Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 151


1935] ‘Imthect acainn amárach’, ar Cáilte, ‘& bennacht fhácmaid
1936] acaibh-se.’ ‘Beir buaid & bennachtain’, ar Eogan,
1937] Ocus ro thimnadar ceilebrad d' Eogan, & táncatar
1938] rompa assin co Tulaig na Céd, risi ráidhter Tulach Dá
1939] Ech
isin tan-sa, & do Chuillendros na Féinne budhtúaid,
1940] & do Churrach {SG 137}na Milchon, re n-abar Currach na Cuan, & do
1941] Bhoith Chnó budhtúaid, áit ar' thaispen an eicsi cenn do Lugh
1942] Lámhfhada
mac Eithlenn, & in bhaile a rucadh Colum Cille mac
1943] Feidlimid, & do Dhoire Guill budhtúaid. Ocus ac toidhecht
1944] dóibh dar bord in daire amach co facadar in t-aen-óclach & a
1945] druim re cairthi comdaingen cloichi, & brat corcra corr-thurach
1946] uime, & dealg óir isin brut ós a bruinne, & inar maeth-sróil
1947] uime, & dá choin caeim-shealga 'sna láim, & cuanart gadar 'na
1948] fhiadhnaise. Bennachais Cáilte don óclach, & freagrais in t-óclach
1949] in bennachad. ‘Cia danad muinter sibh-se?’ ar in t-óclach.
1950] ‘Ní mharann ar triath ná ar tigerna .i. Find mac Cumaill’,
1951] ar Cáilte.

¶ 152


1952] Is annsin ro cháieasdar an t-óclach déra falcmara fír-truagha,
1953] gur' ba fliuch blaei & bruinne dho. ‘Cia thusa amhlaid,
1954] a óclaigh?’ ar Cáilte. ‘Do-ghén mo shlonnad duit-si’, ar
1955] éisium: ‘Donn mac Aeda, mheic Garaid, meic Morna, misi.’ ‘Do
1956] ba mhaith h' athair’, ar Cáilte, & adubairt:
    1. 1957] Rob é in bríghach buan-bladach
      dob é in fénnid fír-ghalach,
      1958] dob é in ghég toraid co m-blaidh
      re fogail séd in domhoin.

¶ 153


1959] ‘Maith, a anum, a Cáilte’, ar Donn: ‘in fuil sleagh m' athar
1960] acut-sa?’ ‘Atá cidh a sciath & a chloidem’, ar Cáilte. ‘(Ar fír)
1961] do ghaili & do ghaiscid frit’, ar Donn, ‘innis d(am an fochaind)

p.56


1962] bhunaid umar' marbad h-é.’ ‘Indeos(at duit)’, ar Cáilte, ‘uair
1963] {folio 172b1} isam meabruch ann’.

¶ 154


1964] Dubh Dithre righ-fhéinnidh fhiann Osraige do mharbad dot
1965] shen-athair-se do Gharadh mhac Mórna, & Carrac Guill do
1966] ghabháil ar Goll mac Morna thiar, & tri catha na Féinne do
1967] beith ac forbhaisi fair gu cenn caeicdighis ar mhís ann, & a
1968] bheith nái n-aidchi gan bhiadh, & scithlim do dul ar a luth &
1969] ar a lámach, & dul do Muc Smaili mac Duib Dithre anund
1970] isin carraic, & Goll do dícennadh a fiadhnaise fhiann Eirenn,
1971] & tuc leis in cinn d' innsaigid Fhind, & do bhí h' athair-se ag
1972] iarraidh dligid & cora ar Muc Smaile .i. inneoch ro búi idir
1973] rígh & óclach do tabairt dó.
    1. 1974]
    Cáilte cecinit:

