Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 81
1008]
Do glúais Pátraic cona muinntir, & táncatar rompa anes
1009]
tre medhan Muman & do Luimnech n-Uladh, & i (Fi)dh na
1010]
Cuan re n-abar Creatshalach, & a Sliabh Uighi in Rígh,
1011]
& a Sliabh Echtge inghine Nuadhat Aircetlaim, & do Chuaille
1012]
Cepáin a n-Echtghe, airm a torchair Cepán mac Morna, & do
1013]
Loch na Bó Girre, risa n-abar Loch Greine ingine Finn, & a
1014]
m-Breicthir, re n-abar Tír Maine isin tan-so, & do Loch Linnghaeth,
1015]
re n-abar Loch Cróine isin tan-sa. Is annsin ro
1016]
búi Muiredhach Mór mac Fínachta, ri Connacht, ar cinn Patraic,
1017]
& ro srethadh a phupall ós Patraic cona cléirchibh, & luidhset
1018]
maithi chúigid Connacht cuigi annsin, & slechtait do Phátraic,
1019]
& tucsat a cinn 'na ucht.¶ 82
1020]
Dála Pátraic immorro, tainic amach asin pupaill, & suidis
1021]
ar an bh-fhirt fótbhaigh, & luidh Cáilte leis & ráidhis: And so,
1022]
a anum, a naemh Pátraic, tucastar Oscar a chétcath. Ga
1023]
h-adhbar bái aigi? ar Pátraic. Ní annsa, ar Cáilte, um Neim
1024]
ingin Aedha Duinn meic Ferghusa Find, ingin rígh (Uladh),
1025]
ro snadhmad d' Aedh mac Fhidhaig meic (Fhinntain, & tucadh)
1026]
h-í do mac rígh Connacht. Ocus ni rai(bhe se lín catha) {folio 166b1}
1027]
d' Oscar ná don Fhéinn no gur' siredh uaidh {SG page 117} sochraidhi shlóigh ar
1028]
Cormac ua Chuinn, ar rígh Eirenn, & do chuir Cormac .iiii.
1029]
cuicidh Eirenn lais do thabairt chatha don Fhéin, & do-radadh
1030]
an cath imon n-ingin isin maigin-sin, & ba h-iat so céit-ghnímha
1031]
Oscair isin cath-sin, amail adubairt Find:
- 1032] Eirigh suas, a Oscair
ro fes as tu in bunad,
1033] gidh lór méd na n-daighfer
dingaibh dín cét curad.
- 1034] Eirigh tritha is tarrsa
gursat maela a méidhe,
1035] geibh sciath engach uaine
geibh cloidimh co n-géire.
- 1036] Geibh sciath is geibh slegha
on arm niadh rot-rubha,
1037] geibh lúirigh rot-meala
nár maidhedh do thuba.
p.30
- 1038] As mór an gním dam-sa
a bh-fhiadnaise fhiadhan
1039] derlágadh mu náidhen
a cinn a nái m-bliadan.
- 1040] Ní thicfa is ní tháinic
bhudh fherr lám na luighe
1041] is ní fhuil crann sleighi
as sia do-ria a n-duine.
- 1042] Mairg gus tibre a shidhe
le claidem gu n-géiri
1043] ó thic ferg a láimhe
an fhírghairg ar n-éirghe.
¶ 83
1044]
Is ann as-bert Cailte:
- 1045] Céit-ghníma Oscair co m-buaidh
rí Ulad gusan n-arduaill
1046] ocus rí Laigen gan acht
ocus ri cródha Connacht.
- 1047] Is do-rala chuigi iar soin
Aedh mac Fhidaig meic Fhinntoin,
1048] ocus fácbhais h-é gan cheann
ni gnáth an comhrag coimhthend.
- 1049] Aedh Donn mac Ferghusa Finn
ri Uladh gusan imrinn
1050] a los scéith is cloidim cruaidh
do marb Oscar a n-aen-uair.
- 1051] Baetán mac Fir Nairb co neim
do bó rí lonn do Laighnibh,
1052] do mharbh gér' lór a cruaidhi
re h-athladh na h-aen-uaire.
- 1053] A chomhalta caemh crínna
Oscar áluinn inn-ríghdha,
1054] Linne mac Ligne gu n-glonn
do mharbh Oscar a n-imroll.
- 1055] Tainic d' féchain in chatha
Niamh an éduigh ildatha,
1056] mebhuis in cath ana cenn
marbhthar in ríghun roithenn.
- 1057] {§}Do-bér teist ara cuingid
ara laech co luath-buillib
1058] nar' iadh a dha chois im each
bud ferr engnum na einech§
- 1059] Adeirim-se rit-sa dhe
a Phádraic co bh-fhírinde,
1060] ro ba mór a rect rígda
nír bo ceart a chéit-gnímha.
