Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 41


467] ‘Ad-rae buaid & bennacht, a Cháilti!’ ar Pátraic: ‘as urgairdiugud
468] menman & aicenta dhúin sin.’
469] Ocus nír chian dóibh (ann co) facadar in t-aen-óclách andes
470] gach n-direch dá n-inn(saigid co n-degh-éc)usc. Brat corcra uime,
471] dealg óir isin bhrut, (léine d)o shída bhuidi re grian a chnis,
472] urtlach {folio 162a2} do chnóibh corra cenn-bhuidhi & d' ubluibh
473] áille ór-bhuidhi leis, & cuiris ar lár a fiadhnaise Pátraic. ‘Can asa
474] tucais in cnuasach, a mhacáim?’ ar Pátraic. ‘A Fidh
475] gég-áluinn Gaibli
’, ar esium. ‘Carsat comainm-siu, a ógláich?’
476] ar Pátraic. ‘Falartach mac Ferghusa misi’, ar sé. ‘Cidh as
477] duthaig duit?’ ar Patraic. ‘Ríghi Tuath m-Breg & Midi &
478] Déisi Temhrach as dual damh’, ar in t-óclách, ‘& foghlaid &
479] díbercach mhé.’ ‘Cia ar a n-déne foghail?’ ar Pátraic. ‘Derbbráthair
480] damh féin, Bécan mac Fergusa.’ ‘Do dhuthaig duit
481] co gairit’, ar Patraic. ‘Forchenn air, a naeim-chléirigh’, ar an
482] t-óclách. ‘Isin bliadain a tám’, ar Pátraic: ‘can asa tucais in
483] cnuas?’ ar Patraic. ‘Ro fedar-sa ám’, ar Cáilte, ‘cáit asa tucad:
484] is a Ros meic Treoin a Fidh Gaible anall, & lubh-ghort sealga
485] h-é do bhi ag óglach grádha d' Finn mac Cumaill .i. Mac Lugach
486] láidir láin-échtach.’ ‘Maith a anum’, ar Pátraic, ‘is annsin atá
487] fer gráda dom muinntir-se .i. Cessán mac ríg Alban, & sacart
488] méisi dam-sa h-é.’ ‘Lubh-ghort sealga don Fhéinn sin’, ar Cáilte.

p.15


489] & in trath ticedh dochma shealga don Fhéin idir Eirinn & Albain
490] do gheibhdís a n-daethain sealga re teora la & re teora aidche
491] a Ros meic Treoin.

¶ 42

{SG page 105}
492] Cáilte cecinit:
    1. 493] Cluain Cesáin ro clos amach
      cus' tathaighedh Mac Lugach,
      494] ba Ros meic Treoin, forumh n-grind
      fria ré thuidechta In Táilcinn.
    2. 495] Gidh cantar na sailm fa sech
      i Cluain Cesáin na cléirech,
      496] do-connac in cluain creamhaig
      fo damraid rúaid róireabaig.
    3. 497] Gé atá léighenn uas in linn
      do bhí tan nár' bhó toillcill,
      498] ba fót abla is snáma a sruth
      adhbha cána in chluain chreamuch,
    4. 499] Táinic in tarrngairi áigh
      táilginn treabsat Clúain Cesáin,
      500] adubairt Finn fial failgech
      cumadh neimhedh naem-ainglech.
    5. 501] Menic sinn 's ar coin fa sech
      a n-diaidh dhamhrad n-óc n-uaibrech
      502] ar laeich ar n-gadhair co h-uain
      ac faghail um an caemh-chlúain.
    6. 503] Tri fichit rigan gu recht
      bátar acum i n-aoin-fhecht,
      504] do-ghnínn a leasa uili
      fa mé an cleasach cluannuidi.

¶ 43


505] ‘Gá trath do ló ann anois?’ ar Pátraic. ‘Is fogus d' adhaigh
506] ann’, ar Beneoin. ‘In táinic ar proinn fós cuca(inn?)’(ar
507] Patraic). {folio 162b1} ‘Ní tháinic ón’, ar Beneoin. ‘A anum, a
508] naem-Pádraic’, ar Fulurtach mac Fergusa, ‘do-bherainn-se eolus
509] duit in bhaili i fhuighbhithea proinn & tomultus anocht.’ ‘Cá
510] h-inad sin?’ ar Pátraic. ‘I tigh Becain mu bhráthar féin a
511] tuathaib Breg & Midhe.’

¶ 44


512] Ocus luidhset cléirigh roim Pátraic co tech Bécáin, & ailis
513] Beneoín feis air
, & is amlaid ro bói sein, & ocht fichit
514] finn-airge aigi, & érais um biadh iat. Ocus táinig Benén & na
515] cléirigh ar cúl, & indiset scéla do Phátraic. ‘As ced limsa’,
516] ar Patraic, ‘a bh-fhuil aigi-sium do chrudh & do mhuinntir gan
517] élaithech a m-bethaidh amárach dhíbh’, & ro fírad an ní-sin,
518] ut dixit Patricius:
    1. 519] Becan
      ní rab ilar a tredan,
      520] oiret rabh grian ar deiseal
      ní rab seiser d' óibh Bécán.