¶ 155


1977] Ocus adubairt h' athair-se coimdhilsi do lécen etorra & Muc
1978] Smaile
. ‘Do-bér-sa comha duit, a Aedh’, ar Muc Smaile. ‘Gá
1979] coma sin?’ ar Aedh. ‘Do-bér’, ar eisium, ‘dá shleig Guill meic
1980] Morna, & {SG 138} sciath Cairill í Conbroin, & corn Duibh Dithre, &
1981] cloidem Muirinne Macha do bhí ac Goll, & muince sealga
1982] Sigmaill, & misi’, ar Cáilte, ‘do-chuaidh lesin techtairecht’: dia
1983] n-ebrad in láid:
    1. 1984] Tiagat techta uainn cu h-Aedh
      ráidhid risin segainn saer
      1985] ar gealladh dó, toluibh gal
      co bráth nocho coimeltar.
    2. 1986] Targa dho muinci sealga
      tucad d' Finn as Síth Nennta
      1987] gan cor no a fhiadh tar cladh
      nócha teit gan a mharbadh.
    3. 1988] Targa sciath Cairill co m-bloidh
      do bhidh air isin imghoin,
      1989] suairc in sét in sciath scenmdha
      gráin céd ara tigerna.
    4. 1990] Targa dho in cloidem catha
      do bídh ac Muirinn Macha,
      1991] Targa fós corn Duib Dhithre
      gidh do bádhus ga dhicleith,
      1992] geall caeca mogadh tar muir
      atá d' ór ana borduibh.
    5. 1993] Targa dhá sleig, monar n-glé
      co crannuib ruis ro-bhuidé,
      1994] gid beg a fuili nó a loit
      is marbh gach duini a tiagoit.
    6. 1995] Ocus gé tharga-sa sain
      nír' gabhsat Clanna Garoidh
      1996] ar imad a slóg 'masech
      na mac mór fial-gharg fuilech.
    7. 1997] Do faeth le Cloinn Morna moill
      Findtan Ferrda a Feadhaibh Cuill,

      p.57


      1998] Banbh Sinna Sciathbreac in áigh
      ocus Finn Mór mac Cuáin
    8. 1999] Sirit ar Mac Lugach lonn
      a éraic ór do gon Goll
      2000] is ar Cáilte is airm géir gloin
      'sar
      [gap: extent: 4 syllables]
      a Luachoir
    9. 2001] (Óclach do thuai)th Temra Breag
      do fer cuinnscleo re Goll n-geal,
      2002] mael-gorm {folio 172b2} 'san treas, ferdha in roinn
      dar' ainm Flaithius
      2003] Firáloinn
      .
    10. 2004] Dá m-beitis trí caecait mac
      ag Goll gasda na n-geal-ghlacc,
      2005] nír' bo annsa le cloinn cain
      ná lim-sa mo dhegh-athoir.
    11. 2006] M' athair-si Dub Dithre dian
      féinnid forusda fír-fhial,
      2007] ni chlos a écnach a cath
      fa maith a lúth 'sa lámhach.
    12. 2008] Ráidh risna feruibh ní gó
      uaim ní bérat ní bhus mó,
      2009] nái cét is a n-druim re feart
      isin tulaig a tiagat.

¶ 156


2010] ‘Ar fír do ghaili & do ghaiscid, a Cháilti’, ar Donn, ‘tabhuir
2011] arm-gaisced mh' athar dhamh.’ ‘Do-bhér immorro’, ar Cáilte, ‘dóigh
2012] ba fial-nár fria h-athchuingid h-é féin.’ Ocus tuc Cáilte arm-ghaisced
2013] a athar uili dhó. ‘Tabair eolus dúin anosa, a Dhuinn’,
2014] ar Cáilte. ‘Cia h-áirm a sire eolus, a righ-fhéinnid?’ ar Donn.
2015] ‘Do tigh Conaill meic Néill, rígh Ceneoil Conuill.’

    2016] Cáilte cecinit:
  1. 2017] A Dhuind tabair eolus dún
    gan meirg ocus gan mhí-rún,
    2018] ór atái at aenar male
    tar éis h' féinne is h' foirne.
  2. 2019] do-chuadar as Meic Morna.
    adbar bróin is bith-dogra,
    2020] deich cét laech, ba h-edh a lín
    dob é in t-oirecht gan imsním.
  3. 2021] Adeirim-se rib-si de
    bidh fír gach a ráidhem-ne,
    2022] re taeibh óir is arcait uill
    fo-ghébha sin uaim, a Dhuinn.

