin baile amach, & do-condairc Art
2157]
mac Morna h-í do scemel in dúnaid ac dul ar in n-geltracht n-gainmidhe amach chum a luinge, & tuc a chorr-mér a suainem
2158]
na sleige & tuc rót n-urchair di, & at-chualaid in rigan fidhrén
2159]
na sleige, & impais a h-aighed rissin sleig co tarla ina h-ucht
2160]
& ina h-urbruinde di h-í, cor' briss a druim ar dó & co fuair bás.
2161]
Ocus rucad suas {SG 142} 'arsin léna muintir féin h-í 'ar n-argain in
2162]
dúnaid, & ro h-adhlaiced h-í issin dún, & is h-í atá issin firt-sa,
2163]
ar Cailte. Ocus adubairt Cailte:
- 2164] Berrach Brecc
ingen Cais Chuailgne nir' cert,
2165] robo rigan fhuilt buide
ocus dirma deg-duine.
- 2166] Do marbad h-í ar in tráig
dob é-sin in gnim nar' thlaith,
2167] do-radad teine 'na dún
rob í in fogail gan mí-rún.
- 2168] Tri cét sciath ina tigh tall
tri cét brandub is fidchell,
2169] is tri cét bleide ré h-ól
risa tabartha derg-ór.
- 2170] Ni ro h-ér sí duine riam
uair fa maith a cruth 's a ciall
2171] in bail i tá a lecht co m-blaid
risa raiter Fert Berraig.
2172] Berrach.
p.62
¶ 166
2173]
Ocus atá fuibh-si sunn, ar Cailte, in ben issa fert & isa scela-sin.¶ 167
2174]
Ocus at-racht Cailti iarsin, & tuc lám rissin m-baile bothuaid,
2175]
& tangadur cach ina diaid, & tuc a lám ar lia cloiche ro
2176]
bói a slis in dúnaid amach, ocus a firu, ar se, gabaid leith-chenn
2177]
na cloiche & léicid dam-sa in cend aile. Ocus tangadur na sluaig
2178]
da indsaigid, & nír' fhetsat ní di. Cait a fuil, ar Cailti, Dond
2179]
mac Aeda meic Garaid? Sund, arse Donn. Eírig, ar
2180]
Cailti, am aghaidh , ór mac curad & cath-miled thú, & da faghaind
2181]
étail fan cloich, do-béraind a trían duit. Do eirgetar
2182]
araen do h-indsaigid, & tucsat sreng-tharraing bodbda urri, &
2183]
do tharraingset co lonn & co lan-laitir, cor' chuirset ré lar &
2184]
re lan-talam h-í.¶ 168
2185]
Ad-rae buaid & bennacht, a m' anam, a Duind, ar Cailti,
2186]
is ferr dam do chungnum amain ina cungnum muintire Conaill
2187]
uile. Ocus cáit a fuil Conall & in rigan & Donn? ar Cailti.
2188] {folio 123b2}
Sunn, ar siat. Eirgid issin n-uaim anunn, ar
2189]
Cailte, ocus atáit tri dabcha inti .i. dabach oir & dabach
2190]
aile lán do cuachaib & do chopanaib & do chorrnnaib inti, &
2191]
dabach lán d' airgget, & na tabraid dona sétaib dam-sa acht mad
2192]
in Cráeb Glasach .i. claidem sliasta Find, & escra láma Find,
2193]
co tucar do Patraic iat, uair ata tri .l. uinge d' ór & tri .l.
2194]
uingi d' airget & tri .l. gem glainidhe ina chomecor. Ocus do-cuadur
2195]
a triur issind uaim, & tucsat a n-airi léo do cach maith
2196]
díb-sin, & téit in sluag uile isin n-uaim & tucsat a lór-doethain
2197]
léo, conach raibe fine nonbuir dib gana n-daethin d' ór & d' airget.¶ 169
2198]
Is andsin tainic a charpat chum Conaill. Eirg issin
2199]
carpat, a Cailti, ar Conall. Ricim a les, ar Cailti, uair is
2200]
scithech mé isin airechtus. Ocus do-chuadur issin carpat.
2201]
Do greis Conall brod forsin echraid, & do-chuadur siar co
2202]
Tráig Conbice, & do fhiarfaig Conall: Cid fa tucad Tráig Chonbice
2203]
ar in tráig seo, a Cailti? Ní ansa, ar Cailti. Cú
2204]
grádach do boi ac Find .i. Conbec a h-ainm, & in fiad risa
2205]
licthea h-í ní fhaghad a dín a n-Eirinn, noco tabrad a cend
2206]
chon & gilla {SG 143} fhiann Eirenn, & nír' loigh cú a n-aen-lepaid ré
2207]
Find riam acht h-í, & is ann so ro báid Goll mac Morna h-í,
p.63
2208]
& do chuir tonn tuile annso fo thír h-í,
co fuil fan carnn n-glas
2209]
at-chi a cind na trága.
Cáilte cecinit.
- 2210] Truag lem oidhed Conbice
Conbec ba lór a gloine,
2211] ni fhacca bud chrob-glici
a n-diaid muici ná oighe.
- 2212] Soeth lium oidhedh Conbice
Conbec in gotha gairge,
2213] ní fhacca bo chrob-glicci
ic marbad doim na h-airde.
- 2214] Bid saeth lem 'ga forngaire
os tonnaib arda uaine
2215] a h-oidhed bá comraime
a bás is lor a truaigi.
2216] Truag lem.
¶ 170
2217] Tangadur reompo co Dún na m-Barc ind aídchi-sin, &
2218] iarnamairech adubairt Conall re Cailti: ata druim annseo i
2219] comfhocraib duind .i. Druim Náir ainm in droma, & ata mucc
2220] ann, & ní fhetait coin na dáine ní di. Ro bádus la, ar Cailti,
2221] & rob fiadaigi maith muici mé, & cáit a fuil Donn mac Aeda
2222] meic Garaid? ar Cailti. Sunn, ar Donn. Gab t' airm & denam
2223] d' fhiadach na muice in lín Feinde atámait. Ocus ro gluaissidur
2224] rompo & tangadur issin druim anund, & at- chonncadur in
2225] mucc ann & .ix. fiacla asa carbut uachtarach &
2226] náe fiacla assa carpat ichtarach, & ro screchastar in mucc ic
2227] faicsin na con & na fer mor, & ro gab gráin & ecla iat-som
2228] roimpe. Lecar etrum-sa & in mucc, ar Donn, & is cuma mo
2229] betha no ma bás. Aiscid churad chuingi, ar Cailti, & do indsaig
2230] Dond in mucc, & ac drud don muicc chuici tuc Cailti
2231] sádhud don t-shleig inti co rainic on oscail có cheile di, & fuair
2232] in mucc bas léo mar sin, & nír fhetsat a breith assin nó co tainic
2233] sluag Conaill uile ara cend, & tucad i fiadnaissi Chonaill h-í.
2234] Is mor in mucc, ar Conall. Is fir, ar Cailte, uair is sí
2235] sin in Muc t-Shlanga, & is immá leithéit-sin tainic {folio 173b2}
2236] (olc) Cloinni Morna & Cloinni Báiscni.