¶ 45


521] Is annsin ro shluic in talam uili a n-aein-fhecht Becan cona
522] mhuinntir & cona mhaithius idir mhíl & duini. ‘Feis dithat na
523] h-aidhche anoct uaim-si duit, a naeim-chléirigh’, ar Fulartach
524] mac Fergusa, ‘.i. nái m-bai fichit atá ac biathadh mu ceitheirne

p.16


525] acum anallana ar fogail & ar dibfeir(g).’ ‘Rígi uaim-si duit-si
526] ó mhedhón lái amárach’, ar Pátraic, ‘& dot' shíl ad' deghuid
527] no gu ticthe risin eclais.’ Ocus do cuired Becan a talam mar sin,
528] & dofuc Patraic rígi d' Fhulartach. Conidh Díth m-Bécain ainm
529] in sceoil sin.

¶ 46


530] Is and sin ro fhiarfaig Pátraic do Cháilte: ‘ga lín m-bráthar
531] do bhi ac Finn?’ ‘Do bátar dá bráthair aige’, ar Cáilte, ‘ocus
532] nírb' urdrucu Find innait
.i. Fithal & Cithrumach.’
533] Cailte cecinit:
    1. 534] Diamair ar senchaidi sund
      na trí meic do bhi ag Cumull,
      535] Finn ocus Cithramach den
      ocus Fithal na b-filed.

¶ 47


536] ‘Cia dhar' Mac Lugach ro fhiarfaiges díd aréir?’ ar Pátraic.
537] ‘Robudh ceist ar neach eli sin’, ar Cáilte, ‘& ní h-edh orum-sa.
538] M(ac) do Daire Derg mac Finn’, ar Cailte, & do Lugaig ingin
539] Fhinn .i. ingen dílius aindílius do bhí ac Finn, & tucsat in
540] bantracht uili luighi cor' ingen dilius d' Finn h-i, & do comraic a
541] derbbráthair féin ria iar n-ól (cor)ma i Temhair Luachra, &
542] do-rindi {folio 162b2} in mac-sin ria .i. Mac Lugach, & ro bí
543] co cend nái mís torrach and, & tancatar bressa brighi & ella
544] do h-indsaighid, & rucustar gein meic ann
, & in adaig
545] rucad an mac táinic Finn & tri catha na Féinne don bhaile,
546] & athair in mheic .i. Daire Derg, co Temhair Luachra, & do
547] h-indisedh dhoibh sin. ‘As gáine leam’, ar Finn, ‘ór as mac
548] rucad ann, & da mad ingen ro budh olcc a breith di-si dá derb-
549] bráthair.’

¶ 48


550] ‘Adrae buaid & bennacht, a rígh-fhéinnid!’ ar cách. ‘As
551] buadhach in t-ainm tucuis air .i. Gaine.’ Amail as-bert in fili:
    1. 552] Gaeine ainm Meic Lugach luinn
      Daire a athair ós gach druing,
      553] Cú Muighi ainm Meic Rethe
      Briuin a athair Dairethe.

¶ 49


554] Tucadh a n-ucht Finn in mac iar-sin, & tuc Finn i n-ucht
555] Moingfhindi ingine Dubáin .i. bain-céle d' Finn, & as í ro thócaib
556] ocht cét sciath-armach don Fhéinn, & ro ail in mac-sin cur' bha
557] slán a dhá bliadain déc, & tuc a dhaethain airm & éidid dho
558] ann, & táinic roime co Carraic Chonluain, cu cenn Sléibi Smóil
559] meic Edleacair
, risi n-abar Sliabh Bladma aniu, airm i raibhi
560] Finn & in Fhian, & táinic a b-fiadnaisi na flatha Féinne, & ferais

p.17


561] Finn fir-cháine bh-fháilte fris, & do-rindi in mac a coraigecht &
562] a mhuinnterus re Finn & tuc a láimh i laimh Finn, & do bhí
563] re bliadain isin Féin, & do-righne lisdacht mhór risin Féin in
564] bliadain-sin, & ní mó iná fine naenbair don Fhéin ro soichedh
565] (do) ghuin muicci nó fhiadha ocun gilla-sin, re taoib bhuailti
566] a g-con & a n-gillanraidi.

¶ 50


567] Is annsin tángatar in Fhiann cu Ros in Fhéinnedha ar
568] brú Locha línide Léin tes, & ar rochtuin do trí cathuibh na
569] Fénne conuice sin do-rónsat casait Meic Lugach re Finn. Ocus
570] adubratar trí catha na Féinne: ‘Do rogha duit, sinne acut nó
571] Mac Lugach a aenar.’