¶ 157


2023] ‘Raghat-sa romat-sa annsin’, ar Donn, ‘uair derbbhráthair
2024] mo mháthar h-é, & as é ro oileasdar mhé, & gidh aigi-sium atá
2025] in ríghi is acam-sa atá a tóthacht.’ Ocus do ghabh Donn a
2026] arma & táinic {SG 139} roime co tech Conuill, co Dún na m-Barc. ‘Innis
2027] scéla dhuinn, a Dhuind’, ar Conall mac Néil. Do indis Dond
2028] mar tuc Cáilte na h-airm dhó féin & a beith ar sligid cum in
2029] righ. ‘Do-gébhu-som sin’, ar Conall, ‘ór as do Leith Cuinn dó,
2030] & ar a n-derna féin do maith.’ Ro thaisfen
2031] Donn na h-airm & na h-il-fhaebair tuc Cáilte dhó. ‘Is ó deg-dhuine’,
2032] ar in t-airecht, ‘fríth na h-aisceda út.’ ‘As degh-dhuine immorro’,
2033] ar Conall, ‘ór ni dubhrad mac ócláich re duine budh fherr anás.’
2034] Ocus do-riacht Cáilte reme dar Sruth na Feindi fothuaidh, &

p.58


2035] tar Ard na Macraidi, risi n-abar Ard n-Glas isin tan-sa, & d' Fid
2036] Mór
, co facatar in dunad uaithib
. Ocus mar at-conncas
2037] Cáilte cum in dúnaid, do éirigh Conall co maithibh a
2038] shlóigh & a mhuinntiri d' ferthain fáilte re Cailte, & suidis Cáilte
2039] ar in carn a n-dorus in dúin, & suidhit in slúag uime.

¶ 158


2040] Do fhiarfaig Conall do Cháilte, ‘crét ima tucadh Carn Gairbh
2041] Daire
ar in carn-so?’ Do freagair Cáilte in ceisd-sin, ór is
2042] aigi do bhí a fis. ‘Óclach gráda dh' Find mac Cumaill do bói
2043] ann so’, ar Cáilte ‘.i. Garbh Daire mac Aenghusa mac rígh
2044] {Laud 610 folio 123a} fer Muman andes, & ro bói ac dénam t-shelga
2045] laithi n-aen annso, & ro bí selg taidiur taibs(en)ach aigi,
2046] & ro marb tri chaeca dam & tri .l. muc & tri .l. eilit,
2047] & at-conncadur lucht in tíre & in fheraind sin, & ro lingset chuice,
2048] & rucsat a fiadach & a t-shelg uaide, & atorchair tri cét óclach
2049] leis ac breith a t-shelga uada, & ro iadsat lucht in tíre uimme, &
2050] do-rigned ubhall im rendaib de, & ro marbad h-é, & do-riachtamar-ne
2051] tri catha na Féinne da dighailt, & do falmaigemar in
2052] chrich & in ferann, & ro marbsamar trí ríga in tíre, & ro éladar
2053] drong aile a n-ailenaib, conar' fhacamar acht beccan díb gan
2054] marbad.’ Ocus adubairt Cáilti:
    1. 2055] Marbad Gairb Daire issin traig
      Cenel Eogain imlain,
      2056] marb-sum coeca laech malle
      sunn a n-díghail Gairb Daire.

¶ 159


2057] ‘Ocus is sé atá issin charnn-so cona arm-gaisced, & is aici
2058] ro bói slabrad Logha meic Eithlend ro bíd ac comet braiget
2059] Mac Miled & Tuaithe Dé Danann aici.’

¶ 160


2060] ‘Ro bad maith lind’, ar Conall, ‘na h-airm & na h-il-fhaebair-
2061] sin d' fagbail.’ ‘Mad maith let’, ar Cailti, ‘tochailter in carnn
2062] anocht.’ ‘Ní h-ed’ , ar Conall, ‘acht tochailter amairech h-é, uair
2063] adhaig ann, & ól & áibnis do-gentar acaind anocht.’ Ocus tangadur
2064] rompo issin m-bruidin moir, & tucad Cailti cona muintir
2065] í tech n-derrait n-diamair, & ro frithailed iat commaith, & is sí
2066] bá ban-cheili do Chonall, Bé Bhind ingen Muiredaig meic Fhínnachta,
2067] ingen g Connacht. ‘Maith m' anam, a ingen’, ar Conall,
2068] ‘cid fata gairit bes Cailte abhos, tabair proind deich cét cach

p.59


2069] láe dó, & cuirter ocht fichit bó a fér-gort gabala ina chomair,
2070] & a m-blegon cach n-áidchi dó, & in nech do-berthar do as &
2071] do lemnocht uaithib a tabairt dó
’.