Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
p.1
{folio 159a1}{SG page 94}¶ 1
1] Ar tabhuirtt chatha Chomuir & chatha Gabra & chatha
2] Ollurbha, & ar n-díthugud na Féindi, ro scáilset iar sin ina
3] n-drongaibh & ina m-buidhnibh fo Eirinn co nár' mhair re h-amm
4] na h-uaire-sin díbh acht madh dá óclách maithe do dereadh na
5] Féinde .i. Oisín mac Find & Cáilti mac Crundchon, mhic Rónáin
6] ar scíth a lúith & a lámhaigh, & dá naonmar óclách maraon
7] riú, & táncatar in dá naonmar laoch sin a h-imlibh Shléibhe
8] Fuait fond-scothaigh foithremhail co Lughbhartaibh Bána amach,
9] risa n-abar Lughbhudh isin tan-so, & do bhádar co dubach do-mhenmnach
10] ann re fuinedh néll nóna in oidchi-sin.¶ 2
11] Is annsin adubairt Cailte re h-Oisín: maith, a anum, a
12] Oisín, cá conair no rachmais riá n-deóidh laoi d' íarraidh áighedechta
13] na h-oidhchi so? Ní fhetar ón, ar Oisín,ó nach maireann
14] do shenaibh na Féinde & do shen-mhuindtir Fhind mhic Chumhaill
15] acht triar amháin .i. misi & tusa, á Cháilti, & Cámha in bhanfhlaith
16] & in ban-choimétaidh ro bhúi ac coimhét Fhind mhic Cumhaill
17] ón uair fa macaem h-é gusin laithe a fuair bás. Dligmít
18] feis dithat na h-aidchi-so di, ar Cáilte, uair ní h-éiter a rímh
19] ná a aisnéis in mhéit ro thoirbir in flaith-féindidh Find di-si do
20] shétaibh & do mháinibh re taobh in treas sét is ferr fuair Find
21] riam do thabairt di .i. in t-Anghalach, cornn tuc Moríath ingen
22] ríg mhara Grég do Fhind, & tuc Find do Chámha.¶ 3
23] Ocus fuaradar feiss na h-oidchi-sin ac Cámha, & ro fhiarfaig
24] díbh a n-anmanda, & ro indsetar di, & ro chái annsin
p.2
25] frasa díchra dér, & ro fhiarfaigset scéla d' aroile ainn-séin, & táncatar
26] iarsin isin teach leaptha ro h-órdaiged dóibh, & ro bhói
27] in bhanfhlaith .i. Cámha, ac órdugud a cotach .i. núa cacha
28] bídh & sen cacha dighi, do thabairt dóibh: uair rob aithnídh
29] di-ssi mar do biadtái a samhla-sumh, & rob aithnidh di fóss
30] in ní bud dáoithin d' Oisín & do Cháilti co menic roime-sin. Ocus
31] ro éirigh sí co h-anmfhann étláith, & ro bói ac imrádh na
32] Féinde & Fhind mic Cumaill, & táin(ic sí) tar imrád Oscair mhic
33] Oisín & tar Mac Lugach, & tar chath (Gabra & aroile). Ocus
34] ro mhuidh tocht mór orro-sumh uime-sin.¶ 4
35] (Is annsin ad)ubairt Cáilte: ní doilghi linde anois iná
36] mar {folio 159a2} as éicin dúind in dá nónbar itamáit do deredh
37] na muindtire móire maithi-sin do scaradh & do scáiledh ó chéile.
38] Ro freacair Oisín sin: dar mo bhréithir ámh, ar sé, ní fhuil
39] indum-sa níth ná nertt ina n-deaghaid-sin. Ocus gérsat calma na
40] fer-ógláigh ro cháisetar co dubach dobrónach do-mhenmnach
41] maraon risin m-banfhlaith .i. re Cámha.¶ 5
42] Tucad a n-daoithin dighi & míre dhóibh, & ro bhátar teora
43] lá & teora oidchi annsin, & do cheileabairset do Chámha iarsin,
44] & ro ráidh Oisín:
- 45] Is toirrsech indíu Cámha
do-rála i cind a snámha.
46] Cámha gan mac is gan h-úa
do-rála conadh senrúa. 1
47] Is andsin táncatar rompu assan bhaile imach aran fhaithche
48] b-féraigh, & gníset comairle annsin, & as í comhairle do-rónad
49] accu ann, scarad re chéile; & ba scaradh cuirp re h-anmain a
50] scarad. Ocus do-rínset amhlaid-sin, uair do-chuaidh Oisín co
51] Sídh Ochta Cleitigh, bhail a raibhe a mháthair .i. Bla inghen
52] Déirc Dhianscothaig, & téit Cáilte roime co h-Inhdber m-Bic
53] Loingsigh a m-Bregaibh, risi-ráidter Mainistir Droichit Átha isin
54] tan-so .i. Bec Loingsech mac Airist i-torchair ann .i. mac ríg
55] Rómán táinic do ghabháil Eirenn co rus-báidh tonn tuile ann h-é
56] & do Lind Fheic ar Bóind bhán-srothaigh, & tar Sen-Breaghmaigh
57] bhudhes, & co Ráith Droma Deirc, áit i r-raibe Pátraic mac Alpraind.¶ 6
58] Is annsin do bhói Pátraic ac cantain na canóine coimdheta,
59] & ic etarmholadh in Dúilemhun, & ic bendachadh na rátha a
p.3
60] roibhe Find mac Cumaill .i. Ráith Droma Deirc. Ocus at-conncatar
61] na cléirigh dá n-indsaighi iat-sum, & ro ghabh gráin & egla iat
62] roimh na feraibh móra cona conaibh móra leo, uair nír' lucht
63] coimhré na comhaimsire dóibh iatt.