¶ 84
1061]
Ad-rae buaid & bennacht, a Cháilte! ar Pátraic; & caidhi
1062]
Brocan? Scríbh(thar in) scél út lat, gomba gairdiughadh do
1063] {folio 166b2}
fhlaithibh deridh domain é. Ocus do scríb Brocan.¶ 85
1064]
Maith, a anum, a Cháilte, ar Pátraic, cia in fert-sa ar an
1065]
tulaig ar a tám? Ní annsa, ar Cáilte, óclach d' fianuibh
1066]
Eirenn fuair bás annso .i. Airnélach mac Adhmalláin, mac
1067]
rígh Laigen, & táinic fer dána le duain do annso, & do ghabh
1068]
a dhuan. Maith a anum, a fhir dhána, ar eisiumh, léic cairdi
1069]
dam no gu rabat mu sheoit & mh' innmusa im fharrad. Dar
1070]
mo bhréithir ámh, ar an fer dána, ní leiceabh gan do ghlamad
1071]
& t' aeradh isin ló aniuaniu mun bá am buidech. Mar at-chuala-seom
1072]
sin, tuc a airgid re talmain & nir' thócaib a ghnúis no gu
1073]
bh-fhuair bás do {SG page 118} náire; & do muiredh in tuluch thonn-ghlas so air,
1074]
& ro tócbad a lia ós a chinn, gurab ris ata do dhruim-si, a
1075]
naemh Phádraic.
p.31
1076] Cáilte cecinit
- 1077] An fert fuil fan líg Lodain
ba fert fhir uallaigh o thaigh,
1078] fertán in láich niamaigh náir
Airnelaigh meic Admallain
¶ 86
1079]
Neamh uaimsi dho, ar Pátraic, a lógh a náire, & a thabairt
1080]
a péin. Ocus táinic a anum a péin isin uair-sin gu raibhe
1081]
'na cholum ghel arin cairthi cloichi ós cinn Pátraic.¶ 87
1082]
Cia ata isin chinn-sa thes don tulaig, a Cháilti? ar Pátraic.
1083]
Sálbhuidi mac Feidleacair, mac rígh Muman, fuair bás ann a
1084]
n-degaidh fhiadha sídhe .xxx. con & .xxx. gilla & .xxx. óclach, &
1085]
ro muiredh in tulach orro: ut dixit Cáilte:
- 1086] Atá isin chinn-sa thes
mac Sálbuidhi na n-eceas,
1087] ní h-áirimthi mar mháin bhic
cóeca conghlann finnaircit.
¶ 88
1088]
Do ba maith linn, ar Benén, na seoit-sin d' faghbail.
1089]
Fo-ghébha-sa sin, ar Cáilte, & ro oslaic in fert, & do bhí lán
1090]
crainn a shleigi d' fhailghibh ann. Tucas nemh ar a náire don
1091]
fhir ó chianaib, ar Beneoin, & tabair nemh ar a shéduibh don
1092]
óclach ele ud. Do-berthar, ar Pátraic.¶ 89
1093]
Is andsin do fhiarfaig Pátraic do Cháilti: créd ro dithaig
1094]
sibh uili in bar bh-Fhéinn? ar se. In dá chath tucsam fa deiredh,
1095]
ar Cáilte, .i. cath Gabra & cath Ollarbha. Tri catha do-chuamar-ne
1096]
do chur chatha Innbhir Ollarbha, & ní thoracht acht sé
1097]
cét uainn as, & nir' cheis menma Fhinn ar an bh-Fhéin riam co
1098]
sin a g-cath ná a g-comhlonn, & tuc da uidh an uair-sin esbadha
1099]
na triath & na tigernad & na curadh & na caithmhiledh & an
1100]
aesa gradha do thuit isna c(athaib-sin):
- 1101] Finnaidh dun in lín atám
ni meisdi nech uaib (a rádh),
1102] co finnam sunn, lith gu n-gal
in lia duin n(a dhóib 'sin cath).
- 1103] Maith mo muinter taeb re taeb
nocor' marbad Cellach caem,
1104] gaet do shleigh Deirg meic Dulaigh
isin tress a Tuath-Mumain.
- 1105] Cellach caem
do bí fam sithail is braen
1106] cecha cluindís in dias glan
ní théighedh acu ar imral.
- 1107] Seisiur do bí ar mh'inchaib
ní leicdís nech fa dímdhaigh,
1108] d' fostaighidis a techt amach
cech dáim ba h-ecail d' écnach.
- 1109] Beithech, Barran, Bresal Derg
cruad Connla na canad cealg,
1110] Dubróid ocus Mac Da Dér
conochtaidis dam cech scél.
