Corpus of Electronic Texts Edition
Aided Muirchertaig Meic Erca (Author: Unknown)

Section 41


765] Éirgidhsein co dian iar sin & tic d'iaraidh a airm & ní fhuair nech dá fhreagra. Téit in ingen amach asin tigh & téit sin ina degaidh fo chétóir & tacraidh sluagh ina ucht co ndechaidh trít co comthrom. Impóidh ón dorus arís dochum a leptha. Do-chuadar na slóig amach
770] faí sin & ní thérnó nech díb gan guin nó gan loscadh.

Section 42

Tánic in rí iarum dochum in doruis dorísi & bátar na smóla & na casracha teinedh etair é & an dorus. Ó ro lín an teine in dorus & an tegh uili 'ma chuairt, & nach fuair dín uirre, téit isin dabaigh fhína ocus báitir innti
775] é ac dul fúithi gach re n-uair ar omun na teined. Tuitig in tech ina chenn iar sin & loiscther cóic troighthi de & aincidh in fín a chorp gan loscadh ó shin amach.

Section 43

Ó thánicc in maiden arnamárach, tiaguid na clérich 'na agaidh .i. Masán & Casán & Crídan, & berid in ríg leó
780] gusin mBóin & do-gniat34 a thonach indti.

Section 44

Do-roich dano Cairnech co n-a manchaib cuca faí sin & do-righnesein toirrsi mór ica écaíne & buí ac tabairt a thesta. Atbert: ‘Esbaidh mór do {MS folio H 253b}Érinn aniú Mac Erca .i. in cethramadh nech is ferr ro thechtaidh Ére
785] gan chlesaigecht & gan chumachta .i. Muirchertach mac Erca & Niall Noíghiallach & Conn Cétchathach & Úgaine Mór.35

    1. {MS Y folio/facs page 318/317b}Saegal Meic Erca is eól dam,
      ní bec mbliadan ria fégad

      790] ón aidche ro chin a ch
      nó co ndechaid ar nefní.

    2. p.28

    3. Deich mbliadna dó i tig in druad
      Saignen co n-ilar a buar,
      anfad mara36 ros fulaing

      795] Muirchertach in trén-chumaing.
    4. Dá bliadain dó i tig in ríg
      Muiredaig móir, maith a díl,
      co ndechaid fri brón cen brath
      darb imnedach Muiredach.

    5. 800] Dá chert bliadain dó for beirt
      i tig Loairnd dó ag Eirc,
      do Muirchertach cen gainne,
      nó co nderna fingaile.
    6. Fiche bliadan 's a deich

      805] i mBretnaib, ní himargó,
      frisin ré sin ro theachtaig
      Saxain & slóg-Bretnaig.
    7. A cind deich mbliadan iar sin
      tinólaid, tenn in togail,

      810] Saxain is Bretain cen brón
      dochum nÉrenn a tinól.
    8. Fiche bliadan dó co tenn
      i rígi thuaiscirt Érenn
      i foirb in athar ór gein

      815] Muiredaig móir meic Eógain.
    9. Ba ríg for Érinn uile
      Ua hEógain in t-ard-ruire
      cóic bliadna fiched cen chel
      nó gur gerrad a shaegol.
    10. S. meic E.


p.29

Section 45


820] Tógbaithir in corp le Cairnech iar sin dá breith co Tuilén dia adnacul ann.

Section 46

Do-rala Duaibsech .i. ben Muirchertaig dona clérchib iar sin & in corp eturru & do-rigneséin nuall guba móir toirsig & ro buail a basa & do-beir a druim iarum
825] frisin mbile i nÓenach Réil
& ro mebaid cró-maidm dia craide 'na cliab & fuair bás fo chétóir ann sin do chumaid a fir . Tucsat na clérig corp na rígna iar sin ma-róen & corp in ríg 37 conid ann asbert Cairnech:

    1. Duaibsech ben maith Meic Erca,

      830] claiter lib sunn a lechta,
      ingen ríg Connacht na clann
      ór gein Fergus is Domnall.
    2. Cuirter Duaibsech fán ulaid,
      dursan a héc do chumaid,

      835] ingen Duach, claiter a fert
      co raib sunna chaidche a lecht.
    3. Cóic bliadna fiched dóib trell
      i n-ard-fhlaithius na hÉrenn
      nó gur chuir in ríg dár leth

      840] máthair a chloindi Duaibsech.
    4. D.

Section 47

Adnaicthir in rígan iar sin & claitir a fert. Adnaicthir didiu in ríg i fail in tempaill allatuaid & ro bí Cairnech ic tabairt teasmolta in ríg co n-ebairt in laídsi:


    1. 845] Feart ríg Ailig biaid co bráth
      a Tuilén atchluinfe cách,
      for Sligid Asail co buan
      sunn fa chasaib na mór-shluag.