64] Is and sin do éirigh in t-éo flaithemhnais & in t-uaithne
65] airechais & in t-aingil talmaide .i. Pátraic mac Alprainn .i.
66] apstal na n-Gaoidhel, & gabhus in t-esríat do chrothad uisci
67] choisrictha ar na feraibh móra, uair ro bhúi míle léighionn do
68] dheamhnaibh uas a ceannaibh conuic in lá-sin, & do-chuatar na
69] demhna i cnocaibh & i scalpaibh & i n-imlibh na críche & ind
70] orba uatha ar cach leath; & do shuidhedar na fir mhóra ina
71] dheagaidh-sin.¶ 7
72]
Maith a m' anum, ar Pátraic ré Cáilte, (cia) comainm
73]
thú, a ócláigh? Cá(ilte) mac Crundchon mic (Rónáin) misi,
74]
ar se, .i. mac óglaigh do muinntir Fhinn meic Cumáill mhé.
75]
Ro bádar (na cléirigh) {folio 159b1} ac ingantus mhór
76]
acá féghadh re tréimhsi chian,{SG page 96} & ní roiched acht co tana a
77]
tháibh nó co formna a ghualand in bh-fer ba mó dona cléirchibh
78]
don fhir dhibh-sin & iat ina súidhi.¶ 8
79]
Athchuinghidh dob áil lium-sa d' iarraid ortt, a Cháilti,
80]
ar Pátraic. Dá rabh ocum-sa do niurt nó do chumung sin
81]
do-ghébthar, ar Cáilte; ocus abair cidh edh h-í. Topar
82]
fír-uisci d' fhagbáil inar b-fhocus annso, assa fhétfamáis tuatha Breagh
83]
& Midhi & Uisnigh do baistedh, ar Pátraic. Atá ocum-sa
84]
dhuit-si sin, a uasail & a fhíreoin! ar Cáilte. Ocus táncatar
85]
rompu tar cladh na rátha a(mach), & ro gab-sum lámh Pátraic
86]
ina láimh, & ní deachadur acht náoi sbáis ón dorus amach
87]
an tan it-conncatar in loch-tobar grinn glainidi ina fhiadhnaise,
88]
& ba h-adbal leo mét & reime in bhilair & ind fhochluchta
89]
ro bhói fair, & do bhói ac tabairt a thesta & a thuarascbhála, &
90]
adubairt Cáilte in laoidh ann:
- 91] A thobuir Trágha Dhá Bhan
álaind do bhilar barr-ghlan.
92] ó ro tréigedh do chnuas ort
nír' léiced fás dot fhochlocht,
p.4
- 93] Do bric ód bruachaibh amach
do mhucca allta i t' fhásach,
94] doimh do chrega cháin sealga
do láigh breacca broind-dearga.
- 95] Do mhes ós bharraibh do chrand
t' iasc a n-indberaibh th' abhann,
96] álaind lí do ghas n-geghair
a ghlas uaine fhoithremhail!
- 97] Is uait do-chuadar in Fhiann
dar' marbad Coinchend coimfhial,
98] dar' cuiredh ár Féinde Find
isin mhadain ós Maolghlind.
- 99] Uait do-chuaidh Fathadh na fhledh
ba laoch do fhuilnged imned,
100] dá fhuair rath in talman toir
dar' marbhadh i cath Chlároigh.
- 101] Táinic ós cind in tobair
Blaói ingen Deirc Dhianscothaigh
102] gol ard con atha aicci
dar' cuiredh cath Confaiti.
- 103] A(r) marbadh chon ocus fer
ar n-athchuma laoch láin-gheal
104] co cuala glaodh Gharaidh ghlain
adhaigh re taobh in topair.
¶ 9
105]
Maith, ar Pátraic, in táinic ár próind & ár tomhaltus
106]
chucaind fós? Táinic ón, ar Easpac Sechnall. Roind ár
107]
próind, ar Pátraic, ocus tabair a leth don naonmur óclách
108]
mhór út, d' iarsma na Féindi. Is annsin ro éirghidar a
109]
espoic & a shaccairt & a salmchétlaidh, & ro choisricsat in biad,
110]
& tucait a n-éna & a n-íbair-lestair dá n-ionnsáighidh,
111]
& ro thó(mals)at a lór-da(e)thain bídh & lenna {folio 159b2}, amail
112]
ba les anma dóibh.¶ 10
113]
Is annsin adubairt Pátraic: nár' maith in tigerna icá
114]
rabhuir-si .i. Find mac Cumaill? Ocus ro ráid Cáilti in formolad
115]
bec-so and sin:
- 116] Dámadh ór in duille donn
chuiris di in caill,
117] dámad airget in gheal-tonn
ro thidhluicfed Find.