- 1111] Dub Drumann do berrad dam
ba h-inmain lam gasta glan,
1112] ní tabrad sgín ar aighidh
is lugha d' fácad ainimh.
p.32
- 1113] Dér mac Daigri círadh m'folt
maith doní ocus ní h-olc,
1114] ní benad finda asa tuind
ocus ní brisedh degh-bairr.
- 1115] Cú Cuilli doroinded biadh
inmain óclach fuilech fíal,
1116] ba maith m'imdaigh ar laighi
o Dubthach mac Dairene.
- 1117] Cú Cuilli
trom a berrnaidh a builli,
1118] bai inesair aici co dian
is ní benad a lam riam.
- 1119] Mara gabra Glas mac Deirg
uathad ro fit
[gap: MS damaged/extent: 3 syllables]
1120] Daire rob
[gap: MS damaged/extent: 3 syllables]
roind ris
ba ferrdi in leth cos' teigmis.
- 1121] Lir mac Gabra bai fam sciath
inmain gilla robo
[gap: MS damaged/extent: 1 syllable]
1122]
[gap: MS damaged/extent: 1 syllable]
curraigh mo shlegh ro aeb
ní delighidis rim
[gap: MS damaged/extent: 1 syllable]
- 1123] Taisech comóil Corc mac Suain
a h-airer Alban adfuair,
1124] tricha laech ro bai im thigh
co laithi mona ma faidh.
- 1125] Cairpri Cas
ro tindbed duind ar midh mas,
1126] don
[gap: MS damaged/extent: 1 syllable]
do ocht feraib déc
do denam da
[gap: MS damaged/extent: 1 syllable]
m-bem céd.
- 1127] Da assa don airgit bán
ro bi etarro is lár
1128] (c)liabinar siric dar ler
ima corp comlan comgel.
- 1129] Cathbarr caecdiabul co n-ór
bai machi leg. 'ma chínn re h-uair tinóil
1130] co cét n-gem n-glaine cen oil
co cét n-gem do líg lóghmair.
- 1131] An uair do-berthea ar cuid dúind
sólus ó ursaind co cúil,
1132] coindel do cách sund imne
a cathbarr im cenn Cairbre.
- 1133] Andum lim cesacht ar shluagh
a dénam ní dam is dúal
1134] cosaníu ní dernus riam
a focus na a n-eitercían. {folio 167a1}
- 1135] Ecoir d' Fathod tachair frim
mor lá ro leasaiged lim.
1136] ní do deoin Luighdech Meic Con
do thaicérad frim Fathod.
- 1137] Is leasc leam tachar don treas
giamad lim no ricthe a les
1138] mu ceim as ceim co n-glaine
gu Dubhthor Dháil n-Araidhe.
- 1139] Ochtar is sé fichit fer
do neoch ba dingmala dhamh
1140] do marbad ag Ard Abla
fa Donnghus mac Lánamhna.
- 1141] Tri cét cath do chuir in Fhían
itir tuaid is tes is tíar,
1142] nochar' chuirset riam co sé
en-chath as mó egcaine.
- 1143] An luct-sin do-chuadar dínn
no dhingebhdais a dhá lín,
1144] aniu dá mairdis ar magh
ní h-é Fathod nach finnfadh.
¶ 90
1145]
Ad-rae buaid & bennacht, a Cáilti! ar Pátraic. Is mor
1146]
do maith do canais isin láidh-sin; & scrib sud, a Brogain, ar
1147]
Pátraic, & ro scrib. Is annsin ro fiarfaig
1148]
Caínen mac Failbhe, meic Ferghusa, meic Eogain Mhoir do
1149]
Cháilti: Cait ar' marbad Oilill Olom mac Mogha Nuadat?
1150]
Freagrais Cáilte sin: Marb é do cró-bhainne chumad a {SG page 119} mulluch
1151]
Slébhi Claire thes. Ocus {F§}cait inar' marb Sadb ingen Cuind?
p.33
1152]
ás Cainen§. As marbh Sadb ingen Chuinn do chumaid
1153]
a meic mhór-ghrádhaig .i. Meic Con a Temhraig na
1154]
rígh, ar Cáilte. Cáit ar' marbad Ferchis mac Comáin
1155]
eices? ar Cainén. Urchar, ar se, tuc Ael mac Dergdhuib do
1156]
bhir chruaidh chuilinn dó a mullach Sléibe Crot do dhamh
1157]
allaid, gur' mharbh Feirchis de. Ocus secht meic áilli Aililla,
1158]
ar Cinén, cait a fuaradar bás? Benne Brit ros-mughaig iat
1159]
i cath mhór Mhuighi Mucramha ria mórshochraidi Meic Con.