    2. p.30

    3. 38Ba maith cech sligi re lind,

      850] Muirchertach hua Eógain fhind,
      ní thánic Érind cen fhell
      airdríg bud churthe 'na cheann.
    4. Trícha traiged airdi in fhir
      Muirchertaig 39aird-ríg Oilig,

      855] ní thicfa dá éis co becht.
      neach ro-shoisead a ríg-neart.
    5. Cóic traigthi fichet co fír
      tánic sunn do chorp in ríg,
      cóic traigthi ro loisced de

      860] nach ráinic fín na daibche.
    6. 40Giall ar éicin ní bia ag neach
      do shíl in ríg a hAilech,
      bid eagail in cech treib teind
      cen cob é bes for Érind.

    7. 865] Éire mór don chléirech crín
      pecad Meic Erca do díl,
      is cian bus cumain rem lá
      beith ag fégad in fherta .
    8. F.

Section 48

Ó thairnic dona clérchib in t-adnacol {MS Y folio/facs page 319/318a} do dénum
870] co facadar chucu in óen-mnaí n-álaind n-édroicht, brat uaine co n-a chimais ór-shnáith impe. 41Léine do shída shoinemail impe. Do-riacht iarum mara rabadar42 na clérig & bennachais dóib & bennachsat didiu na clérig disi & ro airigset gné mbróin & toirsi fuirri & do-ratsad
875] aichne fuirri conad hí ro mill in ríg ro bí Cairnech ic iarfaigid scél di43 & atbert:


p.31

    1. Innis dún do bunad,
      a ingen gan dubad,
      do-rignis ar pudar

      880] cid álaind do chorp;
      ro marbais ríg Temrach
      co n-ilar a theaglach
      tria gním n-uathmar n-olc.

  1. Innésat mo scéla

    885] ní dingén a séna,
    a chléirchiu co n-érgna,
    d'imlat ar mo chorp
    tabair nem dom anmain
    co n-érbur duib amlaid

    890] a ndernus co hangbaid
    for talmain na tor.

  2. Dá ndernasa, a ingen,
    faísidi na n-imned
    is aithrigi rind-geal

    895] mar atbéra sinn,
    logad do cach duine
    do-béram-ne uile
    ó aird-ríg na n-uile
    dia tuca féin ind.

  3. Innis

Section 49


900] Ro bátar na clérig iar sin ica iarfaigid di cúich hí féin nó cia a hathair nó a máthair & cia cúis do bí aice don ríg in uair ro mill sí mar siúd hé. ‘Sín m'ainmsi,’ ol sí, ‘& Sighi mac Déin meic Triuin m'athair, & Muirchertach mac Erca’, ol sí ‘ro marb m'athair & mo máthair & mo derbráthair
905] & mo derbshiur i ccath Chirb for Bóinn & ro 44dicheann Sentuatha Temrach & m'atharda uile isin cath sin fós,’ conad ann asbert:


p.32

    1. Abair, a Shin, rád gan chair,
      tacair co fír cia h'athair,

      910] nó cía rot tógaib, a ben,
      nó cia 'gá fuil do muinntear.

    1. Ingen misi Shige sheing,
      do thuaith Temrach ós Bóind,
      ní chél foraib, rád co fír,

      915] tucusa sib i n-imshním.
    2. Muirchertach ro marb m'athair,
      ro roind mór fadb i cathaib,
      i cind Átha Cirb co-se
      frisi ráitir Áth Sige.

    3. 920] Sigi ba suí i certaib cles
      do-rad sochaide i n-ainceas,
      a dingbáil i comland chruaid
      ní raibe i mBanba brat-ruaid.
    1. Nirb annsa duit t'athair féin

      925] iná Muirchertach hua Néill
      nocha tréicfed tú re lind,
      a ingen builig bláth bind.

    1. Atbélsa féin dia chumaid,
      ríg uasal iarthair domain,

      930] i cinta na n-imned tenn
      tucus for aird-rig Érenn.
    2. Do-rignius neim dó mo nuar
      do fhorraig ríg na saer-shluag,
      resíu do-neind beith a bus

      935] dursan ná'n éc do-chuadus.

    3. p.33

    4. Ráithi damsa ma-lle fris
      nó co torchair i n-éislis,
      dia éis ní bíu co fada,
      atá dam, a mór-abba.

    Abair.

Section 50


940] Do-rigne a faíside iar sin do Chairnech & do-rigne aithrigi ndíchra co Dia, amail ro tecaiscead di, & do-chuaid do réir Chairnig & fuair bás fo chétóir and sin do chumaid in ríg & atbert iarum Cairnech fert do dénum di, & a cur fo thuind talman. Do-rigned iarum amail asbert in
945] cléirech 45& dixit:

    1. Sín nírb inmain a dála
      gus in laithisea a táma,
      fuaramar a holc co fír
      do-rad sinn chaidche i n-imshním.

    2. 950] Cuirter fa thalmain a cré,
      folaigter a corp46 cen ré,
      ní thánic a corp ná a clí
      nach traethfad ingen Shigi.
    3. Sige nír fher cen engnam

      955] i cind átha rob earlam,
      i Temraig nir maith a díl
      'gá chliamain gur dígail Sín.
    4. S.